Scéalta Meánranganna

Scéalta

Meán ranganna

 

An Cnapán Óir

Hup a Neidí

Scéal Phiarais Firtéar

Buíochas le Dia

An Rí

An Bhean a chuaigh a hiníon go Meiriceá

An Feirmeoir agus an Lios

Luch na Tuaithe agus Luch na Cathrach

 

An Cnapán Óir

 

Fadó bhí seanbhean ag maireachtaint léi féin. Ní raibh aon cheall uirthi, ach sprionlóir ceart ab ea í. Ní scaradh sí le aon leathphingin anuas ar leathphingin agus pingin anuas ar phingin i gcónaí.

 

Ach do bhí cnapán óir aici agus ní fheadar sí ó Fhlaitheas Dé anuas cá gcuirfeadh sí an cnapán óir. Theastaigh uaithi a bheith deimhintheach go mbeadh an cnapán óir sábhálta.

 

Bhí an t-aos ag breith uirthi ansan agus ar deireadh thiar dhein sí suas a haigne ná raibh aon áit ba shábhálta di an cnapán óir a chur ná é a bhreith léithi ar an saol eile.

 

Sé an rud a dheineadh sí gach aon mhaidin nuair a bhí an óige aici, chíoradh sí a cuid gruaige. Bhí cúl breá gruaige uirthi agus nuair a bhíodh a gruaig cíortha aici chuireadh sí an cnapán óir isteach ina cúl gruaige taobh thiar agus bhíodh sé go sábhálta ansan agus nuair a theadh sí a chodladh chuirfeadh sí fén bpiliúr é. Ach bhraith sí í féin ag dul chun deiridh agus dúirt sí léi féin go mbéarfadh sí an cnapán léi mar lón síorraí.

 

Ghlaoigh sí ar an gcailín aimsire. Ní chaitheadh sí leathphingin ach amháin go gcoimeádadh sí cailín aimsire  i gcónaí agus d’iarr sí ar an gcailín aimsire an cnapán óir a chur i sáspan agus é a leagadh ar an dtine agus a thbhairt do le n-ól.

 

Dúirt an cailín aimsire, ‘Maith go leor’. Bhí an cailín aimsire glic. Tháinig sí. Fuair sí an sáspan agus chuir sí cnapan breá ime isteach sa tsáspan agus nuair a bhí an t-ím leighte, leachta, thug sí chúiche le n-ól é. Bhuail sí chuici féin an cnapán óir agus bhí an tseanbhean sásta mar mheas sí go raibh an t-ór á bhreith léi aici ar an saol eile agus ar bhóthar na síorraíochta.

 

Ach bhí an cailín ró-ghlic di agus d’fhan an cnapán óir aici.

 

 

Hup A Neidí

 

Bhí fear bocht ina chónaí leis féin i sráidbhaile beag. Bhuel, ní leis féin ar fad mar bhí sean-asal aige,Neidí.

 

Lá amháin chuardaigh sé a thigh le h-aghaidh rud éigin le n-ithe. Ní raibh aon rud fágtha fiú amháin crústa aráin.

 

“Hup, a Neidí”, ar seisean. Chuadar go dtí an choill. Bhailigh an fear bocht adhmad. Chuaigh sé go dtí an mbaile mór ansan chun é a dhíol.

 

Adhmad breá don dtine. Tháinig fear. D’fhéach sé ar an adhmad go léir a bhí ar dhrom Neidí. Bearbóir a bhí ann.

 

“Cé méid ar an ualach san?”, arsa an bearbóir.

 

Fhreagair an fear bocht é [€20 €50]

 

“I bhfad ró dhaor”, arsa an bearbóir.

 

Bhí ar an bhfear bocht an t-adhmad a dhíol ar phraghas ana-íseal.

 

“Hup a Neidí”, arsa an fear bocht.

 

“Hup a Neidí”, arsa an bearbóir.

 

“Fuaireas praghas uait ar an ualach san na fuaireas?” arsa an bearbóir.

 

“Fuairis”, arsa an fear bocht.

