http://www.rte.ie/news/nuacht/2014/1120/660920-datheangachas-ag-deanamh-leas-an-bhearla-sa-ghaeilge/

Léiríonn taighde nua go bhfuil daoine óga sa Ghaeltacht, arb í an Ghaeilge a dteanga baile, níos cumasaí sa Bhéarla ná sa Ghaeilge de réir mar a théann siad in aois.

Tugann an taighde le fios go bhfuil dátheangachas éagothrom ag dul i gcion ar dhaoine óga sa Ghaeltacht, agus nach dtagann an forás a mbeadh súil leis ar a gcumas sa Ghaeilge.

Uileláithreacht an Bhéarla agus an iomaíocht éagothrom idir an dá theanga is cúis leis seo, a deirtear.

____________________________________________________

Achoimre ghairid: 

– Daltaí idir 7 agus 12 bliain

– Buntáiste 15% ag Béarla ar Ghaeilge

– Cóimheas cumais 7 : 3 

– Uileláithreacht an Bhéarla 

– Gaeilge measctha le Béarla á labhairt

– Gá le léitheoireacht Ghaeilge

– Gá le gréasáin shóisialta Ghaeilge

____________________________________________________

Cé gurb í an Ghaeilge a dteanga baile, léiríonn an taighde go bhfuil buntáiste 15% ag a gcumas Béarla ar a gcumas Gaeilge.

Léiríonn anailís ar struchtúir theangeolaíochta inchomparáide sa dá theanga go bhfuil buntáiste cóimheasa ag an mBéarla ar an nGaeilge de 7 : 3.

Léiríonn an taighde freisin go bhfuil an Béarla ag dul i gcion go mór ar chineál na Gaeilge a labhraíonn páistí. Gaeilge measctha le Béarla atá i gceist.

Is sna scoileanna is mó a bhfuil Béarlóirí iontu is laige atá an cumas Gaeilge ag na ndaltaí.

Tá an staidéar nua – Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: an sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta – foilsithe inniu ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Seo é an chéad taighde comparáideach dátheangach dá shórt a rinneadh in Éirinn. Bunaítear an anailís ar chaint 50 dalta – idir 7 agus 12 bliain d’aois – ina dhá dteanga, agus iad ag reacaireacht agus i mbun tástálacha cumais teanga.

Dar leis na taighdeoirí, is léirú é an míbhuntáiste teangeolaíochta seo ar an míbhuntáiste sochtheangeolaíochta sa Ghaeltacht agus labhairt na teanga ag meath, fiú sna ceantair sin ina mbíodh sí á labhairt go forleathan go dtí le deireanaí.

Le cumas sa Ghaeilge a chothú, molann na taighdeoirí múnla uaillmhianach tumoideachais bhreisithe. Deir na taighdeoirí go bhfuil an múnla oideachais sa Ghaeltacht faoi láthair éiginnte.

Moltar go gcothófaí an léitheoireacht Ghaeilge i measc páistí sa Ghaeltacht lena bhforás teangeolaíochta a neartú.

Moltar freisin go gcothódh tuismitheoirí gréasáin shóisialta Ghaeilge dá gclann, a ligfeadh do na páistí an oiread feidhme a bhaint as an teanga agus ab fhéidir.