http://www.rte.ie/news/nuacht/2014/1120/660920-datheangachas-ag-deanamh-leas-an-bhearla-sa-ghaeilge/

Léiríonn taighde nua go bhfuil daoine óga sa Ghaeltacht, arb í an Ghaeilge a dteanga baile, níos cumasaí sa Bhéarla ná sa Ghaeilge de réir mar a théann siad in aois.

Tugann an taighde le fios go bhfuil dátheangachas éagothrom ag dul i gcion ar dhaoine óga sa Ghaeltacht, agus nach dtagann an forás a mbeadh súil leis ar a gcumas sa Ghaeilge.

Uileláithreacht an Bhéarla agus an iomaíocht éagothrom idir an dá theanga is cúis leis seo, a deirtear.

____________________________________________________

Achoimre ghairid: 

– Daltaí idir 7 agus 12 bliain

– Buntáiste 15% ag Béarla ar Ghaeilge

– Cóimheas cumais 7 : 3 

– Uileláithreacht an Bhéarla 

– Gaeilge measctha le Béarla á labhairt

– Gá le léitheoireacht Ghaeilge

– Gá le gréasáin shóisialta Ghaeilge

____________________________________________________

Cé gurb í an Ghaeilge a dteanga baile, léiríonn an taighde go bhfuil buntáiste 15% ag a gcumas Béarla ar a gcumas Gaeilge.

Léiríonn anailís ar struchtúir theangeolaíochta inchomparáide sa dá theanga go bhfuil buntáiste cóimheasa ag an mBéarla ar an nGaeilge de 7 : 3.

Léiríonn an taighde freisin go bhfuil an Béarla ag dul i gcion go mór ar chineál na Gaeilge a labhraíonn páistí. Gaeilge measctha le Béarla atá i gceist.

Is sna scoileanna is mó a bhfuil Béarlóirí iontu is laige atá an cumas Gaeilge ag na ndaltaí.

Tá an staidéar nua – Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: an sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta – foilsithe inniu ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Seo é an chéad taighde comparáideach dátheangach dá shórt a rinneadh in Éirinn. Bunaítear an anailís ar chaint 50 dalta – idir 7 agus 12 bliain d’aois – ina dhá dteanga, agus iad ag reacaireacht agus i mbun tástálacha cumais teanga.

Dar leis na taighdeoirí, is léirú é an míbhuntáiste teangeolaíochta seo ar an míbhuntáiste sochtheangeolaíochta sa Ghaeltacht agus labhairt na teanga ag meath, fiú sna ceantair sin ina mbíodh sí á labhairt go forleathan go dtí le deireanaí.

Le cumas sa Ghaeilge a chothú, molann na taighdeoirí múnla uaillmhianach tumoideachais bhreisithe. Deir na taighdeoirí go bhfuil an múnla oideachais sa Ghaeltacht faoi láthair éiginnte.

Moltar go gcothófaí an léitheoireacht Ghaeilge i measc páistí sa Ghaeltacht lena bhforás teangeolaíochta a neartú.

Moltar freisin go gcothódh tuismitheoirí gréasáin shóisialta Ghaeilge dá gclann, a ligfeadh do na páistí an oiread feidhme a bhaint as an teanga agus ab fhéidir.

Fáiltíonn Oidhreacht Chorca Dhuibhne roimh an nuacht go bhfuil Scéim na gCuntóirí Teanga ceadaithe ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta don scoil bhliain 2014/2015 arís i mbliana.

Beidh Cuntóirí Teanga ar ais i mbun oibre i mbunscoileann agus i meánscoileann na Mumhan ón Luan seo, 15 Meán Fómhair 2015.

Corca Dhuibhne

Féile na nÓg : Halla na Feothánaí ar an 21/22 agus 23 Deireadh Fómhair. Beidh scéalaithe ar chamchuairt chuig bunscoileanna Chorca Dhuibhne as seo go ceann cúpla seachtaine.

Lá Oiliúna – Cuntóirí Chorca Dhuibhne Déardaoin 25 Meán Fómhair óna 10.00-1.00 sa Daingean. Díreofar ar scileanna ríomhaireachta agus ábhair eile. Beidh an clár iomlán agaibh go luath.