Scéalta dosna hArdranganna

Eisirt

Fadó, fadó, i bhfad roimh aimsir Chú Chulainn agus Chonchúir Mhic Neasa, bhí rí in Ulaidh agus Fearghus Mac Léide a bhí mar ainm air.

San am céanna sin bhí rí eile ann, rí na Luchra agus na Luprachán, agus Iúdán a bhí mar ainm air sin.  Bhí na Luchra agus na Lupracháin ana-bheag – na fir ba mhó ina measc, ní raibh siad ach cúig horlaí déag ar airde, ach bhí an rí Iúdán orlach glan níos airde ná an chuid eile acu.  Fear ana-dhathúil ab ea é.  Bhí gruaig chíordhubh air, ach bhí an chuid eile acu fionn.

Oíche áirithe bhí fleá agus féasta ag Iúdán agus bhí slua mór ag an bhfleá sin.  Bhí tréanfhear an rí ann.  Ba é sin Glómhar Mac Glais, fear a bhí chomh láidir sin go bhféadfadh sé feochadán a leagadh le haon bhuille amháin dá chlaíomh. Ní raibh aon fhear eile i measc na Luchra agus na Luprachán a d’fhéadfadh a leithéid a dhéanamh.  Gan dabht bhí bean an rí ann. Ba í sin Béabó, agus bhí an file ann chomh maith agus Eisirt ab ainm dósan.

Bhí an fhleá faoi lán tseoil agus gach aon duine sásta nuair a d’éirigh an rí, Iúdán, chun cainte.

“A mhaithe agus a mhóruaisle” a dúirt sé, “an bhfaca sibh riamh rí ab fhearr ná mise?”

“Ní fhacamar!” a d’fhreagair an slua ar fad d’aonghuth.

“An bhfaca sibh riamh” arsa an rí Iúdán arís, ‘tréanfhear chomh tréan, láidir le mo thréanfhearsa, Glómhar Mac Glais?’ ar seisean.

“Ní fhacamair!” a d’fhreagair an slua arís.

“Ar mo leabhar,” a dúirt an rí, “dá dtiocfadh naimhde an treo anocht féin, ba dheacair dóibh aon duine againn a bhreith leo mar nach bhfuil ar thalamh an domhain gaiscígh chomh cróga misniúil láidir leis na gaiscígh atá anseo!”

Nuair a chuala an file, Eisirt, an chaint sin thosnaigh sé ag sciotaíl gháirí. Tháinig fearg ana-mhór ar Iúdán agus labhair sé le Eisirt.

“Cén chúis gháirí atá agatsa?”

“Ní fhéadfainn gan gáire a dhéanamh a rí uasail” arsa Eisirt, “mar tá a fhios agamsa cúige in Éirinn agus tá gaiscígh ann go dtabharfainn gaiscígh orthu. Mara dtiocfadh ach duine amháin acu anseo ní éireodh lena bhfuil de ghaiscígh chróga anseo é a shárú!”

Bhí an rí Iúdán ar buile ceart.

“Gabhtar an file!” a dúirt sé.

Rugadh ar Eisirt agus cuireadh ceangal na gcúig chaol air.

“A rí” arsa Eisirt, “díolfaidh tú go daor as mé a ghabháil mar seo.  Tá an fhírinne ghlan inste agam.  Tabharfaidh tú bliain agus lá mar phríosúnach in Eamhain Mhacha agus ní thiocfaidh tú abhaile chugainn gan an seod is luachmhaire agat a fhágaint ann.  Díolfaidh mise as chomh maith mar beidh mé ag snámh i gcupa fíona agus gaiscígh na nUltach ag féachaint orm go mbeidh mé leathbháite! Agus, a rí uasail,” arsa Eisirt, “tabhair trí lá dom agus tabharfaidh mé an cruthú gur fíor an méid a dúirt mé.”

Ligeadh Eisirt saor agus ghléas sé é féin i gcomhair an turais go Eamhain Mhacha.  Chuir sé air na héadaí ba dheise a bhí aige agus seo leis chun bóthair.

Nuair a shroich Eisirt Eamhain Mhacha bhí fleá mhór ar siúl ann agus maithe agus móruaisle na tíre ann. Chnag Eisirt ar dhoras Eamhain Mhacha agus tháinig an garda amach chuige. D’fhéach sé ar an bhfear beag bídeach agus iontas an domhain air.  Bhí cuma chomh gléasta air agus é chomh bídeach sin go raibh an féar ag teacht aníos thar na glúine aige.  Rith sé isteach arís agus d’inis sé don rí, Fearghus Mac Léide, fén bhfirín beag a bhí ag an doras.

“Tá sé amuigh” ar seisean “an firín beag bídeach is gleoite dá bhfaca súil duine riamh.  Níl sé thar cúig cheintiméadar déag ar airde agus tá an féar ag teacht aníos thar na glúine aige!”

“Ná bí ag magadh chughainn” arsa Fearghus Mac Léide, “an iomarca den bhfíon atá ólta agat!”

“Ó, a rí,” arsa an garda “is fíor a bhfuil ráite agam!”

“An bhfuil sé chomh beag le hAodh?” arsa Fearghus Mac Léide.

Abhac ab ea Aodh agus ba é file na nUltach é. Bhí sé chomh beag sin go dtugadh na gaiscígh thart ar a mbosa é.

“Tá sé chomh beag,” arsa an garda, ‘go dtabharfadh Aodh é seo thart ar a bhosa féin!”

“Tabhair isteach chugainn é más ea!” arsa Fearghus.

Dhein.  Bhailigh na hUltaigh thart air agus iontas an domhain orthu.  Thosnaigh Eisirt ag casachtach.

“A dhaoine móra” ar seisean, “tánn sibh dom phlúchadh leis an anáil bhréan atá agaibh!”

Bhog na gaiscígh amach uaidh agus níor fhan in aice leis ach an bhfile Aodh.

“Cé tú féin, a fhir bhig?” arsa Fearghus.

“Is mise Eisirt, file na Luchra agus na Luprachán.”

“Tabhair bia agus deoch dó!” arsa Fearghus.

“Ní íosfaidh mé bhur mbia ná ní ólfaidh mé bhur ndeoch!” arsa Eisirt.

“Ólfaidh!” arsa Fearghus, agus rug sé ar Eisirt agus chaith sé isteach ina chupa fíona é.

Bhí Eisirt ag snámh thart sa chupa agus ba dhóbair go mbáfaí é. Tógadh amach as an gcupa ar deireadh é.

“Cén fáth nach n-ólfá an deoch?” arsa Fearghus leis.

“Tá,” arsa Eisirt, “toisc nár cuireadh fáilte romham mar fhile!”

“A Eisirt, a fhile na Luchra agus na Luprachán,” arsa Fearghus, “tá fáilte romhat go hEamhain Mhacha.”

D’ith Eisirt a dhóthain agus d’ól sé a sháith, agus d’aithris sé dánta a chuir na hUltaigh fé dhraíocht, bhí siad chomh hálainn sin.  Theastaigh ó fhile na nUltach, Aodh, dul ina theannta go tír na Luchra agus na Luprachán, agus thug Eisirt a chead sin dó.  Sin an cruthú a bheadh ag Eisirt do Iúdán agus don gcuid eile gur labhair sé an fhírinne.

Chun scéal gearr a dhéanamh de scéal fada, d’fhill Eisirt abhaile agus an file, Aodh, lena chois. Cheap gach aon duine gurbh fhathach a bhí in Aodh, ach dúirt Eisirt leo gurbh abhac a bhí ann i measc a mhuintire féin.

“Agus anois,” a dúirt sé leis an rí, Iúdán, “cuirim de gheasa ort dul go Eamhain Mhacha agus an leite atá á reiteach anois féin do rí na nUltach a bhlaiseadh sara n-éiríonn an rí féin ar maidin.”

Ní raibh dul as ag Iúdán.  Bhí na geasa curtha air.  Seo leis más ea, a bhean Béabó ina theannta, go Eamhain Mhacha.  Isteach leis i ngan fhios agus chonaic sé an corcán mór ina raibh leite an rí.  Bhí an corcán chomh mór sin gur chaith sé seasamh ar dhiallait a chapaill chun greim a fháil ar bhéal an chorcáin. Tharraing sé é féin in airde gur fhéach sé isteach sa chorcán, ach shleamhnaigh sé agus thit sé isteach sa leite. Bhi sé i sáinn mar nach bhféadfadh sé corraí.

D’éirigh muintir an tí agus chonaic siad Iúdán sa leite agus Beabó ar an mbord.  Tugadh an bheirt go dtí Fearghus Mac Léide.  D’aithin Fearghus nárbh é Eisirt a bhí tagtha thar n-ais mar bhí an fear seo dubh san áit go raibh Eisirt fionn.  Chuir sé an bheirt i bpríosún agus choimeád sé ann iad.  Tar éis bliana agus lae tháinig gaiscígh na Luchra agus na Luprachán go hEamhain agus d’iarr siad ar Fheargus a shaoirse a thabhairt do Iúdán agus do Bhéabó.  Dhein, nuair a d’fhág Iúdán aige an seod ba luachmhaire dá raibh aige.  Mhair siad go sona sásta ón lá sin amach.

