Ábhar Béaloidis & Stair Áitiúil
Naomh Gobnait Mhúscraí
Lá ‘le Gobnatan: An t-aonú la déag de mhí Feabhra. Tá Cúil Aodha i bparóiste Bhaile Bhúirne. Is í Naomh Gobnait, Naomhphátrún pharóiste Bhaile Bhúirne.Paidreacha
“Go mbeannaí Dia dhuit a Ghobnait Naofa
Go mbeannaí Muire dhuit is beannaím féin duit
Is chugat-sa a thána a’gearán mo scéil leat
‘S a d’iarraidh mo leighis ar son Dé ort.”
“A Ghobnait mhúinte ó Bhaile Bhúirne,
Tair-se chugamsa led’ chabhair ‘s led’ chúnamh”
“Dia linn is Muire is Gobnait na Cille”
Piaras Feiritéar
An ceann tíre ansan amuigh, sin é Ceann Sibéal, ceann tíre go bhfuil mórchuid éicint grianghrafanna agus pictiúirí tógtha do anso in Iarthar Dhuibhneach. Ach laistiar de san tá scéal agus is é an scéal ná cad as a tháinig an t-ainm Sibéal. Bhuel, fé bhun an chinn tíre sin tá caisleán, caisleán na bhFeirtéarach agus an ridire a bhí i gceannas ansan ná Piaras. Agus bhí Piaras ar camchuairt ‘on Ghaillimh, rud a dhein mórchuid Ciarraígh, caithfidh mé a admháil. Agus nuair a bhí sé sa Ghaillimh ná leag sé a shúil ar an óigbhean so. Sibéal Ní Loingsigh ab ainm di, iníon do thaoiseach de shliocht na Loingseach a bhí i gceannas sa Ghaillimh. Caithfidh mé a admháil gur dóigh liom gur taoiseach mór le rá ab ea é. Pé scéal é bhí féasta agus fleadh acu an oíche seo agus cad a dhein Piaras ach Sibéal a dh’fhuadach, í a chur ar bord árthaigh agus teacht anso go Corca Dhuibhne léithe.
Anois, ní raibh an taoiseach róshásta sa Ghaillimh agus bhailibh sé chuige a chuid gasra fear agus dúirt sé “Táimid ag imeacht go Corca Dhuibhne agus táimid ag tabhairt m’iníonsa thar n-ais.” Rud a dhein, agus tháinig sé go dtí an gCaisleán. Ach ná fuair Piaras gaoth an fhocail go rabhadar ag teacht agus ná chuir sé Sibéal agus a dheirfiúr féin Urla i bhfolach i bpluais fen gcaisleán. Anois pé cogaíocht agus clibirt a bhí ar siúl aigena fearaibh i mbarra na haille, ná an rud is nádúrtha beo, ná tagann agus líonann an taoide, meath agus teacht na taoide. Agus cad a tharla a fhad a bhí an bheirt bhan sa bpluais ná bádh an bheirt acu, Sibéal agus Urla. Sa pharóiste seo ní thugtar Paróiste an Fheirtéaraigh air ach Paróiste Dhún Urlann in ómós d’Urla Feiritéar agus tugtar ar an gceann tíre Sibéal, Sibéal Ní Loingsigh mar gheall ar ómós do Shibéal a bádh le Urla. Ina dhiaidh sin cumadh dán mar gheall ar an eachtra san. Níl ann ach dán beag gearra ach mar seo a théann sé:
Ordú ód mháistir, a chairde Gael,
Riaraigh do chriú is dein do chúram cruinn,
Nuair a bheidh sult agus greann féd bhonn-sa thíos
Tarraing go sleamhain na hancairí.
Scaoil í fán mbá le gala mín
Agus cuirse do tháclaí in áras cruinn,
Tabhair di moladh an tseoil mhóir gan stuaic gan ríf,
Agus tarraing go buacach Cuan an Chaoil.
