Ceisteanna comónta

Tá na ceisteanna agus na freagraí atá tugtha anso thíos bunaithe ar an ábhar a foilsíodh sa leabhrán Scéim na gCúntóirí Teanga, Ról an Chúntóra Teanga. Tá an leabhrán so ar fáil ina iomlán anso.

Tá sé i gceist go mbeadh an cúntóir teanga ag obair lámh ar lámh leis an múinteoir ranga (bunscoileanna) nó an múinteoir ábhar (iar-bhunscoileanna), agus leis an múinteoir tacaíochta don Ghaeilge de réir mar is cuí chun tacú leis na spriocanna teanga agus na torthaí foghlama atá le baint amach.

 

Tá ról tábhachtach ag an gcúntóir teanga chun tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge sa scoil agus tacú le saibhriú scileanna cumarsáide agus forbairt foclóra na gcainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí araon tríd an scéalaíocht, rímeanna, rainn, nathanna cainte saibhre, drámaí beaga, agallamh beirte, lúibíní, díospóireachtaí, cluichí teanga a imirt agus trí threisiú na n-ealaíona dúchais go ginearálta.

Moltar do gach scoil ról an chúntóra teanga a phlé le foireann na scoile ina iomláine d’fhonn a chinntiú go bhfuil comhthuiscint ann maidir
le gníomhaíochtaí a eagrú chun an teanga a shealbhú agus a shaibhriú i measc na ndáltaí/scoláirí, agus obair an chúntóra teanga a chur san áireamh mar chuid de phróiseas féinmheastóireachta agus pleanála feabhsúcháin na scoile.

 

Is féidir le scoileanna grúpaí éagsúla daltaí/scoláirí a roghnú chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil dóibh de réir a riachtanas teanga. D’fhéadfaí na grúpaí sin a athrú i rith na bliana, ar bhonn rothlaithe, mar shampla, bunaithe ar aiseolas ón mhúinteoir ranga/múinteoir ábhar agus ón mhúinteoir tacaíochta don Ghaeilge i gcomhar leis an bpríomhoide.

Moltar do gach scoil i gcomhar leis na heagrais riartha, de réir mar a oireann, tuismitheoirí/caomhnóirí a chur ar an eolas i scríbhinn faoin obair a bheidh ar siúl ag an gcúntóir faoi stiúir an mhúinteora ranga. Is faoi bhoird bhainistíochta gach scoile a bheidh sé aidhm agus cur chuige Scéim na gCúntóirí Teanga a mhíniú do thuismitheoirí agus cead a fháil dá bpáistí an tseirbhís seo a úsáid.

De bharr éagsúlachtaí i bpróifílí teanga na ndaltaí/scoláirí atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta, tá ról lárnach ag príomhoidí agus foirne teagaisc na scoileanna chun an tacaíocht bhreise a chur ar fáil de réir riachtanas teanga na ndaltaí/scoláirí.

 

  • Tá ról ar leith ag príomhoide na scoile eolas ábhartha a roinnt leis an gcúntóir teanga ag leibhéal na scoile uile agus an cur chuige oibre a bheidh ann idir an múinteoir ranga agus an cúntóir teanga a aontú leo.
  • Ba chóir don phríomhoide an bord bainistíochta a choinneáil ar an eolas faoi Scéim na gCúntóirí Teanga agus na cineálacha tacaíochtaí atá á dtabhairt d’fhoghlaimeoirí chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil.
  • Ba chóir an cúntóir teanga a choimeád ar an eolas faoi na gnéithe a bhaineann lena c(h)uid oibre maidir le sealbhú, líofacht agus saibhriú teanga na ndaltaí/scoláirí, mar shampla, ba cheart aird na gcúntóirí teanga a dhíriú ar fheidhmiú na dTáscairí Dea-Chleachtais don Tumoideachas (2020) atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais anso.
  • Ba chóir clár ama a chur ar fáil don chúntóir teanga agus athbhreithniú a dhéanamh air de réir mar is gá.

