Scéalta Bunranganna

Scéalta

Bun ranganna

Micilín agus an Luch

An Ghaoth agus an Ghrian x 2 leagan

An Mada Rua agus an Portán

An Mada Rua agus an Préachán

An Mada Rua agus an Cat

Oíche Shamhna

 

 

Micilín agus an Luch 

 

Fadó, bhí seanfhear darbh ainm Micilín ina chónaí i mbráca beag tí ag bun chnoic.

Bhí sé uaigneach, aonarach agus gach aon oíche sara dtéadh sé a chodladh thógadh sé cúpla bolgam uisce beatha chun misneach a thabhairt do féin.

Bhí sé, fé mar a deirim, brónach, uaigneach agus bhíodh an cúpla bolgam aige gach aon oíche.

Tar éis tamaill, bhí an t-aos ag breith ar an bhfear bocht, na cnámha á leighadh agus ag crapadh agus nuair a bhíodh sé ag cur an bhraoinín as an mbuidéal insa ghloinne, gan dabht, thiteadh deor beag anois is arís ar an úrlár.

Tar éis tamaill thug sé fé ndeara go dtagadh luch amach as poll a bhí sa bhfalla agus thagadh sí agus leibheadh sí an braoinín a bhí titithe ar an úrlár uaidh.

Bhí an scéal mar sin ó am go h-am, agus bhí an luch ag fáil níos dáine, agus an braoinín ag dul síos léi, agus oíche amháin tháinig sí amach agus d’ól sí siar an braoinín a bhí titithe ar an úrlár, agus chuir sí a dá lapa anuas ar ghlúin Mhicilín agus ar sise,

‘Cá bhfuil an cat san a bhí ar mo thóirse inné?’

Bhí an oiread sin misnigh tugtha ag an mbraoinín dí dhi.

Sin é an uair a thuig Micilín go raibh an braoinín ag tabhairt misnigh do féin chomh maith.

 

 

An Ghaoth agus an Ghrian

 

‘Is láidre mise ná tusa!’ arsa an ghaoth.

‘Feicfimid anois cé is láidre den bheirt againn!’ arsa an ghrian.

‘Conas sin?’ arsa an ghaoth.

‘An bhfeiceann tú an fear sin thíos ar an mbóthar a bhfuil an cóta mór air?’

‘Feicim!’ arsa an ghaoth.

‘Ar aghaidh leat,’ arsa an ghrian, ‘agus bain an cóta de’.

Thosnaigh an ghaoth ag séideadh. Shéid sí agus shéid sí, ach dhún an fear na cnaipí agus níor fhéad sí an cóta a bhaint de. Shéid sí arís ar a dícheall agus d’fháisc sé an cóta timpeall air le crios.

 

‘Táimse ag éirí as’ arsa an ghaoth. ‘Fútsa atá sé anois’.

 

Thosnaigh an ghrian ag taitneamh. D’éirigh an fear te. Scaoil sé cnaipí agus crios a chóta. Bhí allas leis. Níor fhéad sé siúl leis an teas. Bhain sé an cóta de.

‘Agatsa atá an bua!’ arsa an ghaoth.

 

 

 

 

 

 

 

 

An Gaoth agus an Ghrian

 

Aon lá amháin d’fhéach an ghaoth ar fhear a bhí ag siúil an bhóthair agus casóg mór trom air.

 

“Féach air fhéinig thíos. Is túisce a chuirfinn iallach air a chasóg a bhaint dó, ná mar a dhéanfása,” arsa an ghaoth leis an ngrian.

 

“Tá go maith,” arsa an ghrian, “bain triall as tú fhéin ar dtúis”.

 

Shéid an ghaoth, shéid sí agus shéid sí, ach dá mhéid a shéid sí, is amhlaidh a tharraing an fear a chasóg timpeall air fhéin, chun é féin a chosaint.

Taréis tamaill bhain an ghrian triall as. Bhí sí go h-ard sa spéir agus teas diamhair aisti. Bhí allas ar an bhfear thíos. Bhí spalla air. N’fhéadfadh sé leanúint ag siúl, go dtí i ndeireadh thiar thall, shuigh sé síos agus bhain sé a chasóg

 

“Tá liom,” arsa an ghrian.

“Tá an bheart déanta agam”.

“Ní hé an fear láidir is fearr i gcónaí.”

 

 

An Mada Rua agus an Portán.

 

Lá amháin bhí mada rua is portán ag siúl le chéile cois trá.

“Tá tusa chomh mall le slimide” arsa an mada rua.

“Má tá, “ arsa an portán, “cuirfidh mé geall leat, go mbuafaidh mé ort i rás.

“Ní h-aon mhaith duit rás liomsa,” arsa an mada rua, “mar táimse i bhfad ró-thapaidh duitse.

 

“Fan go bhfeicfimid,” ars’ an portán, “bíodh rás againn go dtí an charraig úd thall ar an dtaobh eile den tráigh”.

 

Dar ndóigh, ní raibh an portán ábalta coiméad suas leis an mada rua.

 

Cad a dhein sé ach greim d’fháil ar scoth eireabaill an mhada rua lena ordóg.

