Scéalta dosna Bunranganna
Fadó, bhí seanfhear darbh ainm Micilín ina chónaí i mbráca beag tí ag bun cnoic. Bhí sé uaigneach, aonarach agus gach aon oíche sara dtéadh sé a chodladh, thógadh sé cúpla bolgam uisce beatha chun misneach a thabhairt do féin. Bhí sé, fé mar a deirim, brónach, uaigneach agus bhíodh an cúpla bolgam aige gach aon oíche.

Tar éis tamaill, bhí an t-aos ag breith ar an bhfear bocht, na cnámha á leaghadh agus ag crapadh agus nuair a bhíodh sé ag cur an braoinín as an mbuidéal insa ghloine, gan dabht, thiteadh deoir bheag anois is arís ar an urlár. Tar éis tamaill, thug sé fé ndeara go dtagadh luch amach as poll a bhí sa bhfalla agus thagadh sí agus leadhbeadh sí an braoinín a bhí titithe ar an urlár uaidh.

Bhí an scéal mar sin ó am go ham, agus bhí an luch ag fáil níos dáine, agus an braoinín ag dul síos léi, agus oíche amháin tháinig sí amach agus d’ól sí siar an braoinín a bhí titithe ar an urlár, agus chuir sí a dá lapa anuas ar ghlúin Mhicilín agus ar sise,

“Cá bhfuil an cat san a bhí ar mo thóir-se inné?”

Bhí an oiread san misnigh tugtha ag an mbraoinín dí dhi. Sin í an uair a thuig Micilín go raibh an braoinín ag tabhairt misnigh do féin chomh maith.





Guth:  Aoife Ní Chonchúir
“Is láidre mise ná tusa!” arsa an ghaoth.

“Chífimid anois cé is láidre den mbeirt againn!” arsa an ghrian.

“Conas san?” arsa an ghaoth.

“An gcíonn tú an fear san thíos ar an mbóthar a bhfuil an cóta mór air?”

‘Cím!’ arsa an ghaoth.

“Ar aghaidh leat,” arsa an ghrian, “agus bain an cóta de.”

Thosnaigh an ghaoth ag séideadh. Shéid sí agus shéid sí, ach dhún an fear na cnaipí agus níor fhéad sí an cóta a bhaint de. Shéid sí arís ar a dícheall agus d’fháisc sé an cóta timpeall air le crios.

“Táimse ag éirí as” arsa an ghaoth. “Fútsa atá sé anois.”

Thosnaigh an ghrian ag taitneamh. D’éirigh an fear te. Scaoil sé cnaipí agus crios a chóta. Bhí allas leis. Níor fhéad sé siúl leis an dteas. Bhain sé an cóta do.

‘Agatsa atá an bua!’ arsa an ghaoth.





Guth:  Aoife Ní Chonchúir

Aon lá amháin d’fhéach an ghaoth ar fhear a bhí ag siúl an bhóthair agus casóg mhór throm air.

“Féach air fhéinig thíos. Is túisce a chuirfinn iallach air a chasóg a bhaint do, ná mar a dhéanfása,” arsa an ghaoth leis an ngrian.

“Tá go maith,” arsa an ghrian, “bain triail as tú fhéin ar dtúis”.

Shéid an ghaoth, shéid sí agus shéid sí, ach dá mhéad a shéid sí, is amhlaidh a tharraing an fear a chasóg timpeall air fhéin, chun é féin a chosaint.

Tar éis tamaill bhain an ghrian triail as. Bhí sí go hard sa spéir agus teas diamhair aisti. Bhí allas ar an bhfear thíos. Bhí spalladh air. Ní fhéadfadh sé leanúint ag siúl, go dtí i ndeireadh thiar thall, shuigh sé síos agus bhain sé a chasóg do.

“Tá liom,” arsa an ghrian.

“Tá an bheart déanta agam”.

“Ní hé an fear láidir is fearr i gcónaí.”





Guth: Aoife Ní Chonchúir

Lá amháin bhí madra rua is portán ag siúl le chéile cois trá.

“Tá tusa chomh mall le slimide” arsa an madra rua. “Má tá,” arsa an portán, “cuirfidh mé geall leat, go mbuafaidh mé ort i rás.”

“Ní haon mhaith duit rás liomsa,” arsa an madra rua, “mar táimse i bhfad róthapaidh duitse.”

“Fan go gcífimid,” arsa an portán, “bíodh rás againn go dtí an gcarraig úd thall ar an dtaobh eile den dtráigh”.

