Tá tús curtha le scéim na gCúntóir Teanga ón 3 Meán Fómhair i mbunscoileann agus i meánscoileanna Chúige Mumhan go léir. Gabhaimid buíochas leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta as an maoiniú a chur ar fáil aríst i mbliana.

Beidh teacht le chéile ag Cúntóir Teanga na Mumhan ag tús mhí na Samhna chun breis tuisceana a fháil ar an bPolasaí Oideachas Gaeltachta agus a mbaineann leis.

Gabhaimid buíochas le Seán Óg Ó Duinín, Cóitseálaí, as sinn a ghríosadh chun gnímh don mbliain scoile romhainn ag ócáid i gCill Airne ar an 8 Deireadh Fómhair.

Táthar ag comhoibriú leis an Rannóg Taighde, Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath atá i mbun an athbhreithnithe ar an Scéim faoi láthair. Fáiltímid roimh an t-athbhreithniú agus is cinnte gur chun leasa post an Chúntóra Teanga agus a gcuid oibre i scoileanna agus le pobal óg na Gaeltachta, an taighde.