Sin é mo scéalsa agus má tá breag ann bíodh mar ní mé a chum ná a cheap.
Turas Ghobnait
Tá gach aon dealramh ar an scéal gur chaith Naomh Gobnait tamall dá saol i nDún Chaoin mar tá an scoil naisiúnta Naomh Gobnait ainmnithe dhi, tá an sáipéal ainmnithe dhi agus tá an reilig ainmnithe dhi. Agus bhí sé ráite go láidir go mbíodh sí ag dul agus ag teacht agus tá saghas fothrach nó carraigeacha thiar ar an gcill agus go mbíodh sí ina cónaí ansan. Agus gur minic minic a bhíodh sí le feiscint i lúibín na cille, istigh sa charraig mhór agus í ag cur scothóga ar a seáilín brait, mar bhíodh na scothóga smiotaithe don seál, mar bhí sé ráite gur cailín ana-thámáilte, ana-náireach ab ea í, ná raibh aon údarás mór aici agus go séanfadh sí an bóthar poiblí chomh mór agus a dh’fhéadfadh sí ar a turas go Baile Bhúirne, mar bhíodh sí ag dul is ag teacht i gcónaí ó Bhaile Bhúirne go Dún Chaoin. Agus ansan deirtear, agus tá sé riamh ó shin, abair tá sé ann riamh ó shin, go dtugtar turas in onóir do Naomh Gobnait i nDún Chaoin ar an aonlú lá deag do mhí Feabhra, gach aon bhliain.
Thagadh na sluaite ann nuair a bhíos óg, na sluaite daoine. Bheadh ionadh ort, tagann siad fós ann, tagann a lán daoine fós ann, daoine ón áit anois a bheadh pósta thar paróiste amach abair, bheidís pósta. Tagann siad Lá le Gobnait. Agus bíonn Aifreann anso ansan Lá le Gobnait agus faoistiní agus Comaoine. Agus nuair a bhíos óg anois, mathair Mháirín Daly mo pháirtí, thugadh sí ann sinn. Agus bhímís ag tabhairt an turasa agus mhúineadh sí dhúinn conas an turas a thabhairt agus gach aon ní mar sin. Agus tá sé im cheann riamh ó shin. Is í an tslí a tugtaí an turas na raghfá go dtí an turas agus tá an chill mhór, is dócha gur sáipéal nó rud éigin a bhí ann fadó, ait chónaithe aici ab ea é, ach raghfá os a chomhair sin amach ar do dhá ghlúin. Agus díreach isteach uait tá cros chloiche ina seasamh istigh sa chill mhór. Cros déanta as cloch. Raghfá ar do dhá ghlúin ansan ar aghaidh na croise díreach agus déarfá:
Chugatsa a thána a Ghobnait Naofa,
Chugatsa a thána ag gearán mo scéil leat,
Agus ag iarraidh mo shláinte,
Ar son Dé ort.
Mar tá sé áirithe go raibh sé ana-mhaith do dhuine a bheadh as a shláinte nó duine go mbeadh tinneas cinn ag gabháil do go raibh turas Ghobnait ana- mhaith. Ansan d’éireofá agus thabharfá naoi dturas timpeall ar an gcill mhór agus bheifeá ag paidreoireacht leat i rith an ama.
Nuair a bheadh na naoi dturas tabhartha agat, is ann a chuirfeadh daoine sáil a mbróige sa talamh chun marc a chur go mbeadh a fhios acu go raibh na naoi dturas déanta acu. Dhéanfadh duine eile ar an bpaidrín é agus mar sin.
Agus ansan nuair a bheadh na naoi dturas tabhartha agat raghfá isteach mar a bhfuil an chros agus raghfá ar do ghlúine agus déarfá paidreacha. Raghfá timpeall ansan seacht n-uaire ar an gcros chloiche agus ansan phógfá an chros, raghfá ar do ghlúin arís is déarfá cúpla paidir.