Moltar go n-aontóidh an príomhoide/múinteoir ranga/múinteoir ábhar na cúraimí a bheidh ag an gcúntóir teanga agus nach n-iarrfaí air/uirthi aon ní a dhéanamh nach dtagann leis an gconradh oibre atá aontaithe acu. Níor chóir, mar shampla, iarraidh air/uirthi:

 

  • freagracht a ghlacadh as ranganna iomlána leo féin

 

  • maoirseacht daltaí/scoláirí a dhéanamh nó freagracht a ghlacadh as cúrsaí iompair leo féin

 

  • freagracht iomlán a ghlacadh as obair na ndaltaí/scoláirí a cheartú, ullmhúchán do scrúduithe, nó scrúduithe a mharcáil

 

  • feitheoireacht a dhéanamh ar ranganna nó scrúduithe leo féin, mar shampla, nuair atá an múinteoir as láthair ná feitheoireacht a dhéanamh leo féin sa chlós scoile.

Cuireann na heagrais riaracháin (Muintearas Teo. agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne) oiliúint leanúnach ar fáil do na cúntóirí teanga maidir le cosaint leanaí, úsáid na meán sóisialta, COVID-19, srl. Is faoi bhord bainistíochta na scoile a chinntiú go bhfuil an oiliúint chuí ag gach duine atá ag obair le daltaí/scoláirí na scoile.

 

Ba chóir don scoil an cúntóir teanga a chur ar an eolas faoi ghnéithe ábhartha den phlean gníomhaíochta feabhsúcháin scoile a bhaineann le ról an chúntóra teanga.

Is í an Roinn atá freagrach as maoiniú, riar agus stiúir a dhéanamh ar Scéim na gCúntóirí Teanga ar bhonn foriomlán, i gcomhar le páirtithe leasmhara de réir mar a bhaineann. Déantar é seo uile mar chuid d’fhorfheidhmiú an Phróisis Pleanála Teanga agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 araon.

 

 

Mar chuid den chúram, déanann an Roinn monatóireacht mar is cuí ar fheidhmiú clár comhaontaithe oibre agus maoinithe i ndáil le riar na scéime sna scoileanna leis an dá eagras atá freagrach as sin a dhéanamh ar son na Roinne (Muintearas Teo. agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne).

Tá ról ag an gCigireacht meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an tsoláthair oideachais i mbunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus in suíomhanna oideachais. Cuireann cigirí comhairle ar fáil ar raon saincheisteanna oideachais do phobail scoile, don lucht déanta beartas sa
Roinn agus don chóras oideachais níos leithne freisin.

 

Tugann an Chigireacht tacaíocht faoi leith d’fheidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus do pholasaithe eile na Roinne.

Acmhainní Nasc
Tuarascáil Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga https://www.gov.ie/ga/seirbhis/sceim-na-gcuntoiri-teanga/
Preasráiteas foilsithe 15/10/2020 – Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga https://www.gov.ie/ga/preasraitis/cb4db-athbhreithniu-ar-sceim-na-gcuntoiri-teanga-foilsithe-ag-an-aire-stait-chambers/
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022 https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/polasai-don-oideachas-gaeltachta-20172022/
Plean Gníomhaíochta 2018-2022 https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/plean-gniomhaiochta-2018-go-2022/
Muintearas Teo, Tír an Fhia, Leitir Móir, Co na Gaillimhe, Tel: +353 (0)91 551145 https://muintearas.com/
Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo, Baile an Fheirtéaraigh, An Daingean, Trá Lí, Co Chiarraí, Tel: +353 (0) 66-9156100. https://www.oidhreacht.ie/
Acmhainní ar líne don Chúntóir http://ancuntoir.ie/
Tús Maith http://tusmaithocd.ie/
Gaeloideachas https://gaeloideachas.ie/home-2/?lang=ga
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) https://www.cogg.ie/
An Roinn Oideachais https://www.gov.ie/ga/eagraiocht/an-roinn-oideachais
Nósanna imeachta maidir le cosaint leanaí do scoileanna https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/13ad08-none/
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán https://www.gov.ie/ga/eagraiocht/an-roinn-turasoireachta-cultuir-ealaion-gaeltachta-spoirt-agus-mean/
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath https://www.dcu.ie/