Dar ndóigh, ní raibh an portán ábalta coimeád suas leis an madra rua. Cad a dhein sé ach greim a fháil ar scoth eireabaill an mhadra rua lena ordóig. Níor bhraith an madra rua aon rud. “Cuiríg’ díbh!” arsa an portán.

Léim an madra rua as a bholg is chuir sé de chomh tiubh is a d’fhéadfadh sé é.

Nuair a shroich sé an charraig chas sé timpeall féachaint an raibh an portán ag teacht.

“Hé, a amadáin na n-ordóg,” ar seisean, “cá bhfuileann tú anois?”

Léim an portán dá eireaball agus nuair a d’iompaigh an madra rua thar n-ais, arsa an portán,

“Dhé, amadán tú féin, táimse anso romhat le fada.”

Bhí ionadh an domhain ar an madra rua nuair a chonaic sé an portán ar an gcarraig roimhe is seo leis abhaile is a eireaball fé.

“Sea, a chladhaire,” arsa an portán, “ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.”

Sin é mo scéalsa, má tá bréag ann bíodh, ní mise a chum ná a cheap é.





Guth:  Aoife Ní Chonchúir
Bhí préachán ag eitilt thuas sa spéir lá. Chonaic sé píosa cáise ar an dtalamh. Bhí ocras air, mar sin, phrioc sé suas an píosa cáise agus d’eitil sé in airde ar chrann. Tháinig an madra rua. Bhí ocras air siúd leis agus nuair a chonaic sé an cháis i ngob an phréacháin, líon sé suas d’éad agus d’fhormad.

“Nach aoibhinn an t-éan tusa” ar seisean, “agus nach gleoite na cleití atá ort.”

“Deirtear liom go bhfuil guth álainn binn agat, chomh maith.”

“An bhfeadraís,” ar seisean, “níl aon rud sa tsaol is fearr liomsa ná guth préacháin.”

Tháinig mórtas agus éirí in airde ar an bpréachán agus thaitin an moladh chomh mór san leis gur oscail sé a bhéal.

‘Cá, Cá, Cá’ ar seisean.

Thit an píosa cáise amach as a bhéal, ach má thit, ba thapaidh a sciob an madra rua leis é agus d’ith siar ina bholg é. 





Guth: Aoife Ní Chonchúir
Bhuail an madra rua agus an cat le chéile lá sa choill. Bhíodar ag caint fé na cúnna [na cuite].

“Táimse scanraithe acu” arsa an cat. “Is dócha go mbíonn eagla ort féin rompu chomh maith”.

“Mhuise, ní bhíonn ná eagla!” arsa an madra rua. “Tá na cleasanna agamsa, an dtuigeann tú?”

“Mo léan!” arsa an cat, níl agamsa ach an t-aon chleas amháin!”

Leis sin, chualadar na cúnna [cuite] ag teacht.

“Seo chugainn iad!” arsa an madra rua. “Bí ag faire ormsa anois, a chait!” D’imigh an cat in airde ar chrann mór ard agus d’fhan ann. Tháinig na cúnna [cuite]. Rith an madra rua anso is ansúd. D’fhan na cúnna [cuite] ar a thóir. Chuaigh sé isteach is amach idir na crainn, ach níorbh aon mhaith é. Léim sé isteach sa [t]sruthán ach theip air éalú uathu. Sa deireadh rugadar air agus mharaíodar é.

Nuair a bhíodar imithe, tháinig an cat anuas den gcrann agus d’imigh sé abhaile.





Guth: Aoife Ní Chonchúir
Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí beirt bhuachaillí ann darbh ainm Mic agus Peats agus ní raibh aon úlla acu i gcomhair Oíche Shamhna. Chuadar go dtí an t-úllord agus ghoideadar na húlla a bhí ann. Ritheadar leo ar nós na gaoithe. Ní fhaca fear an úlloird iad. Bhíodar ag siúl fós, ansan dúirt Mic le Peats, ‘Tá níos mó úlla agatsa ná mar atá agamsa’.” Dúradar go raghaidís isteach sa reilig chun na húlla a roinnt.

Nuair a bhíodar ag dul isteach, thit dhá úll as mála Mhic. Dúirt Peats ‘Priocfaimid suas iad nuair a bheimid ag teacht amach.’ Roinneadar iad mar seo, ‘ceann duitse, ceann domsa, ceann duitse, ceann domsa’ agus mar sin do.

Bhí fear ag siúl taobh amuigh don reilig agus chuala sé iad istigh;. ‘Ceann duitse, ceann domsa, ceann duitse, ceann domsa.’ Dúirt sé leis féinig gurbh iadsan Dia agus an Diabhal a bhí ag roinnt na marbh agus rith sé leis go dtí tigh an tsagairt.