Agus ansan d’imeofá leat agus raghfá síos mar a bhfuil scoil Ryan’s Daughter anois. Tá tobar i ngiorracht urchar méaróige don scoil sin, Tobar Ghobnait, agus raghfá ar do ghlúin ansan agus ansan d’éireofá agus dhéanfá seacht dturas arís timpeall ar an dtobar. Agus ansan d’ólfá trí dheoch don uisce led bhasa nó chaithfeá bas uisce ar d’aghaidh nó pé rud ba mhaith leat a dhéanamh. Agus d’fhágfá bronntanas beag éigin insa tobar do Naomh Gobnait. Fágann daoine airgead ann ach lenár linne ba mhór againne dhá phingin mar gheobhaimís mísleáin nó rud éigin, ach déarfadh máthair Mháirín linn ná raibh aon ní ar domhan ab fhearr le Naomh Gobnait ná scothóga do sheál brait a dh’fhágaint ann nó aon rud in aon chor mar sin mar fé mar a dúrt go mbíodh sí lé feiscint ag fúáil agus sin é mar a dheinimís.
Ansan d’fhágfá an tobar tar éis paidreacha a rá agus dá mbeadh ceathrar nó cúigear ann déarfaí an Choróin Pháirteach. Bhíodh sé ana-dheas, raghaidís ar a nglúin is déarfaí an Choróin Pháirteach le chéile. Thiocfá thar n-ais ansan ar thaobh do láimhe clé don gcill mhór agus raghfá mar a bhfuil dhá charn mhóra chloch. Agus dhéanfá cúig thuras timpeall ar cheann acu agus ceithre thuras timpeall ar an gceann eile. Agus ansan tar éis an méid sin chaithfeá cúig cinn do chlocha a dh’fháil in áit éigin is a bhreith leat go dtí an gcarn, cúig cinn a chaitheamh ar an gcarn mór agus ceithre cinn ar an gcarn beag. Agus ansan raghfá i bhfoithin bheag agus déarfá paidreacha arís agus bheadh an turas tabhartha agat.
(Bailithe ag Ruth Uí Ógáin ó Bhab Feiritéar 1994)
Turas Ghobnait, 11 Feabhra, Dún Chaoin
- Téir os comhair na cille móire agus abair paidir Naomh Gobnait.
- Tabhair 9 dturas timpeall ar an gcill mhór ag paidreoireacht leat.
- Téir isteach sa chill mhór agus téir timpeall na croise 7 n- uaire. Téir síos ar do ghlúine agus abair cúpla paidir.
- Téir síos go Tobar Ghobnait agus téir timpeall an tobair 7 n-uaire. Nuair a bheidh sé sin déanta cuir braon uisce ar d’aghaidh más maith leat. Fág bronntanas éigin sa tobar do Naomh Gobnait.
- Faigh 9 gcinn do chlocha beaga agus tar thar n-ais suas ar thaobh na láimhe clé don gcill mhór agus téir go dtí an áit go bhfuil dhá charn mhóra chloch. Téir timpeall 5 n-uaire ar cheann acu agus 4 n-uaire timpeall ar an gceann eile. Caith 5 chloch sa charn mór agus 4 chinn sa charn beag.
Lá Naomh Gobnait i nDún Chaoin
Lá ana-thábhachtach i bparóiste Dhún Chaoin ab ea Lá le Gobnait nó Lá Gobnatan mar a tugtaí air. Ba dhóigh leo gur leo féin go speisialta é. Nach ansan ar an gCeathrúin a chonaic sí na trí fianna bána agus thug sí tamall éigin ag maireachtaint ann. Níl a fhios againn cé chomh fada is a d’fhan sí ann ach is cinnte gur fhág sí a rian ar an áit. Sa láthair féin agus sa cheantar máguaird, go háirithe soir uaidh sa choimín tá mórán comharthaí ann a léiríonn gur áit thábhachtach sa pharóiste a bhí ann fadó.