 

“Agus thugas an t-airgead duit ná thugas”, arsa an bearbóir.

 

“Thugais”, arsa an fear bocht.

 

“Tabhair dom an diallait mar sin”, arsa an bearbóir.

“Cuid don ualach is ea an diallait. “

 

Bhí an fear bocht trína chéile. Thug sé an diallait dó. Bhí fearg air. Ní raibh se ábalta codladh ná ithe. D’éirigh sé go luath maidin lá arna mháireach.

 

“Hup a Neidí”, ar seisean.

 

Chuadar go dtí an baile mór.

 

Chonaic sé siopa an bhearbóra. Isteach leis.

 

“Cad a chosnódh sé mise agus mo chara a bhearradh?” arsa an fear bocht.

 

D’fhreagair an bearbóir é [€5 €10 €20]

 

“Tá go maith” arsa an fear bocht.

 

Shuigh sé síos agus bhearr an bearbóir é.

 

“Anois cá bhfuil do chara?” arsa an bearbóir.

 

“Tá sé amuigh áit éigin, tabharfad isteach chugat e”, arsa an fear bocht.

 

“Maith an fear”, arsa an bearbóir, “ná  bí ró fhada. “

 

Tháinig an fear bocht thar nais agus Neidí ina theannta.

 

“Nílimse chun an t-ainmhí sin a bhearradh”, arsa an bearbóir agus a aghaidh ag lasadh suas.

 

“Tá an margadh déanta againn”, arsa an fear bocht. “Cabhródsa leat an ghallúnach a chuir air. Suigh síos ansan a Neidí”, arsa an fear bocht agus an scuaibín ina láimh aige.

 

“Gallúnach más é do thoil é”.

 

“Nílimse chun asal a bhearradh, a deirim leat”, arsa an bearbóir ag sciobadh an scuaibín ón bhfear bocht.

 

“Bearrfaidh tú”, arsa an fear bocht. Thuig an bearbóir ansan.

“D’imiríos cleas ortsa?”

 

Ní h-amháin gur thug sé an diallait thar nais do, thug sé rásúr breá nua do chomh maith. Cheannaigh an fear bocht cairéad mór don asal.

 

“Hup a Neidí”, ar seisean agus abhaile leo go sásta.

 

 

 

 

 

 

 

                          

 


Scéal Phiarais Firtéar

 

Rugadh Piaras Firtéar sa bhliain 1600 agus mhair sé go dtí go raibh sé 53 bliain d’aois nuair a chroch na Sasnaigh é i gCnocán na gCaorach i gCill Áirne. Ceannaire mór pobail ab ea é, saighdiúir, gaiscíoch airm, scríbhneoir, file, fear spóirt, fiaidh agus ráis capall. Fear uasal íseal agus laoch ab ea é i measc a mhuintire féin. Bhí talamh aige istigh sa Bhlascaod agus bhí caisleán beag aige ann. Bhí pluais leis ann ar an gcliathán thuaidh don oileán go nglaodar scairt Phiarais air. Ó am go h-am théadh Piaras isteach san oileán agus bhíodh sé ag iascach ar a shuaimhneas agus ag scríobh agus ag machnamh istigh ann ach uaireanta théadh sé ann ag éalú ó fhórsaí Shasana.

Maidin amháin ar bhreacadh an lae tháinig bád lán de shaighdiúirí i dtír ar an dtráigh bhán. Thriomaíodar an bád agus léimeadar i dtír agus gan mhoill chiorclaíodar an caisleán agus nuair a bhí na gunnaí dírithe ar an ndoras acu bhéic an Seáirsint:

 

‘Piaras Firtéar,’ a dúirt sé, ‘tán tú teanntaithe. Níl aon éalú anois agat. Tar amach, in ainm na Banríona’, a dúirt sé, ‘ le do dhá láimh in áirde’.

Tar éis tamaill d’oscail an doras agus tháinig Piaras amach. Bhí an dá láimh in áirde aige.