Agus sin é mo scéalsa, is má tá bréag ann bíodh. Ní mise a chum ná a cheap.

Eisirt (Guth: Aoife Ní Chonchúir)

Dónaillín Chathair Ard

Bhí fear ina chónaí ar an gCathair Ard ní fadó ó shoin.  Dónal ab ainm do, nó Dónaillín Chathair Ard a thugadh gach éinne air.  Bhí gach aon rud ag Dónaillín, feirm bhreá talún, ba ins na goirt agus caoire (caoirigh) ar an gcnoc. Ach aon rud amháin ná raibh aige, bean.

Theastaigh bean uaidh a chuirfeadh compord air i rith an lae agus a bhainfeadh an t-uaigneas de i rith na hoíche.  Dhein sé gach iarracht bualadh le mná.  Théadh sé go dtí ráiseanna an Daingin agus go dtí na cluichí ar fad.  Ach fós níor bhuail sé leis an mbean cheart.  Sa deireadh d’éirigh sé as agus dúirt gurbh é toil Dé go bhfanfadh sé singil an chuid eile dá shaol.

Aon oíche amháin bhí taibhreamh aige.  Dúradh leis dul go dtí Crosaire na gCeithre Rian agus go mbuailfeadh rud éigin maith ansan leis.  Nuair a d’éirigh sé ar maidean chuimhnigh sé ar an dtaibhreamh.  Ach dúirt sé ná raibh ann ach samhlaíocht na hoíche. Ach i rith an lae tháinig tuairim eile chuige.  Cad a bhí le cailliúint aige?

Do b’fhiú triail a bhaint as. Nuair a tháinig an oíche chuir sé a chóta mór air, thug a thóirse leis agus thug fé Crosaire na gCeithre Rian.  Bhí sé ann timpeall a haon déag a chlog agus d’fhan sé cois claí. Bhí sé ag fanacht is ag fanacht ach níor thárla faic. Ar a dó dhéag a chlog, méanoíche, bhí sé díreach chun dul abhaile nuair a chuala sé glór.

Triúr ag iompair comhrann a bhí ann agus iad ag dul go mall i dtreo an Daingin.

Tá sé deacair ar thriúr comhra a iompair. Mar sin, dhein sé an rud uasal agus chuaigh sé féin fén gcomhrainn leis an dtriúr.  Leanadar ar aghaidh ag siúl go mall i dtreo an Daingin.

I gceann tamaill arsa Dónaillín “Cé tá caillte?”

Ní bhfuair sé aon fhreagra.  D’fhéach sé, ní ceathrar a bhí fén gcomhrainn ach triúr.  D’fhan sé ann tamaillín eile, agus chuir sé an cheist arís:

“Cé tá caillte, nó an raibh aithne agam air?”

Aon fhreagra.

D’fhéach sé agus ní raibh ann ach beirt agus é féin ag iompar.

I gceann tamaillín chuir sé an cheist arís, agus nuair a d’fhéach sé ní raibh ann ach duine amháin eile fágtha.  Aon uair amháin eile a chuir sé an cheist agus ní raibh fágtha ach é féin amháin.

“’On diabhal leis sin,” ar seisean, agus chaith sé uaidh an chomhra ar an dtalamh.  Bhuail an chomhra an talamh agus léim an barra de.

D’fhéach Dónaillín isteach agus chonaic sé cailín álainn sínte sa chomhra.  Bhí a craiceann mar an sneachta agus a grua mar an rós.  Ansan d’oscail an cailín a dá súil agus shín amach a láimh.

Rug Dónaillín ar a láimh agus chabharaigh léi teacht amach.

Ansan rug sé ar an gcomhrainn agus chaith thar claí í.

Rug sé greim láimhe ar an gcailín agus d’imíodar abhaile le chéile.  Bhí Dónaillín ana-shásta.  Ach bhí dhá mháchail ar an gcailín.  Níor labhair sí riamh agus níor dhein sí riamh aon gháire.  Ach níor chuir sé sin isteach rómhór air mar bhí sé ana-shásta.

Chuir sí compord air i rith an lae agus bhain sí an t-uaigneas do i rith na hoíche.

Agus shleamhnaigh bliain thart go tapaidh.  Bliain is an lá san go díreach bhí taibhreamh ag Dónaillín arís agus dúradh leis dul ar ais go Crosaire na gCeithre Rian.

Níor chuir sé aon cheist an uair seo.

Isteach san oíche dúirt sé leis an gcailín dul suas a codladh go raibh sé ag dul ar ais go dtí Crosaire na gCeithre Rian.  Nuair a chuala sí an scéal san tháinig gáire ar a haghaidh don gcéad uair riamh.

Chuir Dónaillín air a chóta, chuaigh amach agus thug fé Crosaire na gCeithre Rinn.  Níorbh fhada go dtáinig sé ann agus d’fhan sé cois claí gur tháinig an mheánoíche. Ansan chuala sé ceol ag teacht ón ngort taobh leis.

D’imigh sé trasna go ciúin agus d’fhéach sé isteach sa ghort. Bhí scata daoine beaga, culaith uaithne agus caipín dearg ar gach duine acu agus iad go léir ag rince.

Bhí an píobaire suite ar charraig agus ceol á chur ar fuaid na háite aige.  I gceann tamaillín stop an ceol agus léim duine in airde ar charraig agus labhair, an rí, gan dabht.

“An bhfuil sibh go léir ag baint taitneamh as an oíche?” ar seisean.

“Tá” arsa gach éinne go hard.

“Níl ach an t-aon locht agam air,” arsa an rí.  “Bliain is an oíche anocht goideadh Brídín uainn.  Fear ó Chathair Ard a thóg uainn í.”

Lig gach éinne osna.

“Ach deirimse aon rud amháin libh,” ar seisean.

“Níl sé ag baint aon sásamh aisti mar nár labhair sí focal agus níor dhein sí gáire ó d’imigh sí.  Agus mar sin a bheidh aici go bhfaighidh sí bás.  Ach dá mbeadh a fhios ag an nduine sin nár ghá do Bhrídín ach braon a dh’ól amach as an gcorn so, leigheasfaí ar fad í.”

Nuair a bhí an chaint seo ar siúl ag an rí do shleamhnaigh Dónaillín thar claí.  Díreach nuair a bhí an rí ag ardú an choirn chun a bhéil do sciob Dónaillín amach as a láimh é, agus b’sheo leis ag rith ar a dhícheall i dtreo an tí, agus na daoine beaga go léir ina dhiaidh.  Ach bhí na cosa go maith is go fada ag Dónaillín agus bhain sé amach an tig rompu go léir.  Isteach leis agus suas an staighre.

D’ardaigh sé Brídín sa leaba agus chuir an corn lena beola.

“Ól siar é seo go tapaidh!” ar seisean.

Níor ghá é a rá arís léi. D’ól sí siar an deoch.

Thuig na daoine beaga go raibh buaite orthu agus scaipeadar go léir ar ais go dtí an lios.

“Ó, a Dhónaillín,” arsa Bríd, “táim chomh buíoch duit.”

Do mhínigh sí do gur chailín ó Fhán í agus gur sciob na daoine maithe í blianta ó shoin nuair a bhí sí amuigh ag siúl in aice leis an lios.

“Agus” ar sise, “bheinn ann go deo na ndeor ach gur shábháil tusa mé.  Agus an bhfeadraís, tá m’athair is mo mháthair fós beo thiar i bhFán.”

“Anois,” ar sise, “tá aon jab amháin le déanamh agat.  Téir go dtí feirm m’athar istoíche amárach agus tabhair leat an dá bhó is fearr atá aige.”

“Iad a ghoid?” arsa Dónaillín, “ní fhéadfainn a leithéid a dhéanamh.”

“Dein mar a deirimse leat, a Dhónaillín agus beidh gach aon ní ceart go leor.”

Mar sin, an chéad oíche eile chuaigh Dónaillín siar go Fán.  D’imigh sé timpeall an ghoirt agus thug leis an dá bhó ab fhearr a bhí ann is bhagair sé leis abhaile iad.

Nuair a d’éirigh fear Fháin ar maidin agus nuair a chuaigh sé go dtí an gort ní raibh na ba ann roimis.

“Gadaí éigin,” ar seisean, “ach ní fhéadfadh sé a bheith ró-fhada ó bhaile.”

Mar sin, thosnaigh sé agus chuardaigh sé gach aon ghort sa pharóiste féachaint an raibh na ba ann.  Ní rabhadar, gan dabht.  Ansan, thosnaigh sé ar an gcéad pharóiste eile agus nuair a bhí sé ag éirí dorcha tháinig sé ar an dá bhó istigh i ngort Dhónaillín ar an gCathair Ard.  Níor dhein sé ach dul díreach doras an tí.  Bhí sé chun na gardaí a chur leo.  Tháinig bean go dtí an doras.

“Há! Há!’, ar seisean, “tá sibh agam. Ghoideabhair mo dhá bhó agus anois díolfaidh sibh go daor as…”

D’fhéach an bhean óg air agus ar sise, “Ná aithníonn tú mé?”

D’fhéach sé go géar uirthi.

“Is dóigh liom go bhfaca in áit éigin tú cheana,” ar seisean, “b’fhéidir i dTig Kruger thiar i nDún Chaoin.”

