Nuacht an fhómhair – 2018

Tá tús curtha le scéim na gCúntóir Teanga ón 3 Meán Fómhair i mbunscoileann agus i meánscoileanna Chúige Mumhan go léir. Gabhaimid buíochas leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta as an maoiniú a chur ar fáil aríst i mbliana. Beidh teacht le chéile ag Cúntóir Teanga na Mumhan ag tús mhí na Samhna chun […]

Mar a déarfá!

http://www.maradearfa.ie/ : – an rud is mó agus is fearr fé  Mar a Déarfá! ná go bhfuil sé dírithe ar riachtanais – agus ar bhuanna – an chainteora dhúchais Gaeilge. Díríonn sé isteach ar an gceangal idir na fuaimeanna a dhéanann an cainteoir dúchais ina theanga laethúil féin agus a bhfoirm scríofa. Is fiú am a chaitheamh […]

Teacht le chéile – 2017

Teacht le chéile 2017 (i)  Dé Céadaoin 18 Eanáir – Plé Ginearálta ar an Scéim – Polasaí don Oideachas Gaeltachta – Sealbhú agus Saibhriú na Teangan le Aoife Ní Chonchúir   (ii) Dé Luain 27 Feabhra – Clár Feasachta ar Chosaint Leanaí le Debra Ní Shúilleabháin. (Riachtanach go bhfreastalódh gach Cuntóir ar an seisiún seo)  

Scéim na gCuntóirí Teanga

Cúis áthais d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne go bhfuil Scéim na gCuntóirí Teanga ceadaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go ceann bliana eile. Beimid i dteagmháil leis na Cuntóirí agus leis na scoileanna sna laethanta romhainn.

Dátheangachas ag déanamh leas an Bhéarla sa Ghaeilge

http://www.rte.ie/news/nuacht/2014/1120/660920-datheangachas-ag-deanamh-leas-an-bhearla-sa-ghaeilge/ Léiríonn taighde nua go bhfuil daoine óga sa Ghaeltacht, arb í an Ghaeilge a dteanga baile, níos cumasaí sa Bhéarla ná sa Ghaeilge de réir mar a théann siad in aois. Tugann an taighde le fios go bhfuil dátheangachas éagothrom ag dul i gcion ar dhaoine óga sa Ghaeltacht, agus nach dtagann an forás a […]

Scéim ceadaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Fáiltíonn Oidhreacht Chorca Dhuibhne roimh an nuacht go bhfuil Scéim na gCuntóirí Teanga ceadaithe ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta don scoil bhliain 2014/2015 arís i mbliana. Beidh Cuntóirí Teanga ar ais i mbun oibre i mbunscoileann agus i meánscoileann na Mumhan ón Luan seo, 15 Meán Fómhair 2015. Corca Dhuibhne Féile na nÓg […]

Nuacht

In Óstán Dromhall (in aice Óstán Randles) a bheidh an teacht le chéile again amárach. Beidh Ceardlann lae againn Déardaoin 9 Eanáir in Óstán Randles i gCill Airne do Chuntóirí na Mumhan. Beimid ag teacht le chéile ar a 10.00am. Tabharfaimid an mhaidin ag caint ar chúrsaí Scéalaíochta le Nóra Marie Ní Mhurchú agus pléifimid […]

Seoda

Seoda Clúdach Cnuasach beag scéalta, amhráin, ceoil, tomhasanna agus filíochta atá i Seoda a chuirfidh le saibhreas teanga ógánaigh Chorca Dhuibhne. Is le maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a deineadh Seoda mar chuid den gClár Tacaíochta Teaghlaigh.