‘Táim ag féile’, a dúirt sé,’táim ag féile, níl aon ghá le gunnaí. Ní bheidh aon fhadhb agaibh liomsa’ a dúirt se,’ Ach tá corcán breá do mhin choirce ag beiriú istigh,’ a dúirt sé, ‘agus sé an diabhal imeacht agus é a fhágaint,’ a dúirt sé,’ agus gan é a ithe.’

D’fhéach na saighdiúirí go hocrach ar an seáirsint.

 

‘Tá go maith,’ a dúirt sé, ‘ beidh an bia againn ach má dheineann tú cor amháin,’ a dúirt sé,’ nó iarracht éalú,’ a dúirt sé ‘lámhachfar tú,’ a dúirt sé le Piaras.

‘Ó tá go maith, tá go maith,’ arsa Piaras.

Thángadar isteach agus chuireadar na gunnaí chun seasaimh taobh thiar don ndoras agus shuíodar chun bóird le Piaras ón dtaobh istigh teanntaithe acu chun ná beadh sé ábalta corraí. Chuir bean an tí plátaí breátha do mhin choirce te le mil na mbeach agus uachtar na bainne ós a gcomhair agus d’ith na saighdiúirí go hamplach ocrach. Labhair Piaras le bean an tí as Gaelainn:

‘A bhean an tí,’ a dúirt sé, ‘cuir uisce isteach sna bairillí agus fliuch an púdar sna gunnaí. Dein anois é, ‘ a dúirt sé,’agus dein i ngan fhios é.’

Dhein sí é go glic, seifte. Agus nuair a bhí gach aon rud ite agus a bholg lán ag gach einne labhair an Seáirsint le Piaras:

 

‘Faigh do chasóig’, a dúirt sé, ‘fág slán ag an mbean san’ a dúirt sé, ’agus bain amach an bád go tapaidh.’

 

Chuir Piaras air a chasóig agus amach an doras leis agus chomh luath agus a fuair sé é féin glan rith sé chomh tapaidh agus a d’fhéadadh sé cliathán a’ chnoic amach i dtreo na scairte. Bhí fuadar fé shaighdiúirí ag lorg gunnaí chun dul ina dhiaidh.

‘Dein líne,’ arsa an Seáirsint. ‘Téigí ar leathghlúin,’ a dúirt sé, ‘aimsígh agus caith air.’

Dheineadar é ach níor thárla faic mar bhí an púdar fliuch sna gunnaí. Bhí jab maith déanta ag bean a’ tí.

 

‘Leanaíg é,’ arsa an Seáirsint.

 

Thógadar amach na clocha a bhí acu agus seo leo suas cliathán a’ chnoic ina dhiaidh. Bhí an cosán caol, dainséarach síos go dtí an scairt. Ní fhéadadh ach duine amháin sa turas dul síos ann. Bhí taithí mhaith ag Piaras air gan dabht agus chuaigh sé síos agus istigh sa scairt bhí claoímh curtha i bpoll aige. Fuair se an chlaoímh agus bhí sé ullamh do na saighdiúirí nuair a thángadar.

 

Bhi an cosán sleamhain, bhí sé cúng. Ní raibh faic taobh thíos dóibh ach an fhaill ghéar, borraí tréana agus faoileáin ag scréachaigh. Nuair a thángadar go dtí an scairt sháigh Piaras duine ar dhuine acu le faill. Is mó oíche fuar fliuch a chaith Piaras bocht sa scairt san i  bhfolach ós na Sasanaigh. Bhí sé ana-mhíshásta mar bhí an áit ana-mhíchompórdach agus bhí sé tais, fliuch. Léiríonn an véarsa seo a scríobh sé chomh míshásta agus a bhí sé:

 

‘A Dhia atá thuas an trua leat mise mar atáim?

I’m chaonaí uaigneach nach mór go bhfeicim an lá.

An bhraon atá thuas in uachtar leice go h-árd,

Ag titim im chluais agus fuaim na toinne lem’ sháil’.