“Ní hea, a phleidhce, nach mise t’iníon féin Bríde atá imithe le fada.”

Bhuel, nuair a chuala sé é sin ba bheag nár thit an t-anam as. Bhí sé as a mheabhair le háthas.

“Cheapas go rabhais caillte le fada,” ar seisean.

Míníodh an scéal go léir dó.

Cuireadh fios ar a bhean agus tháinig sí.

Dob é críoch agus deireadh an scéil ná gur cuireadh an dá fheirm le chéile, agus bhí an fheirm ba mhó i gCorca Dhuibhne ag Dónaillín, agus bhí bean aige ar feadh a shaoil a choiméad compordach é i rith an lae agus chun an t-uaigneas a bhaint do i rith na hoíche.

Dónaillín Chathair Ard (Guth: Aoife Ní Chonchúir)

An Dá Ghé

Bhí lánú ann fadó agus bhíodar ag maireachtaint go síoch grách i bhfochair a chéile gan cíos, cás ná cathú orthu. Seán ab ainm don bhfear agus Máire ab ainm dá bhean. Bhí doirnín leanbh acu, ach, fé mar a bheadh an nimh ar an aithne, lá amháin fuaireadar cuireadh chun dul ar bhainis.

Ghléasadar suas iad féin agus bhualadar bóthar.

Ar a dtaisteal dóibh, bhí log uisce stadaithe ar thaobh an bhóthair agus gé ag snámh ar an uisce.

“Nach álainn í an ghé ag snámh ar an uisce, a Mháire,” arsa Seán.

“Tá dhá ghé ann” arsa Máire.

“Á, níl a Mháire, sin é an scáth a chíonn tú san uisce. Níl ann ach aon ghé amháin.”

“Tá dhá ghé ann” arsa Máire.

Sea, leanadar orthu ag siúl rompu, agus gach aon uair a labhradh Seán focal, deireadh Máire:

“Bhí dhá ghé ann.”

Bhíodar ag tarrac ar thigh na bainise agus labhair Seán le Máire arís agus dúirt Máire: 

“Bhí dhá ghé ann.”

Chuadar isteach agus bhaineadar taitneamh as an gcuideachta, ach gach aon uair a labhradh Seán, deireadh Máire:  “Bhí dhá ghé ann.”  Bhí náire ar an bhfear bocht ansan agus dúirt sé go raghaidís abhaile.  Chuadar abhaile agus gach aon uair a labhradh Seán deireadh Máire:  “Bhí dhá ghé ann.”

Lean an scéal mar sin. Bhí an fear bocht clipithe, cráite. Ach ag deireadh thiar shín Máire siar chun báis.

Bhí sé ag iarraidh comhairle a chur uirthi.

“Éirigh, a Mháire,’ a deireadh sé, ‘agus tabhair aire dod’ dhoirnín leanbh.”

“Bhí dhá ghé ann” arsa Máire.

Sea, mheas gach éinne go raibh sí marbh agus cuireadh cóir tórraimh uirthi agus bhí sí fé chlár. Bhailigh na comharsain isteach agus dúradar paidir fé mar a deintear i gcónaí nuair a bhíonn duine fé chlár. Tar éis tamaill d’iarr fear an tí orthu ar mhiste leo dul thar doras go fóill go gcaoinfeadh sé greas os cionn mháthair a chlainne.  Bhí na comharsain béasach agus chuadar thar doras.  Labhair sé le Máire agus dúirt sé:

“Éirigh, a Mháire, agus déarfadsa leo go rabhais titithe i bhfanntais.”

“Bhí dhá ghé ann” arsa Máire.

“Sea, b’éigean dó na comharsain a scaoileadh isteach arís agus is mar sin a bhí an scéal ag dul ar aghaidh. Agus siar san oíche arís d’iarr sé ar na comharsain an raghaidís amach arís go gcaoinfeadh sé dreas os cionn mháthar a chlainne.

Chuadar amach go béasach agus chuaigh sé go dtí an corp, dar leis, agus “Éirigh, a Mháire,” ar seisean, ‘agus tabhair aire dod’ dhoirnín leanbh agus déarfad leis na comharsain go rabhais titithe i bhfanntais.

“Bhí dhá ghé ann” arsa Máire.

Sea, tháinig na comharsain isteach arís agus d’fhanadar ann go maidean, agus ar maidean nuair a bhí sí le cur sa chomhra labhair Seán arís léi:  “Éirigh, a Mháire,” ar seisean, “agus tabhair aire dod’ dhoirnín leanbh agus déarfadsa leo go bhfuileann tú tagaithe chugat féin.”

“Bhí dhá ghé ann” arsa Máire.

B’éigean Máire a chur sa chomhra agus nuair a bhí sí curtha sa chomhra dúirt Seán, fear an tí, leis na comharsain ar mhiste leo dul amach go fóill sara gclúdódh sé Máire.

“Éirigh, a Mháire, ar seisean, sara gcuirfead an chlúid ar an mbosca, agus tabhair aire dod’ dhoirnín leanbh agus bíodh ciall agat.”

“Bhí dhá ghé ann” arsa Máire.

B’éigean dó an chlúid a chur ar an mbosca agus Máire a thabhairt go dtí an teampall agus na comharsain á tionlacan fé mar a bheadh ag aon tsochraid.

Cuireadh Máire sa teampall ach ní ligfeadh sé dóibh puinn cré a chur anuas ar an gcomhrainn san uaigh. Ghabh sé buíochas leis an ndream a bhí sa tsochraid agus chuaigh sé abhaile.

Le titim na hoíche thug sé fén dteampall i ngan fhios agus labhair sé le Máire:

“Éirigh, a Mháire, agus téanam ort abhaile agus ní bheidh fhios ag éinne go deo cad a tharla.”

“Bhí dhá ghé ann” arsa Máire.

B’éigean dó Máire a fhágaint ansan agus teacht abhaile agus bhí sé go dubhach, brónach, cráite, ach cad a bhí le déanamh aige?

An Dá Ghé (Guth: Aoife Ní Chonchúir)

An Scoláire Bocht

Bhíodh scoláirí bochta ann fadó. Bhídís ag imeacht timpeall agus gan aon tslí bheatha acu. Bhíodh asclán leabhar acu, na créatúirí. Bhídís ag múineadh scoláirí óga, agus bhíodh fáilte rompu. Bhíodh an scoláire bocht seo áirithe ag imeacht timpeall an liomatáiste agus ba ghnách leis dul go dtí an tigh seo ó am go h-am. Bhíodh an-fháilte ag bean an tí roimis mar bhi triúr buachaillí aici. Ach tá sé ráite riamh: “Téir go hannamh agus gheobhair fáilte, ach téir go minic agus ni bhfaighir náid.”

Is dócha go bhfuaireadar traochta den bhfear bocht so, agus lá áirithe do bhí sé ag treabhadh roimis agus é ag déanamh ar an dtigh agus chonaic sé bean an tí ina seasamh sa doras.  Is dócha go bhfaca sí siúd ag teacht é chomh maith. Agus ghlaoigh sí ar an dtriúr clainne agus dúirt sí leo:

“Tá sé seo chugainn aríst, agus abraigí ná fuil bhur máthair istigh.”

D’fhág sí an doras agus rith sí isteach.

Tháinig an scoláire bocht chomh fada leo agus dúradar leis in ard a gcinn is a ngutha:

“Níl ár máthair istigh in ao’chor inniu.”

“Á, ní fhéadfadh duine a bheith istigh i gcónaí,” ar seisean. “Ná bac san.”

D’fhan sé tamaillín ag caint leo.

“Taispeáin dom do láimh,” ar seisean leis an mbuachaill ba shine.

Thaispeáin sé an láimh agus bhí sé ag féachaint ar chroí na dearnan.

“Ó, Dia linn, Dia linn, a bhuachaillín,” ar seisean.  “Is oth liom a rá leat, ní deas an saol atá romhat. Beidh tusa id’ fhear déirce amach anso.”

“Taispeáinse do láimh dom,” ar seisean leis an tarna mac. Dhein.

“Ó Dia linn,” ar seisean.  “Is measa ná san an saol atá romhatsa, a bhuachaillín. Beidh tusa id’ bhithiúnach amach anso.”

“Taispéain do láimh dom,” ar seisean, leis an tríú mac.

“Ó, go bhféacha Dia orainn,” ar seisean. “Is measa fós an saol atá romhatsa amach, a chréatúir.  Beidh tusa id’ dhúnmhairitheoir.”

D’fhág sé slán acu agus d’imigh sé. Chuadar isteach agus bhíodar ag insint dá máthair cad a dúirt sé leo.  Tháinig crith cos agus lámh ar an máthair.

“Bhfuil fhios agaibh,” ar sise, “tá an dinnéar ullamh istigh. Ritheadh duine agaibh ina dhiaidh agus abraígí leis teacht ar ais, go bhfuil bhúr máthair tagaithe abhaile, agus go mba bhreá libh go dtiocfá agus go mbeidh béile agat in éineacht linn.” Dheineadar amhlaidh, agus tháinig sé thar n-ais agus fuair sé béile breá. Bhí sé féin agus an mháthair ag comhrá le chéile.

“Mhuise,” ar sise, “níl aon scéal maith agat i gcás mo chlainne is dealraitheach.”