D’inis sé an scéal don sagart. Chuaigh an fear agus an sagart go dtí an reilig agus chualadar iad istigh; ‘ceann duitse, ceann domsa, ceann duitse, ceann domsa’ agus mar sin do. Ansan dúirt Mic le Peats ‘Cad mar gheall ar an dá cheann amuigh ar an mbóthar?’

Cheap an fear agus an sagart gurb iad fhéinig a bhí i gceist agus ritheadar leo ar nós na gaoithe.





Guth: Aoife Ní Chonchúir
Bhí feirmeoir ar an aonach lá ag díol capaill. Níorbh fhada gur bhuail ceannaitheoir chuige agus tar éis féachaint go géar ar an gcapall, d’fhiafraigh sé den bhfeirmeoir an mó a bhí á lorg aige.

“Dhá chéad punt,” arsa an feirmeoir.

“An bhfuil aon locht air?” arsa an ceannaitheoir.

“Beidh mé go macánta leat,” arsa an feirmeoir. “Tá dhá locht air agus neosfaidh mé an chéad locht duit anois. Neosfaidh mé an dara locht duit nuair a bheidh an capall ceannaithe agat.”

“Go maith agus go macánta,” arsa an ceannaitheoir. “Cad é an chéad locht ata air?”

“Nuair a bhíonn sé sa pháirc, is deacair breith air,” arsa an feirmeoir.

“Tut! Ní fiú biorán é sin!” arsa an ceannaitheoir.

Cheannaigh sé an capall agus dhíol sé as. “Anois a dhuine mhuinteartha,” arsa an ceannaitheoir, “cad é an dara locht atá ar an gcapall?”

“Nuair a bheidh greim agat air ní bheidh aon mhaith ann!” arsa an feirmeoir agus d’imigh sé leis.

Is dá bharr sin a cumadh an seanfhocal, “Is mairg a raghadh ar iontaoibh le rógaire.”





Guth: Aoife Ní Chonchúir
Bhí madra ag dul thar siopa búistéara lá amháin. Chonaic sé píosa breá bagúin crochta ar chrúca taobh amuigh. Chuir sé a bholadh air agus thaitin sé go mór leis. Ansan, rug sé ar an mbágún agus as go brách leis abhaile ar chosa in airde.

Ar an mbealach abhaile bhí ar an madra ag dul thar dhroichead adhmaid. D’hearc sé síos ins an uisce agus chonaic sé madra eile thíos faoi agus píosa breá feola ina bhéal aige. Tháinig éad an domhain air. Sheas sé agus chuir sé colg air féin. Rinne an madra a bhí insan uisce an cleas céanna. Chuir sé sin ar buile ar fad é agus cad a dhéanfadh sé ach an fheoil a ligean uaidh agus léim san uisce ag ionsaí an mhadra eile, mar a shíl sé.

Mo léan! Ní raibh aon mhadra eile ann agus nuair a tháinig sé amach as an uisce, bhí sé fuar fliuch, feargach agus rud ba mheasa ná sin ar fad, bhí an spóla breá feola caillte aige — scuabtha le fána ag an sruth. Mar a deir an seanfhocal ‘An té nach múinfidh Dia é, ní mhúinfidh an saol é.’





Guth: Aoife Ní Chonchúir
Bhí naomh ann fadó. Mochua an t-ainm a bhí air. Bhí trí pheata aige – coileach, luch agus cuileog. D’éiríodh Mochua i lár na hoíche lena phaidreacha a rá. Nuair a bhíodh sé in am éirí, ghlaodh an coileach agus dhúisíodh sé an naomh as a chodladh. Toisc nach mbíodh ach beagán codlata déanta ag Mochua san oíche is minic a thiteadh a chodladh air sa lá. Ansan thagadh an luch agus bhíodh sí ag scríobadh a chluaise go dtí go ndúisíodh sí é. Bhí a cuid oibre féin le déanamh ag an gcuileoig. Nuair a bhíodh Mochua ag léamh a leabhair ní ligeadh an chuileog dó dul amú. Nuair a stadadh sé, d’fhanadh an chuileog ar an bhfocal deireannach a léadh sé.

Tháinig an aois ar na trí pheata. Fuaireadar bás. Bhí brón ar Mhochua. Scríobh sé chuig Colm Cille agus d’inis sé an drochscéal dó. Fear suairc ba ea Colm Cille. Scríobh sé ar ais chuig Mochua.

“Is trua liom do chás,” ar seisean, “ach nach bhfuil a fhios agat nach mbíonn cailliúint mhór ach san áit a mbíonn saibhreas mór!”





Guth: Aoife Ní Chonchúir