 

 


Buíochas le Dia

 

Bhi Naomh in Éirinn fadó agus sé an áit go raibh cónaí air ná i Sáipéilín Ghallarais. Thugadh sé an lá is an oíche ag paidireoireacht agus ag tabhairt moladh agus buíochas do Dhia na Glóire de shíor. Gach aon mhaidin théadh sé amach go dtí doras an tsáipéilín, ‘Moladh le Dia’ a deireadh sé, shíneadh sé amach a dhá láimh, agus thiteadh bulóg aráin isteach i lámh amháin agus púnt ime isteach sa lámh eile. Bhíodh a bheatha ag teacht ó Neamh chuige gan teip. D’fhéachadh sé suas ar Neamh agus deireadh sé ‘Buíochas le Dia’.

 

Isteach sa tsáipéilín arís leis agus ar aghaidh leis ag paidireoireacht arís gan stad.

 

Mar sin a chaith sé cuid mhaith dá shaol go dtí aon mhaidean amháin. Ní raibh aon chodladh maith déanta aige agus níor bhraith sé ró mhaith. Nuair a chuaigh sé chomh fada leis an ndoras d’fhéach sé amach. Bhí sé ina thuile báistí, agus gaoth fhuar ag teacht isteach ón bhfarraige, lá gránna ceart.

 

‘Nach ainnis an lá é’, ar seisean, gan aon ‘moladh le Dia’ a rá. Shín sé amach a dhá láimh, ach b’shin a raibh de mhaith ann. Níor thit aon arán ná ím isteach iontu. Thuig sé ar an bpointe go raibh rud mí cheart déanta aige, gan buíochas a thabhairt do Dhia as an droch rud chomh miath leis an rud maith.

 

Chuaigh sé thar nais sa tsáipéilín. Ansan labhair guth aingil leis agus dúirt go raibh Dia ana-mhíshásta leis toisc nár ghaibh sé buíochas leis.

 

‘An bhfuil aon tslí go maithfidh Dia dhom é?’ a d’iarr an Naomh.

 

‘Tá’ arsa an t-aingeal, ‘tabhair do mhaide, téir ar do dhá ghlúin sa tsruthán san thall agus bí ag paidireoireacht leat ag iarraidh maithiúnas air. Lean ort go bhfásfaidh féar ar bharr do mhaide. Nuair a bheidh an féar fásta ar beidh maithiúnas fachta ó Dhia agat.’

 

Ní raibh aon rud eile le déanamh ag an Naomh. Mar sin rug sé ar a mhaide agus chuaigh go dtí an abhainn ná raibh ach tamaillín ón áit agus chuaigh síos ar a dhá ghlúin ina lár. Bhí sé an-fhuar agus an-mhíchompordach, ach thosnaigh sé ag paidireoireacht.

 

N’fheadar éinne cé chomh fada is a bhí sé ansan,ach ní raibh aon fhéar ag fás ar an maide ná  aon chuimhneamh air.

 

Aon oíche amháin ghaibh beirt bithiúnach trasna na habhann, dhá mhála ar a ndroim acu, agus iad ar a slí abhaile tar éis an oíche a chaitheamh ag scriosadh agus ag slad. Nuair a bhíodar ag dul trasna chonaiceadar mo bhuachaill ar a dhá ghlúin agus é ag paidireoireacht leis. B’ait leo é, agus chuireadar ceist air cad a bhí ar siúl aige mar sin i lár na habhann.

 

Mhínigh sé dóibh cad a bhí déanta aige agus conas go raibh súil aige le maithiúnas ó Dhia.

 

Thosnaíodar ag gáire agus ag magadh fé nuair a chualadar an scéal. D’fhágadar slán aige agus d’imíodar leo. Ach ansan thosnaíodar ag smaoineamh agus dúirt duine acu leis an nduine eile ;

‘Más mar sin atá sé ag an bhfear bocht sin as rud chomh simplí a dhéanamh, conas a bheidh againne go bhfuil an méid sin slad agus díobhála déanta againn le blianta?’