“Dhera, níl,” ar seisean, “ach ní gá dhuit a bheith chomh critheaglach san in ao’chor ná chomh buartha.  Bíonn leigheas ar na rudaí sin.”

“Cén leigheas a bheadh orthu?” ar sise.

“Ná dúraís le duine acu go raibh drochshaol roimis amach, go mbeadh sé ina fhear déirce agus, Dia linn is Muire Máthair, níl sé sin uainn in ao’chor, in ao’chor. Agus dúraís leis an tarna garsún go mbeadh sé ina bhithiúnach, agus dúraís leis an dtriú duine go mbeadh sé ina dhúnmharaitheoir.”

“Dúrt”, ar seisean, “dúrt go macánta, ach tá leigheas air sin.  Má dheineann tú bráthair bocht don ngarsún óg, beidh sé ina fhear déirce go deo, ní bheidh aon phingin go deo aige. Má dheineann tú dlíodóir don tarna garsún beidh sé ina bhithiúnach go deo.  Agus má dheineann tú dochtúir den bhfear eile beidh sé ina dhúnmharaitheoir, mar leigheasfaidh sé duine, ach ní féidir leis gach éinne a leigheas agus maróidh sé duine eile.”

Bhí an mháthair sásta ansan, agus cad ‘na thaobh ná beadh?

 

An Scoláire Bocht (Guth: Aoife Ní Chonchúir)

An Gadaí Dubh

Bhí rí ann fadó agus bhí triúr mac aige. Cailleadh a bhean agus chuir sé an triúr mac isteach ar oileán mara agus múinteoir ina mbun. Lá amháin, dúirt an rí lena ghiolla, ‘Cuir an capall fén gcóiste, agus raghaimíd ag lorg mná dom féin, mar go bhfuil aimsir na hInide tagaithe.

Sin é mar a dhein agus d’ímíodar leo.  Thángadar go dtí crosaire cheithre bhóthar agus ansúd rompu bhí bean, an bhean ba ghránna a chonaiceadair riamh. D’fhiafraigh sí dhíobh cá rabhadar ag dul agus dúirt an rí go raibh sé ag dul ag lorg mná dó féin.  “Ná béarfá mise leat” arsa í sin.  “Nár lige Dia dhom tú,” a dúirt sé.  Cheangail sí le draíocht den mbóthar iad agus thosnaigh tuillte móra báistí ag titim anuas sa cheann orthu agus bhíodar fliuch báite. I gceann tamaill scaoil sí iad, “Anois, an mbéarfair leat mé,” arsa í sin.  “Ní bhéarfad mhuise,” arsa é sin. Cheangail sí arís an cóiste, agus an capall agus iad féin den mbóthar agus shéid sí gaoth agus báisteach anuas orthu.  I gceann tamaill scaoil sí iad, “Anois an mbéarfair leat mé?”   “Ní bhéarfad mhuise,” arsa é sin. Cheangail sí arís iad agus chuir toirneacha, splancanna agus sneachta cruaidh anuas orthu.  “Ar m’anam féin mhuise,” arsa an giolla, “mara dtabharfaidh tú leat í, maróidh sí sinn.”  “An mbéarfaidh tú anois leat mé?” arsa í sin.  “Tá go maith mar sin,” arsa é sin.

Chuaigh sí isteach sa chóiste agus chasadar thar n-ais agus nuair a d’fhéach sé i gceann tamaill uirthi, b’í an bhean ba bhréatha a chonaic sé riamh í.  Sin é mar a bhíodar, phós sé í agus bhíodh sé féin ag imeacht amach ag fiach agus ag foghlaeireacht gach aon lá agus bhíodh sí sin istigh sa chúirt agus gan éinne ag caint léi.  Chuaigh an bhean ar an leabaidh di féin lá amháin agus nuair a tháinig an rí tráthnóna, chuaigh sé chuichi agus d’fhiafraigh sé cad a bhí uirthi. Dúirt sí leis go raibh sí féin ina haonar ansúd gach aon lá agus go raibh triúr mac aige amuigh ar oileán mara agus dá mbeidís thar n-ais go ndéanfaidís cuileachta (=cuideachta) dhi.  “Tá go maith mar sin,” arsa é sin.  “Tabharfaidh mé thar n-ais iad.”  Thug agus bhíodar mar sin i dteannta a chéile.

Lá amháin, bhíodar amuigh ag siúl sa choill agus d’fhiafraigh bean an rí dhíobh an imreoidís cluiche léi.  Dúradar go ndéanfaidís.  D’imir sí cluiche leis an mac ba chríonna agus bhuaigh sí air.  D’imir sí cluiche leis an tarna mac agus bhuaigh sí air sin chomh maith.  D’imir sí cluiche ansan leis an mac ab óige agus bhuaigh an mac ab óige uirthi. “Tabhair do bhreith anois,” arsa an mac ab óige. “Tabharfad,” arsa í sin, “go n-imeoidh sibhse ag triall ar an stail atá ag ridire an ghleanna agus nach gcodlóidh sibh in aon tigh aon tarna oíche ná in aon bhaile mór nó go dtiocfaidh sibh thar n-ais chughamsa leis an stail sin.”  “Tabhairse do bhreith anois,” arsa í sin leis an mac óg.  “Tabharfad,” arsa é sin, “go siúlóidh tú timpeall ar na sparraí iarainn atá ar bharra na cúirte gan aon bhróig ort, go seasóidh tú ar an sparra deiridh ar do leathchois, gan de bhia agat ach an gráinne cruithneachtan a gheobhaidh tríd an bpunann a bhuailfeadsa dhuit nó go dtiocfaimidne thar nais leis an stail.”

Lá arna mháireach, d’imíodar leo agus trí chapall iallaite acu agus sparán airgid agus thángadar go dtí baile mór istoíche, agus má thángadar, chuadar isteach i dtig ósta agus cuireadh na capaill i stábla agus fuaireadar a ndóthain le n-ithe, an rud céanna an tarna oíche. An triú lá, bhíodar ag piocadh leo agus ar an mbóthar rompu thánadar suas leis an mbacach seo.  Dhá mhaide coise aige, caipín olla tarraigthe anuas ar a cheann agus casóg stracaithe air agus córda mórthimpeall uirthi.  “A dhuine aosta,” arsa an mac óg leis, “tarraiceoidh mé isteach an díog agus féadfair dul in airde laistiar dom ar an gcapall.”  “Ní gá dhuit é,” arsa an bacach, “ach tarraing amach an capall go lár an bhóthair,” agus dhein agus léim an bacach as a chorp agus chuaigh sé in airde laistiar den mac óg.  Bhíodar ag imeacht leo agus d’fhiafraigh an bacach díobh cá rabhadar ag dul.  “Táimíd ag dul ag triall ar stail ridire an ghleanna,” arsa iad leis. “Mhuise mo ghraidhin go deo sibh,” arsa é sin.

“Thugas-sa seacht mbliana ag iarraidh an stail sin a ghoid.  Mise an Gadaí Dubh,” arsa é sin, “agus níl aon duine chomh maith liom chun faic a ghoid. Tá an stail sin istigh i stábla, tá cloigíní timpeall uirthi, agus aon duine nuair a osclóidh an stábla, croithfidh sí í féinig agus cloisfidh na saighdiúirí í agus tiocfaidh siad agus béarfaidh siad ar pé duine a bheidh ag iarraidh í a ghoid. Tá carraig trí mhíle ón stábla agus éinne go mbéarfar air laistigh den gcarraig sin, mar is sin é an teora, marófar é.”

Sea, nuair a tháinig an oíche d’imíodar leo agus thángadar go dtí an gcarraig agus as go brách leo go mbaineadar amach an stábla, ach ní túisce a d’osclaíodar an doras ná gur chroith an stail í féin agus bhuail na cloigíní agus ritheadar, agus má ritheadar, díreach ag an gcarraig, beireadh ar an mac críonna. Oíche lá arna mháireach dheineadar an rud céanna, agus má dheineadar, nuair a thángadar go dtí an charraig, beireadh ar an tarna mac.

An triú oíche, d’imíodar leo, agus nuair a chuadar go dtí an stábla, chroith an capall arís í féin agus ritheadar ach beireadh ar an mac óg.

Bhí an triúr mac gafa.

Sea, naoi lá ina dhiaidh san bhí an chúirt ann agus is í an bhreith a bhí sa chúirt ná go marófaí an triúr agus go gcaithfí isteach i soitheach tarra beirithe iad. Bhí gach éinne bailithe timpeall agus pé a bhí ann nó ná raibh, bhí an Gadaí Dubh ina measc.  Bhí an caipín olla tairgithe anuas ar a cheann, an chasóg ghiobalach air agus na maidí coise aige.  Thóg an ridire in airde an mac críonna agus é ceangailte agus d’fhéach sé timpeall.  “An bhfacabhair éinne chomh gairid den mbás leis seo,” arsa é sin agus d’fhéach sé ar an nGadaí Dubh.  “Dá dtabharfá aga dhom,” arsa an Gadaí Dubh, “déarfainn leat é.”  “Gheobhair san,” arsa an ridire.