 

Níor bhraith an mada rua aon rud. “Cuiríg’ díbh!”, ars’ an portán.

 

Léim an mada rua as a bholg is chuir sé de chomh tiubh is d’fhéadfadh sé é.

Nuair a shroich sé an charraig chas sé timpeall féachaint an raibh an portán ag teacht.

 

“Hé, a amadáin na n-ordóg,” ar seisean, “cá bhfuileann tú anois?”

Léim an portán dá eireaball agus nuair d’iompaigh an mada rua thar n-ais, arsa an portán, “Dhé, amadán tú féin, táimse anseo romhat le fada.”

Bhí ionadh an domhain ar an mada rua nuair a chonaic sé an portán ar an gcarraig roimhe is seo leis abhaile is a eireaball faoi.

 

“Sea, a chlaidhre,” ars’ an portán, “ní mar a síltear a bítear i gcónaí.”

 

Sin é mo scéal seo, má tá bréag ann bíodh, ní mise a chum ná a cheap é.

 

An Mada Rua agus an Préachán

 

Bhí préachán ag eitilt thuas sa spéir lá. Chonaic sé píosa cáise ar an dtalamh.

Bhí ocras air, mar sin, phrioc sé suas an píosa cáise agus d’eitil sé in áirde ar chrann.

Tháinig an madra rua.

Bhí ocras ar siúd leis agus nuair a chonaic sé an cháis i ngob an phréacháin líon sé suas d’éad agus d’fhormad.

 

‘Nach aoibhinn an t-éan tusa’ ar seisean, ‘agus nach gleoite na cleití atá ort.’

 

’Deirtear liom go bhfuil guth álainn binn agat, chomh maith’.

 

‘An bhfeadaraís’, ar seisean, ‘ níl aon rud sa tsaol is fearr liomsa ná guth préacháin’.

 

Tháinig mórtas agus éirí in áirde ar an bpréachán agus thaithin an moladh chomh mór sin leis gur oscail sé a bhéal.

 

‘Cá, Cá, Cá’ ar seisean.

Thit an píosa cáise amach as a bhéal, ach má thit, ba thapaidh a sciob an madra rua leis é agus d’ith siar ina bholg é.

 

 

An Mada Rua agus an Cat

 

Bhuail an madra rua agus an cat le chéile lá sa choill. Bhíodar ag caint faoi na cúnna [cuite].

‘Táimse scanraithe acu’ arsa an cat. ‘Is dócha go mbíonn eagla ort féin rompu chomh maith’.

‘Mhuise, ní bhíonn ná eagla!’ arsa an madra rua. ‘Tá na cleasanna agamsa, an dtuigeann tú?’

‘Mo léan!’ arsa an cat, níl agamsa ach an t-aon cleas amháin!’.

Leis sin chualadar na cúnna [cuite] ag teacht.

‘Seo chugainn iad!’ arsa an madra rua. ‘Bí ag faire ormsa anois, a chait!

 

D’imigh an cat in airde ar chrann mór ard agus d’fhan ann. Tháining na cúnna [cuite]. Rithe an madra rua anseo is ansiúd. D’fhan na cúnna [cuite] ar a thóir. Chuaigh sé isteach is amach idir na crainn, ach níorbh aon mhaith é. Léim sé isteach sa [t] sruthán ach theip air éalú uatha. Sa deireadh rug siad air agus mharaigh siad é.

 

Nuair a bhíodar imithe, tháinig an cat anuas den gcrann agus d’imigh sé abhaile.

 

Oíche Shamhna

 

Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí beirt bhuachaill ann d’arbh ainm Mic agus Peats agus ní raibh aon úlla acu i gcóir Oiche Shamhna.    Chuadar go dtí an ullórd agus ghoideadar na h-úlla a bhí ann. Ritheadar leo ar nós na gaoithe. Ní fhaca fear an úllórd iad. Bhíodar ag siúl fós, ansan dúirt Mic le Peats tá níos mó úlla agatsa ná mar atá agamsa. Dúireadar go raighdís isteach sa reilig chun na h-úlla a roinnt.

Nuair a bhíodar ag dul isteach thit dhá úll as mhála Mhic. Dúirt Peats “priocfaimid suas iad nuair a bheimíd ag teacht amach”. Roinneadar iad mar seo, ceann duitse, ceann domsa, ceann duitse, ceann domsa agus mar sin de.

Bhí fear ag siúl taobh amuigh don reilig agus chuala sé iad istigh. Ceann duitse, ceann domsa, ceann duitse, ceann domsa. Dúirt sé leis féinig gur bé sin Dia agus an Diabhal a bhí ag roinnt na marbh agus rith sé leis go dtí tig an tsagairt.

Dúirt sé an scéal leis an sagart. Chuaigh an fear agus an sagart go dtí an reilg agus chualadar iad istigh, ceann duitse, ceann domsa, ceann duitse, ceann domsa agus mar sin de. Ansan dúirt Mic le Peats “cad mar gheall ar an dhá cheann amuigh ar an mbóthar?” cheap an fear agus an sagart go b’iad fhéinigh a bhí i gceist agus ritheadar leo ar nós na gaoithe.