 

Dob é críoch agus deireadh na mbeart ná gur fhilleadar ar an abhainn agus chuadar ar a ngá ghlúin taobh leis an Naomh. Thugadar triúr an oíche ag paidireoireacht. Nuair a d’éirigh an ghrian ar maidin d’fhéach an Naomh ar an maide. Bhí féar ag fás ar barr an mhaide. D’éirigh sé amach as an uisce, d’fhág slán acu agus d’fhill abhaile ar an sáipéilín.

Agus maidir leis na bithiúnaigh, tá sé ráite go bhfuilid fós i lár na habhann agus iad ar a ndícheall ag paidireoireacht.

 

 

 


An Rí

 

Bhí rí fadó ann agus bhí saibhreas agus ollmhaitheas an tsaoil aige. Ach, cé’n chabhair é, ní raibh an tsláinte go maith aige, agus tá sé ráite riamh, is fearr an tsláinte ná na táinte.

Ní raibh luibh ná lia ag déanamh aon leigheas do.

Ar deireadh tháinig dochtúirí na tíre go léir le chéile agus chuireadar i gcomhairle le chéile.

Dheineadar amach dá mbainfí ae amach as garsúinín deas cliste agus é a chuir isteach in ionad an ae a bhí sa rí go dtagadh an tsláinte thar nais chuige.

‘Sea, cuireadh gairm scoile amach féach an bhfaighfí garsúinín cliste a bheadh oiriúnach don gcúram a bhí idir lámha acu. Ar deireadh thiar aimsíodh an garsúinín, garsúinín gleoite agus cuathas go dtí na mhuintir. Agus bhíodar á mhealladh, gan dabht. Bhíodar beo bocht. Ní raibh lí na lé ag na créatúirí.

Ar deireadh thiar bhíodar toiltineach an garsúinín a thabhairt dóibh ar airgead maith.

Sea. díoladh an garsúinín leo agus tháinig an lá go raibh an garsúinín le cur chun báis chun an ae a thógaint as le cur sa rí. Bhí gach éinne ullamh.

Fiú amháin bhí an crochaire gaid ullamh chun an bheart a chur i gcrích. Agus bhí an garsúinín ina sheasamh lena dtaobh. Bhí an rí ag faire orthu agus nuair a tháinig an t-am go raibh sé le crochadh d’fhéach an garsúinín in airde ar an spéir agus dhein sé scairteadh mór gháire.

 

‘Fóill ar bhur láimh anois’ arsa an Rí, ‘caithfear ceist a chur ar an ngarsún cad é a scéalsa.

 

Sea, cuireadh ceist ar an ngarsúinín agus fiafraíodh de,

‘Conas gur ag gáire atá tusa agus tú le cur chun báis ar an spota? Ná ba dhóigh le duine gur ag gol a bheifeá?’

‘Ó, ní hea,’ ar seisean, ‘níl aon chúrsai ghoil agamsa. Táimse díolta ar shaibhreas shaolta agem athair agus agem mháthair chun go mbeadh saol breá acu as so amach. Tá an rí toiltineach mise a chuir chun báis, nach fiú aon ní mé chun go gcasfadh a shláinte air féin.

Tá an crochaire gaid anso ina sheasamh agus é sásta chun an bheart a chuir i ngníomh,  agus cad is dóigh libh? ‘ Ní díon domsa éinne ach Dia na Glóire agus is leis sin a bhíos ag gáire mar is gearr go raghadh mé ina láthair.’

Leis sin stop an Rí iad, agus dúirt, ‘Tugaigí chugam an garsúinín sin’ ar seisean.

Tháinig an garsúinín i láthair an Rí.

‘Bhuel, anois’ ar seisean, ‘is fearr liomsa mo bhás féin na do bhás sa agus táimse sásta bás d’fháil agus tá an-áthas orm labhairt le do leithéid do gharsúin cliste dea-mheabharach, gráistiúil.

 

Agus mar sin a bhí. Thug sé ualach airgid don ngarsúinín. Tháinig an Rí abhaile agus chas a shláinte air agus bhí sé chomh maith is a bhí sé riamh as san amach.