“Bhíos-sa lá”, arsa an Gadaí Dubh “agus bhíos amuigh ar an bhfarraige agus bád pléisiúir agam agus chuaigh an bád trí thine agus bhí sí ina bladhmsach lasrach, agus ar deireadh thiar bhíos im’ sheasamh ar an bpíosa deireannach agus mé díreach chun dul go tóin poill nuair a tháinig bád timpeall an chúinne agus rugadar ar ghruaig orm agus tharraingíodar aníos mé agus nach rabhas chomh gairid don mbás leis sin.”

“Bhís go deimhin” arsa an ridire.  “Tá sé sábhálta agat.”

Thóg sé an tarna mac agus d’fhiaraigh sé don ngadaí dubh an bhfaca sé éinne riamh chomh gairid den mbás leis seo.  “Dá dtabharfá aga dhom”, arsa an gadaí dubh, “déarfad.”  “Tabharfad,” arsa an ridire.

“Bhíos-sa lá arsa an gadaí dubh,” ag siúl tríd an gcoill agus thána fé bhun crainn, bhí triúr cailleach agus iad ina gcodladh.  Bhí paca óir fé cheann duine acu.  Bhíos ag piocadh agus ag piocadh ar an bpaca óir agus thógas amach uaithi é agus chuireas fód móna isteach ina ionad féna ceann, agus díreach nuair a bhíos chun imeacht nár dhúisigh duine acu, agus léim sí ina seasamh agus bhéic sí.  “Dein tua duit féin,” arsa í le duine acu, “agus dein cú duit féin” arsa í sin leis an gcailleach eile.  “Ní raibh aga agam féin ach rith in airde ar an gcrann, prapáil in airde go barra agus rug an chailleach ar an dtua agus thosnaigh sí ag tarrac ar an gcrann, agus bhí an cú ansúd agus a béal ar leathadh aici.  Bhí an tua tógtha aici chun an buille deireannach a tharrac ar an gcrann chun go dtitfeadh sé, nuair a ghlaoigh an chailleach agus chaitheadar imeacht, agus ná rabhas chomh gairid don mbás leis sin’ arsa an Gadaí Dubh.  “Bhís go deimhin” arsa an ridire.  “Tá sé sábhálta agat.”  Bhí beirt sábhálta anois.

Thóg sé an mac ab óige ansan agus d’fhéach sé ar an nGadaí Dubh agus dúirt sé “an bhfacaís éinne chomh gairid den mbás leis seo?”  “Tá go maith” arsa an Gadaí Dubh.

“Bhíos féin lá ag siúl dom féin agus bhíos ag gabháil thar an dtig seo agus chuala an gol istigh. Chuas isteach agus bhí bean an tí istigh agus í ag gol agus í ag déanamh maróg. “Cad tá ort?” arsa mé féin léi, “tá mhuise,” arsa í sin, “beidh fathach ag teacht tráthnóna agus caithfidh mé mo leanbh a mharú agus é a chur isteach sa mharóg mar dúirt sé liom go n-íosfadh sé é.”

D’fhéachas ar an leanbh agus leanbh breá ab ea é.

“Mhuise,” arsa mise léi, “an bhfuil fhios agat cad a dhéanfaimíd,” “bainfimid na ceithre mhéar do agus cuirfimid isteach i gceithre chúinne na maróige iad agus ní bheidh a fhios aige ansan ná go mbeidh feoil sa mharóg ar fad.”

Sin é a dheineamair, bhaineas na ceithre mhéar don leanbh agus chuireas an leanbh i bhfolach agus chuir sí na ceithre mhéar ar gach cúinne don mharóg, agus ní raibh ach san déanta againn nuair a bhraitheamair an fathach ag teacht.  Ní raibh aga agam féin ach rith síos go dtí an tseomra agus mé féin a shá isteach sa tseomra agus cad a bhí istigh ann ná coirp ag an bhfathach. Shás mé féin isteach ina measc.

Bhí an fathach thuas agus é ag ithe agus dúirt sé ná raibh feoil an linbh ar fad in aon chor sa mharóg.  “Tá go deimhin,” arsa í sin leis agus ghearr sí anuas cúinne dhó mar a raibh an mhéar sa chúinne eile agus d’ith sé iad, agus fós ní raibh sé sásta.  Thóg sé scian agus d’imigh sé síos go dtí an tseomra.  Thosnaigh sé ag cuardach agus tharraing sé mé féin chuige agus bhain sé stéig anuas díom agus bhuail sé ag róstadh thuas ag an dtine é.   Ní foláir ná gur thaitin sé leis mar tháinig sé anuas agus bhain sé stéig eile dhíom.  Bhíos ansan agus mé lán d’fhuil agus ba ghearr go raibh an fathach, nuair a bhí a dhóthain ite aige, shín sé siar agus thit sé dá chodladh agus gach aon srann aige.  D’éalaíos suas agus bhí bior iarainn in aice leis an dtine, shás isteach an bior iarainn an tine nó go raibh sé dearg agus ní raibh ach aon tsúil amháin ag an bhfathach i lár a éadain agus shás isteach an bior iarrainn sa tsúil.  Bhéic sé agus bhúir sé agus léim sé ina sheasamh.  Seo leis im dhiaidh agus bhíos ag rith uaidh.  Chaith sé fáinne agus chuaigh an fáinne isteach ar mo mhéar.  “Cá bhfuileann tú, a fháinne,” a deireadh sé.  “Táim ar mhéar an Ghadaí Dhuibh,” a deireadh an fáinne.  Sin é mar a bhí, agus bhíos ag rith agus ag rith ach bhí sé ag teacht im dhiaidh agus bhí sé ag teacht orm agus díreach agus é laistiar dom.  “Cá bhfuileann tú a fháinne,” arsa é sin.

Thógas mo scian as mo phóca agus ghearras mo mhéar agus chaitheas síos le faill é.

“Táim ar mhéar an Ghadaí Dhuibh,” arsa an fáinne. Léim an fathach le faill, trí chéad troigh síos agus maraíodh é, agus ná rabhas chomh gairid don mbás leis sin,” arsa an Gadaí Dubh.

“Bhís go deimhin,” arsa an ridire.  “Agus céad moladh le Dia,” arsa an ridire.  “Is é mo mhac-sa a shábháilis an lá san.  Ghlaoigh sé amach ar an mac agus thaispeáin sé an láimh dóibh agus na ceithre mhéar bainte dhó.  Tugaigí amach an stail,” arsa é sin, “agus cuirigí iallait uirthi, go dtabharfar dóibh seo í agus go dtabharfaidh siad thar n-ais í agus go dtógfar na geasa dhóibh. Sin é mar a bhí. Thugadar an stail thar n-ais agus nuair a thángadar thar nais go dtí an gcúirt, bhí sí féin in airde ar an sparra iarainn, ní raibh inti ach an dé agus thit sí anuas fuar marbh ar an dtalamh.

Sin é mo scéal-sa agus má tá bréag ann bíodh. Ní mise a chum ná cheap é !

An Gadaí Dubh (Guth: Aoife Ní Chonchúir)

Liam na Giúise

Bhí fear ar an mbaile seo againne.  Liam na Giúise a tugtaí air mar go mbíodh ráil mhóna agus ualach giúise á ndíol sa Daingean go minic aige.

Tharlaigh, trí sin, áfach gur chuir Liam aithne ar an ól agus ba mhinic, slán mar a n-instear é, go mbíodh Liam ar a mhíthreoir ag teacht abhaile tráthnóna agus ba mhinic a thiteadh a chodladh air sa trucail istigh.

Bhí seanamhiúil bhuí ag Liam.  Ní raibh a fhios ag éinne cén t-aos a bhí aici, ach ní foláir liom nó bhí sí cnagaosta go maith mar ní fhaca-sa riamh aon mhiúil ba mhó ciall agus meabhair ná í.  Aon uair dá dtiteadh a chodladh ar Liam sa trucail istigh ghluaisíodh sí léi go socair suaimhneasach.  Ní raghadh sí sall ná anall ná isteach sa díog ná in airde ar an gclaí. Stadadh sí ag an ndoras agus ní chuireadh sí cor ná casadh aisti go ndúisíodh Liam.

Lá dá raibh Liam sa Daingean luigh sé chun na dí. Bhí braon maith fen bhfiacail aige agus ar an mbóthar abhaile thit a chodladh air.  Tháinig an mhiúil abhaile leis, stad sí ag an ndoras mar ba ghnáthach léi, agus bhí sí ag feitheamh go foighneach go dtiocfadh a chiall do Liam.

Bhí dhá chladhaire bhreátha eile ar an mbaile, Seán Catach agus Tadhg Rua* agus bhí an diabhal ina mbolg acu.  Ní bhíodh aon toirmeasc ann ná go mbíodh an bheirt acu sáite ann.  Chaithidís a bheith i mbun na himeartha i gcónaí.  Bhí sé de mhí-ádh ar Liam go bhfacadar siúd an seanamhiúil ag béal an dorais an oíche sin.  Chonaiceadar Liam féin ina chnag codlata istigh sa trucail. Thosnaigh an diabhal á bpriocadh agus bheartaíodar cleas a imirt ar Liam.