Ba thábhachtaí go mór í ná Naomh Bríd sa phobal seo agus d’fhéadfadh fiú baint a bheith ag an dá naomh le chéile. Ní mór ceann ar leithligh a thógaint do dháta na féile agus an 11ú Feabhra. Tá brí speisialta ag baint leis an 11ú de chuid desna míosa (= míonna). An 11ú Bealtaine, mar shampla, ná seana-Oíche Bhealtaine. Tá Lá Nollag ann agus 11 lá ina dhiaidh sin tá Nollaig na mBan. Tá Oíche Shamhna ann agus 11 lá ina dhiaidh sin tá Lá le Mártan ann, agus tá Lá le Bríde ar an gcéad lá d’Fheabhra, agus11 lá ina dhiaidh sin tá Lá le Gobnait ann. Ábhar spéise leis go bhfuil Lá le Gobnait díreach sé seachtaine ó Oíche Nollag.
Ba dhóigh le muintir an pharóiste agus le muintir na bparóistí eile go raibh an geimhreadh thart nuair a tháinig Lá Gobnatan ag an am gur theastaigh ardú meanman uathu. Éinne ón bparóiste a bhí as baile, dheinidís a ndícheall teacht abhaile don ócáid. Caithti broncóidí an Domhnaigh agus ní deintí aon obair neamhriachtanach.
Leis an mborradh a tháinig ar an ndaonra thagadh na sluaite ar an gCeathrúin don lá. Ba mhinic leis nach cúrsaí creidimh a thugadh ann iad ach cuideachta agus spórt. Dob é an t-am dosna bruíonta bataí agus ba mhinic go gcuirtí tús le raic.
Ba cheart lá ban-naoimh ár bparóiste a chaitheamh go hana-dheabhóideach. Ní ceart bheith ag dul isteach i dtithe tábhairne ag ól, ná bheith amuigh ag srathaireacht fá na bóithre i ndroch-chomhluadar oíche lae Fhéile Ghobnatan.
Is ag neartú a bhí an randam ar an gCeathrúin, ól is ragairne is teaspach dearg. San am san do bhí sagart ag Cill Maolchéadair. Sagart na gCnapán a thugaidís air. Bhí an sagart so ana-dhian in aghaidh lucht ólacháin. Níor thaitin an chlismirt gan éifeacht so leis a bhíodh ar siúl ag turas Ghobnait. Cheap sé dá mbeadh an Croisín Chloiche tabhartha as go bhfuathódh na daoine é. Tugadh an Chros ón gCill an lá roimis an dturas.
An chéad duine do chuaigh ag tabhairt an turasa do chonaic sé an chros imithe. Do bheartaíodh láithreach ar an sagart gurbh é a d’fhuadaigh an chros. Bhímuintir Dhún Chaoin ar buile. Ní raibh aon chros turasa ann. Bhíodar ag faire ar shagart an chnapáin go maróidís é. Ach thánadar suas leis ar deireadh is é ag dul ag cur ola ar dhuine a bhí ag fáil bháis sa Chom in aice Cheann Sléibhe.
Nuair a ghaibh sé aniar tar éis a chúraim a bheith déanta aige bhíodar roimis ag Gleann Fiachloch. D’achair sé fé dhó is fé thrí orthu é féin agus a chapaillín do scaoileadh abhaile slán. Dúradar leis ná déanfaidís. Nuair a bhíodar ag dul ródhian ar an sagart do thug sé a mhallacht dóibh. Le linn dó an eascaine do thabhairt, mar shampla, do Dhia agus do dhuine, do thit a gcuisleanna síos leo. Ansan do thit mallacht Dé agus a sheirbhísigh anuas orthu ó dhuine go duine.