 

 

                        

 

 

An Bhean a Chuaigh a hIníon go Meiriceá

   

Bhí bean ina cónaí i gCill Uru i bparóiste Fionntrá agus ní raibh aon fhocal Béarla aici. Bhí iníon aici Nance. Bhí Nance ag éirí corrtha den saol sa bhaile agus bhailigh sí léi go Meiriceá.

 

Tar éis cúpla bliain tháinig Nance abhaile. Bhuel, an mór is fiú agus an t-éirí in áirde a bhí uirthi, ní fhaca éinne riamh a leithéid.

 

Ní raibh Nance prioc sásta lena máthair toisc gan aon Bhéarla a bheith aici agus dúirt sí léi muna mbeadh Béarla aici an chéad uair eile a thiocfadh sí abhaile nach bhfanfadh sí fiú oíche amháin sa tigh léi.

 

Bhí buachaill ar an mbaile an am san agus Seán an Scoláire a tugadh air. Ní bhíodh de chúram ar Sheán ach a bheith ag múineadh Béarla don tseanbhean. Mar shampla, lá amháin dúirt sé léi an chéad uair eile a bheadh sí ag rá an solas a mhúchadh, “extinguish the light” a rá.

 

Agus dá mbeadh sí ag caint faoi scéal nó tale an Bhéarla an focal narrative a úsáid.

 

Bhuel, bhí go maith is ní raibh go h-olc. An chéad uair eile a tháinig Nance abhaile bhí sí an-sásta lena máthair toisc an oiread san Béarla a bheith aici.

 

Lá amháin tugadh cuireadh do mhná an baile teacht chun an tí le h-aghaidh cupán tae. Bhí an tae ana ghann ag an am sin agus ana dhaor leis. Nuair a bhí na mná suite chun boird cad a tharla ach nár léim an cat in airde ar an mbórd agus leag sé an pota tae.

Bhuel, thainig cónach feirge ar an tseanbhean agus léim sí chun breith ar an gcat, ach d’éalaigh sé uaithi. Ar sí agus an ghoimh dearg uirthi:

 

“Will ye catch that cat by the narrative, and extinguish him out the door in ainm an diabhail !” Sin deireadh mo scéil.

 

 

                                                

 

 

An Feirmeoir agus an Lios

 

Bhí feirmeoir ina chónaí in Imleach Slat in Iarthar Dhuibhneach uair amháin. Seán Ó h-Ainiféin ab ainm dó.

Bhí lios i gceann de na páirceanna ag Seán agus dhein sé deimhin de gan aon díobháil a dhéanamh dó.

Gach lá nuair a cruadh Seán na ba thagadh bó nó gamhain nó muc nó rud éigin an treo a dortadh an bhainne.

Lá amháin agus é ag seoladh na mbó chuala Seán leanbh ag gol istigh sa lios. “ Ó éist,” arsa pé duine a bhí ag tabhairt aire dó, “tá na ba ag dul abhaile anois agus beidh flúirse bainne agat láithreach”.

Thiomáin Seán leis abhaile agus nuair a bhí na ba crúite aige doirteadh an bhainne arís.

Lá arna mháireach chuaigh Seán go béal na leasa san áit a raibh an leanbh ag gol agus labhair sé; “Féach, “ ar seisean, “is féidir libh ceann de na buaibh a thabhairt libh agus í a chrú maidin agus tráthnóna ach ná cuirigí isteach ar an gcuid eile den bhainne. “

Bhí go maith is ní raibh go h-olc.

Bhíodh an bó crúite maidin is tráthnóna agus ní cuirtí isteach beag ná mór ar an gcuid eile den bhainne.

An t-seachtain dár gcíonn bhí an cíos ag glaoch ar Sheáin ach ní fhéadfadh sé é a dhíol. Bhí na báillí ag teacht lá arna mháireach.

 

An oíche roimh ré chuaigh Seán bocht go béal an leasa arís agus labhair go truamhéileach.