Bhain Tadhg na cipíní as geata na rálach agus thóg anuas é.  Bheireadar go haireach ar Liam agus chuireadar uathu ar an dtalamh é.  Fuaireadar eochair an dorais i bpóca Liam agus d’oscail an doras léi.  Scoradar an mhiúil.  Bhaineadar an ráille agus an dá roth den dtrucail agus rugadar leo isteach sa tigh iad.  Chuireadar an trucail thar n-ais le chéile istigh.  Thugadar isteach an mhiúil agus ghabhadar fén dtrucail aríst í.  D’ardaíodar Liam go ciúin cáiréiseach agus chuireadar thar n-ais sa trucail é. Dhúnadar an ráille aríst. Chuir Seán an glas ar an ndoras agus chuir an eochair thar n-ais i bpóca Liam agus chuaigh amach tríd an bhfuinneoig go dtí Tadhg.

“Sea” ar seisean, “tá an méid sin déanta go maith againn agus beidh cuileachta ar an mbaile seo ar maidin.”

Lá arna mhárach ghabh Seán na gliúcaíle thar tigh Liam na Giúise.  Bhí na haon rud istigh díreach mar a d’fhág sé iad.  Siúd leis síos an bóthar is gach aon bhéic agus liú aige.  Tháinig duine desna comharsana amach nuair a chualaigh sé an fothram is an liú is an liútar léatar amuigh.

“Ochón go deo,” arsa Seán agus an t-anam ag titim as le scanradh, mar dhea.

“Brostaigh soir go tigh Liam na Giúise.  Tháinig na púcaí ag triall air nó d’imir duine éigin draíocht air.  Tá an mhiúil bhuí istigh sa tigh agus í gafa fén gcairt agus Liam féin sínte siar inti gan gíogs ná míogs as.”

D’fhág sé ansan iad.  Siúd leis ar fuaid an bhaile á fhógairt.  Músclaíodh an baile ar fad agus seo leothu soir go tigh Liam.  Ní ligeadh an eagla isteach iad ach d’fhéachadar an fhuinneoig isteach.

“Dia linn,” arsa Tadhg, “conas ar thalamh an domhain a chuaigh an mhiúil agus an trucail isteach?”

Mheasadar siúrálta go raibh baint ag na púcaí leis an scéal.

Dhúisigh an gleo ar fad Liam. D’éirigh sé aniar sa trucail is d’fhéach mórthimpeall air féin.

“Ab amhlaidh atáim ar meisce fós?” ar seisean.

Labhair duine éigin ón dtaobh amuigh.

“An tú Liam?”

“Ambaiste ná feadar,” arsa Liam.   “Dá mba mise Liam is ar an dtaobh amuigh de dhoras a bheinn fhéin is mo mhiúil.  Ach is dócha gur mé Liam pé miorúilt a thug isteach mé. Dá bhféadfadh an mhiúil teacht isteach an doras féin, rud ná féadfadh, ná raibh an glas ar an ndoras agus eochair im phóca agus í fós ann.  An bhfacaigh éinne riamh a leithéid?”

“Ach ní hí seo an chuid is measa den scéal,” arsa Liam, “ach conas a chuirfear amach arís iad?”

Níor chuimhnigh éinne ar réiteach na faidhbe go tráthnóna.  Is ansan a ceapadh seift chun an mhiúil bhuí a fhuascailt.

An dá rógaire, Seán Catach agus Tadhg Rua a cheap an tseift, gan dabht!

Níor ól Liam na Giúise aon bhraon dí ón lá san i leith.  Is olc an ghaoth ná fóireann ar dhuine éigin.

Sin é mo scéal.  Má tá bréag ann bíodh, mar ní mise a chum ná a cheap.

*Do rogha ainmneacha bhuachaillí báire an cheantair.

Guth:  Páidí Mc Gearailt

Móirín

Bhí rí ann fadó agus rí cumhachtach saibhir ab ea é.  Bhí sé pósta le bean óg uasal go raibh mórán saibhris aici.  Bhí aon iníon amháin acu agus bhíodar ana-cheanúil uirthi.  Móirín ab ainm di.

Bhí an páiste seacht mbliana d’aois nuair a fuair a máthair bás.  Bhí an leanbh go brónach i ndiaidh a máthar.  Ach, aon tráthnóna amháin i gceann cúpla lá, bhí sí ina seasamh sa doras nuair a chonaic sí chuichi caitín gleoite glas agus gach aon mhí-amha aige.

“Mo ghreidhin tú, a chaitín” ar sise “nach deas an caitín tú!  Nach trua ná fanfá agamsa mar pheata.”

Níor fhág an caitín a taobh as san amach agus d’éirigh Móirín ana-cheanúil air. Ní raibh aon áit go dtéadh an páiste ná bíodh an caitín in éineacht léi.

D’imigh na blianta thart agus phós an rí baintreach a raibh beirt iníon aici féin.  Má dhein, bhí saol cruaidh i ndán do Mhóirín, toisc nach raibh aon mheas ag an leasmháthair ná ag na leasiníonacha ar an ndílleachtaí; agus toisc go mbíodh uirthi gach rud a dhéanamh dóibh.

Ach, bhí rí i gCúige Chonnacht ag an am seo, agus bhí an t-aon mhac amháin a bhí aige ag cuimhneamh ar phósadh.  Theastaigh uaidh rogha a bhaint as mná óga na cúige.  Cuireadh fógra amach go raibh fleá le bheith ar siúl i gcúirt an rí agus fuair gach duine gur mian leo dul ann cuireadh, go mór mhór na mná óga uaisle. Fuair beirt leasiníon an rí cuireadh chomh maith le cách is bhí Móirín go cúramach a’ fáil gach ní ullamh dóibh don bhféasta.

Bhí an oíche tagaithe agus iad ullamh chun dul go cúirt a’ rí.  D’fhéach Móirín ina diaidh agus iad a’ fágaint an tí.

“Mo bhrón,” ar sise, “mise i gcúinne na luatha agus clann mo leasmháthar ina gcóiste órnáideach.”

Shuigh sí síos agus bhí sí a’ gol go dubhach nuair a bhuail an caitín chuichi an t-urlár aníos.

“Éirigh id shuí, a stóirín,” arsa an caitín, “agus téanam liom amach go dtí an gairdín.  Seo slaitín draíochta duit agus buail buille beag do ar chrann beithe agus tiocfaidh chugat amach each caol donn agus culaith bhreá éadaigh.”

Rug Móirín ar an tslaitín draíochta agus bhuail buille beag den tslat ar an gcrann. Siúd amach each caol donn féna shrian agus iallait óir ghreanta, agus culaith aoibhinn éadaigh a bhí ag glioscarnaigh ar nós an airgid ghil.  Mar bharr ar an scéal bhí péire bróg gloine ann chomh maith.

“Cuir ort suas an t-éadach sin anois, a dhalta,” arsa an caitín “agus téir ag marcaíocht ar an gcapall agus béarfaidh sé leis tu go cúirt an rí.  Dein do chuileachta ann chomh maith agus is féidir leat, ach ná fan neomat thar a dó dhéag. Dein rud orm, imigh anois agus bua leat!”

D’imigh Móirín agus í ina banríon amach agus amach, agus níor dhein sí aon stad nó gur bhain sí cúirt an rí amach.  Chonaic an lucht faire an ríon uasal ag teacht agus bhí iontas mór orthu ná facadar a leithéid d’óigbhean riamh roimhe sin. Chuaigh duine acu go dtí mac an rí.

“A mhic an rí,” ar seisean, “tá ríon óg uasal ag an ngeata is go deimhin do bhain a háilleacht mo mheabhair díom.”

Chuaigh mac an rí go dtí an geata agus thug an ríon leis isteach sa rítheaghlach agus bhí gach éinne dá raibh ann ag féachaint uirthi.  Bhí ceol agus caitheamh aimsire agus cuileachta acu i dteannta chéile, nó go raibh sé buailte lena dó dhéag a chlog.  Ghabh sí buíochas le mac an rí agus dúirt sí leis go gcaithfeadh sí féin a bheith ag imeacht anois.  Is é a bhí go brónach, ní nach ionadh.  Thionnlacaigh sé í go dtí an geata.  D’fhág sí slán aige agus as go brách léi.  Ní mór an mhoill a bhi an t-each donn á tabhairt abhaile.  Is beag an chuileachta a bhain mac a’ rí den gcuid eile den oíche.

Tháinig na leasdeirféaracha abhaile, agus bhíodar ag insnt do Mhóirín i dtaobh na hoíche agus dúradar léi ná raibh aon ní ba mhó ná b’iontaí ná an ríon uasal thar na bearta a tháinig go dtí an gcúirt.

“Ó”, arsa Móirín, “ar aithiníobhair í?”

“Níor dh’aithníomair” ar siad, “agus is dóigh linn nár aithin éinne dá raibh sa tigh í.  Pé scéal é,” ar siad, “bhí mac an rí go hana-mhór léi.  Ba chuma leis aon ní mar gheall ar éinne eile ach í.”

“Mhuise mo thrua é,” arsa Móirín, “n’fheadar an mbeidh an féasta aon oíche eile ann ?” ar sise.

“Is dóigh linn go mbeidh, mar ba mhaith le mac an rí an bhean óg d’fheiscint aríst.”

“Nach trua chráite,” arsa Móirín, “nach féidir liomsa dul ann.”

“Ó, tá cúram agat ann,” arsa na deirfiúracha léi.

