Áiseanna
Fearaimid fáilte romhaibh ar fad, idir Chúntóirí Teanga, Phríomhoidí, thuismitheoirí agus leanaí óga, go dtí an suíomh seo www.ancuntoir.ie, go bhfuil áiseanna agus acmhainní ann daoibhse i Naíonraí, i mBunscoileanna agus i dteaghlaigh Chorca Dhuibhne agus cheantair Ghaeltachta eile i gCúige Mumhan. Tá an chuid is fearr de rannta, de dhánta agus de shaibhreas scéalaíochta ann do gach aoisghrúpa, chomh maith le seanchas, ábhar béaloidis agus ábhar teagaisc. Táthar buíoch do Chúntóirí Teanga na Mumhan as a gcuid acmhainní a roinnt linn go fial, d’fhoireann Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chnuasaigh, a chomhordnaigh agus a chuir in eagar, dóibhsean a bhfuil a nguthanna le clos sna taifeadaí, agus dóibhsean a raibh baint acu leis na Cluichí Clóis a fhorbairt agus a mhaoiniú.
Tréise libh go léir agus bainíg taitneamh as a bhfuil anseo istigh.