 

“Tá na báille chun teacht amáireach agus imeóidh bó an linbh agus ní bheidh aon bhraon bainne ansan aige.”

Ní bhfuair sé aon fhreagra.

An lá dár gcionn tháinig na baillí ach dá mbeidís ann fós ní fhéadfaidís na ba a thiomáint amach as gort an leasa. Nuair a thagaidís go dtí an bhearna rithidís go barra an ghoirt arís, agus bhíodar ag imeacht mar sin gurb éigin do na báillí iad a fhagaint ina ndiaidh.

Níor tháinig aon bháille i ngiorracht scread asail do Sheáin Ó h-Ainiféin as san amach.

Go raibh maith agaibh.

                   

 

 

 

 

 

 


Luch na Tuaithe agus Luch na Cathrach

 

Bhí Luch ag maireachtaint go breá di fhéin fé stúmpa do chrann. An lá seo [so] ach go h-áirithe, ghlan sí suas a tigh go gasta neata mar go raibh a cara Luch na Cathrach ag teacht ar a tuairisc.

 

D’ullmhaigh sí béile breá deas comónta cúpla cnó, cúpla caor agus gráinne deas coirce. Shuigh sí síos do féin ag cogaint agus ag baint sásamh as an gciúnas agus súp go cluasa uirthi.

 

Ní fada nár go dtáinigh a cara agus í gléasta i síodaí agus róbaí, hata aoibhinn dearg, scairf fada buí agus cad é práisléadaí agus fáinní, an faisean is déanaí a dhalta, an dtuigeann tú.

 

Cé go raibh ana chion aici ar a cara Luch na Catharach, cheap sí go raibh sí ábhairín ard nósach inti féin [fhéin] ach beatha dhuine a thoil.

 

Siúd leo isteach sa pholl agus dúirt Luch na Tuaithe gur túisce deoch ná scéal agus thug braon beag uachtair dá cara. Ach mo lean chuir Luch na Cathrach smuilc uirthi féin agus dúirt sí go raibh uachtar olc don gcroí, a leithéid do ráiméis.

 

Shuíodar chun boird ach go h-áirithe agus mar a raibh seana bhlas ag Luch na Cathrach ar an mbéile a bhí roimpi ní lá fós é. Chuir sí a coincín san aer agus dúirt sí nách raibh aon ocras uirthi agus go mbeadh chomh maith ag Luch na Tuaithe an ciúnas a d’fhágaint ar feadh tamaill agus teacht ina tenant chun na catrach. Bhí leisce agus doicheall ar an luch bhocht ach bhuail sí bos agus “away” leo.

 

Iontas na n-iontas an glór, an fuirse agus na h-éinne ag dul trasna ar a chéile.

 

Bhí sceimhle i gcroí Luch na Tuaithe. Bhí sí ag feiscint a scáth ina na h-aon chuinne a chas sí, agus bhí sé déanta amach aice ná raibh meas dá laghad ar a cara sa tigh seo go mór mhór nuair a chonaic sí go raibh cat mór dubh á shearradh fhéin sa chistin agus e ann d’aon ghnó glan. i lár na h-oíche thugadar cuairt ar sheomra an bhídh. Bhí na haon saghas císte ansúd ós a gcómhair amach. Thosnaíodar ag ithe agus ó an blas breá. Ach má sea cé a ritheadh isteach ach an cat mór dubh agus thug fúthu.

 

Ritheadar lena n-anam agus is ar éigean a bhaineadar an poll amach. Bhí pian ina mbolg ag na cístí milse go léir. Bhí Luch na Tuaithe ag fáilt saghas eaglach agus dúirt sí le na cara ná raibh aon chuimhneamh fé’n spéir aici féin oíche eile a thabhairt fé dhíon amháin lena namhaid, agus chomh maith leis sin ná raibh an bia folláin. Go raibh tinneas boilg uirthi.

Leis sin d’fháisc sí a cara lena croí agus as go brách léi go dtí a tigín fhéin fé’n dtuath agus mar a chaith sí an chuid eile dá saol go breá di féin.