Tháinig tráthnóna amárach, agus tháinig an caitín ag cur cóir ar Mhóirín chun dul go dtí tigh an rí. Bhí an oíche go compordach aici agus í suite i dteannta mhac a’ rí go dtí an t-am céanna, agus ghabh sí leathscéal leis an gcuideachtain agus d’fhág an chúirt.

Ach an triú hoíche bhí sé beartaithe ina aigne ag mac an rí gan í ligint uaidh an oíche sin gan fhios a bheith aige cad as í nó cér díobh í.  Nuair a bhí sé ana-bhuailte lena dó dhéag bhí imní ar Mhóirín ar eagla go mbeadh an t-am caite.  Bhí mac an rí ag faire ag an ngeata is le linn di a bheith ag marcaíocht thairis ar an each donn, thug sé snap ar an mbróig a bhí ar a cois, agus d’fhág sí ‘na diaidh í agus d’imigh sí léi.  Is é a bhí go sásta an tseoid a bheith aige.

Chuir mac an rí gairm scoile amach láithreach ná beadh aon bhean go deo aige ach an bhean a rúnódh an bhróig a bhí aige í. Nuair a chuaigh an scéal amach, sin í an uair a bhí an phramsáil ag na mná óga féachaint cé acu a mbeadh an t-ádh uirthi.  Ach bhí an scéal fuar acu is ní rúnaigh sé éinne.

Tháinig an prionsa go dtí tigh Mhóirín. Nuair a chonaic na leasdeirféaracha mac an rí ag teacht, chuireadar Móirín fé bhéal chómhrann an-mhór a bhí sa chistin ar eagla go mbeadh sé de mhí-ádh uirthi gur di a rúnódh an bhróig. Thriaileadar orthu an bhróig, ach níorbh aon mhaith dóibh é.

Lena linn sin, léim an caitín in airde ar an gcómhra is thosnaigh sé ag meabhlaigh is ag scríobadh. Shamhlaigh sé do mhac an rí gurbh é glór a bhí sa mheabhlaigh ná:

“Móirín, Móirín, fé bhéal chómhrann, is go rúnódh an bhróigín í.”

D’fhéach mac an rí faoin gcómhrainn agus fuair sé an créatúirín bocht agus í leathmhúctha.

“Cuir ort an bhróig seo, “ar seisean.

Rug sí ar an mbróigín ghloine agus chuaigh sí ar a cois gan mórán trioblóide.

“Is tusa mo ghrá is mo chéile” ar seisean.

Thóg sé leis í, agus stad níor dheineadar nó go dtí gur bhaineadar a chúirt féin amach.

I gceann beagán aimsire pósadh iad agus mhaireadar go sásta agus go compoan bhrórdach as sin amach.

Cú Chulainn agus Cú Raoi

Chuaigh Cú Chulainn agus an Chraobh Rua go hOileán Mhanainn ag iarraidh caisleán mór ar an gcósta a ghabháil, caisleán a bhí lán d’ór agus de sheoda luachmhara.

Ní raibh ag éirí leo mar bhíodh roth ag casadh mar bhró mhuilinn ag geata na cathrach agus ní raibh aon dul thairis ag éinne.

Aon duine amháin a d’fhéadfadh an roth a stopadh agus b’é sin Cú Raoi Mac Dáire.

Mhair sé sin ar Shliabh Mis i gCiarraí.

Bhí cathair mhór aige, Cathair Chon Raoi agus bhí ar a chumas a dhún féin a chur ag casadh timpeall chomh maith.

Bhí seanaithne ag Cú Chulainn agus Cú Raoi ar a chéile agus iad ana-mhór le chéile.

Chuir Cú Chulainn fios ar Chú Raoi, ag rá leis teacht chun cabhrú leis.

Chuir Cú Raoi a chlóca draíochta air agus chuaigh sé chomh fada le hOileán Mhanainn, agus bhuail sé le Cú Chulainn lasmuigh den gcathair.

“Trí ionsaí a dheineamair air’ arsa Cú Chulainn, ach níorbh aon mhaith dúinn é.”

“Lig domsa triail a bhaint as,” arsa Cú Raoi.

“Dein” arsa Cú Chulainn, “agus má éiríonn leat is féidir leat do rogha rud a bheith agat as an slad.”

Chuaigh Cú Raoi chomh fada leis an roth agus ní fada gur éirigh leis stop a chur leis.  Siúd leis an gCraobh Rua fén gcathair agus ba ghearr go raibh an chathair gafa acu, agus an chreach tugtha leo ar ais go Cúige Uladh.

Bhí féasta ansan acu agus roinneadh an chreach, gach éinne agus a chuid féin aige.

“Anois” arsa Cú Chulainn le Cú Raoi “bíodh do rogha den gcreach agatsa?”

“Nil uaim” arsa Cú Raoi, “ach Bláthnaid, iníon an Taoisigh.”

Ní mó ná sásta a bhí Cú Chulainn leis an rogha úd, mar theastaigh Bláthnaid uaidh féin.

Ní dúirt Cú Raoi faic.  Ach d’éirigh sé go luath an mhaidin dar gcionn, chuir air a chlóca draíochta, chuir Bláthnaid féna ascaill, chuir sé coire de sheoda luachmhara ar a dhroim, bhagair na trí bhó bhainne roimhe, cheangail na héiníní ar a chrios, agus d’éalaigh sé i ngan fhios do Chú Chulainn.

Bhí tamall ann sarar thug Cú Chulainn fé ndeara go raibh Cú Raoi imithe.  Lean sé é agus tháinig air ag Sulchóid, atá i gContae Luimnigh anois.  Ansan a bhí an comhrac aonair cruaidh cealgánta eatarthu.  Bhí Cú Raoi rómhaith do Chú Chulainn.  Sháigh sé síos sa talamh é, bhearr a chuid gruaige de, agus chuimil otrach bó isteach ina aghaidh.  D’fhill Cú Raoi ar Chathair Chon Raoi ansan agus mhair ann le Bláthnaid.  B’é a ghiolla a thug Cú Chulainn saor as an sáinn ina raibh sé.  D’fhill sé siúd abhaile go dtí na Beanna Boirche go maolchluasach, agus d’fhan i bhfolach ar feadh bliana gur fhás a chuid gruaige thar n-ais.  Náire shaolta do laoch an uair úd a bheith gan ghruaig.

Tamall ina dhiaidh sin, bhí Cú Chulainn amuigh ag seilg ar na Beanna Boirche. Cad a chífeadh sé chuige thar an bhfarraige anall ach iall mhór d’éin dhubha. Mharaigh sé an chéad cheann acu a thúisce a tháinig sé i dtír agus lean sé ar aghaidh á marú gur mharaigh sé an ceann deireannach díobh ag Srón Bhroin in iarthar Chiarraí.

Bhí sé ag filleadh abhaile nuair a casadh Bláthnaid air in aice na Fionnghlaise agus í go huaigneach. Bhí ana-áthas ar Chú Chulainn bualadh lena ghrá arís.

Bheartaíodar láithreach Cú Raoi a chur dá chois. Ní gan dua a dhéanfaí a leithéid, áfach, mar go gcaithfí Cú Raoi a mharú lena chlaíomh féin.

Bhí a anam istigh in úll, agus bhí an t-úll istigh i mbradán ná raibh le feiscint ach uair sa seachtú bliain i dtobar a bhí ar Shliabh Mis.

Dheineadar an plean, ach go háirithe, agus dúirt Bláthnaid le Cú Chulainn fanacht thíos ag bun an chnoic go dtí go n-iompódh an t-uisce fionn.  ‘Sé an comhartha a shocraíodar eatarthu ná bainne na dtrí mbó úd a ligint leis an abhainn i dtreo is go mbeadh an t-uisce fionn ón mbainne. B’shin an comhartha go mbeadh sé in am dó teacht.

Nuair a bhí an lá go raibh an bradán le bheith sa tobar ag druidim leo, dúirt Bláthnaid le Cú Raoi gur theastaigh dún nua uaithi, an dún ab fhearr a bhí riamh ann.

Chuir Cú Raoi a chuid laoch mórthimpeall na hÉireann ag bailiú cloch chun an dún a dhéanamh. Ach ní raibh ann ach plean ag Bláthnaid chun ná beadh aon chabhair ag Cú Raoi in am an ghátair.

Nuair a tháinig an lá chrúigh Bláthnaid na ba dubha isteach sa choire mór. Chuaigh sí isteach go Cú Raoi ansan. Bhí Cú Raoi sínte sa leaba roimpi. Thosnaigh sí ar a chuid gruaige a chíoradh mar a dheineadh sí go minic. Agus chuir sí Cú Raoi chomh mór sin ar a shuaimhneas gur éirigh léi a ghruaig a cheangailt le colpa na leapan.

Amach léi ansan agus dhoirt sí an bainne isteach sa ghlaise.  D’aithin Cú Chulainn an comhartha agus tháinig sé féin agus a lucht leanúna suas an cnoc gan aon mhoill.  Isteach sa chathair le Cú Chulainn, sciob sé claíomh Chú Raoi agus rith go dtí an dtobar. Sin é an uair díreach a bhí an bradán ann.  Rug sé ar an mbradán, d’oscail é agus tháinig ar an úll a bhí istigh ann.  Ghearr sé an t-úll trasna ar a leithead le claíomh agus thit an t-anam as Cú Raoi.