An chéad duine gur ghuigh an sagart do bhreith i bpoll cúng air, agus do tharlaigh san dó mar do maraíodh go hobann ina dhiaidh sin é ag Faill Cliath idir dhá bhád. Ba é an guí a thug an sagart don dtarna fear ná é a mharú gan teasragán, agus is mar sin do bhí. Do mhairbh bean chiotach le urchar caillí é ón ndoras. Bhuail sí le buideal pórtair é. Bhí sé in airde ar bhord lá turas Naomh Gobnait ar an gCeathrúin. Bhí bruíon ann agus bhíodar chun an fear seo do mharú toisc gur iompaigh sé i gcoinne an tsagairt. Chuaigh sé ag teitheadh lena anam in airde ar an mbord uathu. Bhí mórán ar lár aige lena bhróga sul ar aimsigh an bhean chiotach é leis an mbuidéal. Do chuala gur bhain an triúr do tháinig roimis an sagart chun é a mharú leis na súpanna i nDún Chaoin agus gur dá dheascaibh sin do tharla an bhruíon.
Do chuaigh an tríú fear saor go maith as. Lomadh an Luain an guí a fuair sé sin. Ach creid uaimse é go bhfuair sé a dhóthain. Níor mhair bó ná caora aige ná leanbh ag a mhnaoi ná níor fhan ribe féasóige ar a ghiall ná folt ar a mhaoil.
Ón lá san gur maraíodh an fear ar thuras Naomh Gobnait do thriomaigh an tobar suas agus níor fhan a rian ann. Deireadh na daoine gur imigh bua agus brí an tobair agus an turasa in éineacht leis. Cuireadh deireadh leis an Aifreann Naofa, ach dá ainneoin sin do choinnibh na daoine an sean-nós ach tá deireadh leis an ól is leis an bpátrún agus is dócha gur gairid go mbeidh deireadh le Dún Chaoin ar fad is is trua san.
Deireadh na seandaoine go mbíodh eala bhán le feiscint mar a raibh tobar an turasa, ach ó deineadh an dúnmharú gránna dhá lá an turasa ná feaca éinne as san amach í. Agus gurbh iontach ar fad an tobar leighis go dtí sin. Na sluaite do thagadh d’fhágfaidís a ngararaí ina ndiaidh ag an dtobar. Do chuala go mbíodh carnán mór do chroisíní fágtha ann agus go bhfanfaidís ann go ndeineadh mionrabh dóibh leis an aois.
Tá gach ní suaithinseach dá raibh ann imithe ach an Chros Chloiche do bhronn Naomh Breandán ar Naomh Gobnait ar dtúis. Taispeánadh aisling di go raibh tír álainn san Iarthar agus gur sa tír sin a bheadh a beatha is a bás agus a haiséirí. Ceannaí farraige ab ea a hathair agus nuair a bhíodh an cailín beag ag caint leis ar an dtír seo thug sí grá is gradam di, cé ná feaca sí go ceann tamaill ina dhiaidh sin í.
Ghéill a hathair di sa deireadh agus do thug sé leis ar thuras í, ach do báthadh an long go rabhadar ar bord uirthi in aice Inis Tuaisceart ar chósta an Bhlascaoid Mhóir. Agus d’éirigh leo teacht slán i dtír ar chliath adhmaid isteach go Faill Cliath i nDún Chaoin. Lá arna mhárach do fuaireadh an cailín beag agus naoi gcinn d’fhianna bána ag Tobar na Cille. D’fhan an cailín beag ag an dtobar nó gur imigh na fianna bána leo. Do lean sí iad nó gur bhaineadar amach Baile an Mhúirne i gCorcaigh.
Sul ar fhág Naomh Gobnait an Chill do labhair an guth léithe: “Éirigh agus lean iad, pé áit go lonnóidh na fianna bána, lonnaighse ann leis, mar is ann do bheidh do bheatha, do bhás is t’aiséirí.” Níor fhan Naomh Gobnait i bhfad i mBaile an Mhúirne, mar níor lonnaigh na fianna ann. Bhíodar ag imeacht leo nó gur bhaineadar Tuaim Dá Ghualainn amach. D’fhanadar ansan agus d’fhan Naomh Gobnait leo go bhfuair sí bás. Is ann atá sí curtha.