Lig Cú Raoi béic dhiamhair as.  Chuala a laochra an bhéic úd agus bhí a fhios acu láithreach go raibh sé ag fáil bháis ar Shliabh Mis. Chaitheadar uathu na clocha agus ritheadar abhaile, gan dabht, bhíodar ródhéanach, mar bhí Cú Chulainn agus Bláthnaid éalaithe leo i dtreo Chúige Uladh fén am seo.

Bhí cruitire ag Cú Raoi darbh ainm Feircire agus bhí ana-fhearg air nuair a d’airigh sé an feall. Lean sé an bheirt ar a chapall fhéin agus tháinig sé suas leo agus iad ag marcaíocht le faobhar faille cois Loch Léin.

Sciob sé Bláthnaid a bhí ar chúlóg Chú Chulainn agus léim le faill léi. Maraíodh iad araon ar an toirt.

Tá glaise bheag ag sníomh trí lár an Chama i gCorca Dhuibhne go dtugtar abhainn na Fionnghlaise air go dtí an lá atá inniu ann.

Cú Chulainn agus Cú Raoi (Guth: Aoife Ní Chonchúir)

Cú Chulainn agus Conchúr Mac Neasa

Buachaill óg ab ea Setanta Mac Sualdaimh nuair a mharaigh sé cú faire leis an ngabha Culann.  Cú ab ea é nach raibh aon duine in ann é a láimhseáil ach Culann féin. Nuair a scaoileadh sé amach an cú sin istoíche ní thagadh bithiúnach, ná gadaí, ná aon duine eile an treo ach go gcuireadh an cú an teitheadh orthu.  Bhí Culann trína chéile toisc ná beadh in ann é a chosaint, ach dúirt Setanta go ndéanfadh sé féin an cúram san.  Thug Cafa, draoi, an t-ainm Cú Chulainn air mar gheall air sin, agus lean an t-ainm dó ar feadh a shaoil.

Sea, bhí go maith is ní raibh go holc.  Bhí Cú Chulainn ina chónaí in Eamhain Mhacha mar a raibh Conchúr Mac Neasa ina rí.  An uair sin bhíodh scata ógánach ag traenáil le bheith ina laochra in Eamhain Mhacha.  Cé go raibh Cú Chulainn i bhfad níos óige ná an chuid eile, bhíodh sé ina measc uaireanta ag foghlaim cleasa lútha agus gaiscíochta.  Go deimhin bhí Cú Chulainn níos láidre ná an chuid eile agus níos tapúla ar a chois ná iad.  Sin an fáth gur lig Conchúr mac Neasa dó a bheith ina measc an chéad lá.

Anois, tharla sé maidin aoibhinn ghréine nach raibh Cú Chulainn leis an gcuid eile.  Ach bhí sé ag cleachtadh dó féin os comhair Eamhain Mhacha amach.  Lena linn sin bhí Cafa (Cathbhadh) ag múineadh filíochta agus seanchais dosna hógánaigh a bhí ina suí ar phort deas féir in aice an dúna.  Sa chaint dó d’inis sé dóibh go mbeadh clú agus cáil go deo ar an gcéad duine a ghlacfadh airm chuige féin an lá san.

“An chéad laoch a ghlacfaidh airm inniu,” a dúirt Cafa “beidh a ainm in airde i measc na nGael go deo.  Faraoir, ní fada an saol a bheidh ag an laoch san – gheobhaidh sé bás ina fhear óg.”

Sea, cé nach raibh Cú Chulainn i measc na n-ógánach, ach é ag caitheamh léim ar an bhfaiche os comhair an dúna amach, chuala sé an méid a bhí ráite ag Cafa. Theastaigh uaidh go mbeadh clú agus cáil air, agus ba chuma leis fé aon ní eile. Ba chuma leis fén gcuid eile de chaint Chafa – sé sin go bhfaigheadh sé bás ina fhear óg. Seo leis fé luas go dtí Conchúr mac Neasa.

“A Chonchúir uasail Mhic Neasa” a dúirt sé, “is mise Cú Chulainn, mac do dheirféar, agus táim ullamh anois le hairm a ghlacadh chugham ar an láthair seo.”

D’fhéach Conchúr Mac Neasa ar an mbuachaillín óg agus bhí iontas air an chaint seo a chloisint uaidh.  Gan dabht níorbh í an chéad uair a chuir an buachaillín céanna iontas air féin ná ar na hUltaigh eile. Labhair sé.

“Is breá misniúil an chaint agat í sin” ar seisean, “ach cé chuir id cheann é airm a ghlacadh anois?”

“Do dhein Cafa, draoi!” arsa Cú Chulainn.

“Más mar sin é” arsa Conchúr mac Neasa “tabharfad na hairm duit.”

Sin é an nós a bhí ann san am, go dtabharfadh Conchúr Mac Neasa airm don laoch óg nuair a déarfadh Cafa go raibh sé ullamh chuige.  Ghlaoigh Conchúr ar ghiolla.

“Faigh sleá agus sciath don ngaiscíoch óg seo” ar seisean.

D’imigh an giolla leis agus d’fhill sé gan mhoill le sleá bheag ghearra agus sciath bheag éadrom, mar go raibh Cú Chulainn chomh beag, chomh hóg. Thóg Cú Chulainn na hairm ón ngiolla.  Tharraing sé buille beag den tsleá ar an dtalamh agus bhris sí.  Chuir sé a dhorn trén sciath.

“Ní haon airm chearta iadsan do ghaiscíoch le Conchúr mac Neasa” arsa Cú Chulainn.

“Faigh airm níos fearr dó” arsa Conchúr.

D’imigh an giollla arís agus d’fhill sé le sleá agus le sciath eile, sleá agus sciath mar a bhíodh ag na laochra fásta go léir in Eamhain Mhacha.  Rug Cú Chulainn ar na hairm seo. Chuir sé an tsleá trasna a ghlúine gur dhein sé dhá leath di agus chuir sé a chos glan isteach trén sciath.

“Ní mór an gaisce a dhéanfadh duine leis na hairm sin” arsa Cú Chulainn.

Sea, tugadh airm eile chuige agus dhein sé píosaí beaga díobh go léir.  Ar deireadh thug Conchúr a shleá agus a sciath féin dó.  Bhain Cú Chulainn triail astu agus níor bhris siad.

“Sea, ar seisean, airm mhaithe iad seo.”

“Sin iad mo chuid arm féin” arsa Conchúr, “agus bronnaim ort iad. Tá áthas orm go bhfuil tú i measc mo chuid laoch, a Chú Chulainn.”

An uair sin díreach shiúil Cafa isteach. Chonaic sé Cú Chulainn beag agus airm Chonchúir Mhic Neasa aige.  Bhí iontas air mar nach mbíodh cead ag aon duine baint leis na hairm sin. Labhair sé.

“Cad é seo?” ar seisean.  “Cad ina thaobh go bhfuil na hairm ag an mbuachaillín óg seo?”

D’fhreagair Conchúr Mac Neasa é.

“Thug mé mo chuid arm féin do Chú Chulainn mar gur dhein sé smidiríní desna hairm eile a thugamar dó.  Tá sé i measc mo chuid laoch anois toisc go ndúirt tusa leis airm a ghlacadh inniu, a Chafa” arsa Conchúr.

“Ní dúirt mé a leithéid leis!” arsa Cafa.

D’fhéach an rí ar Chú Chulainn agus é ar buile. Cheap sé go raibh bréag inste ag Cú Chulainn, agus sin rud nach ndéanfadh aon laoch ceart.

“A Chú Chulainn, cad ina thaobh go ndúirt tú gur chuir Cafa anseo tú chun airm a ghlacadh inniu?”

“Ní hé sin a dúirt mé, a Chonchúir uasail Mhic Neasa” arsa Cú Chulainn. D’fhreagair mé an cheist a chuir tú orm agus dúirt mé leat gurbh é Cafa a chuir im cheann é airm a ghlacadh inniu.  Do bhí an fhírinne agam.  Chuala mé é ag caint leis na hógánaigh a bhí ina suí ar an bport féir atá le hais an dúna.  Dúirt sé leo go mbeadh clú agus cáil go deo ar an gcéad duine a ghlacfadh airm anso in Eamhain Mhacha inniu. Sin a chuir im cheann é. Sea agus táim ullamh don gcúram pé scéal é!  Nach raibh ort do chuid arm féin a bhronnadh orm, a rí uasail, toisc nach raibh na hairm eile láidir ná maith a ndóthain dom!”

“Is fíor a bhfuil ráite ag Cú Chulainn” arsa Cafa. “Beidh clú agus cáil ort a Chú Chulainn, ach gheobhaidh tú bás go hóg.”

“Is cuma liomsa san” arsa Cú Chulainn. “Mura mairfinn ach lá agus oíche bheinn sásta go mbeadh cuimhne orm i measc na nGael go deo!”

Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin nuair ba mhó an baol do Chúige Uladh, b’é Cú Chulainn an t-aon duine amháin a bhí in ann an cúige a chosaint. Scéal fada eile é sin áfach agus beidh lá eile lena insint.

Ar ala na huaire seo áfach, sin é mo scéalsa i dtaobh Chú Chulainn.

Má tá bréag ann bíodh mar ní mise a chum ná a cheap é.