Agallaimh Bheirte

Clinic an Daingin

I gcuntais Dé, ná habair liom gur tusa atá chugham aríst,

Cad atá anois in aon chor ort, a thuilleadh tinneasaí?

Chonac inné thú agus aríst ar an nDéardaoin, 

Nuair a thagann cnag ar mo dhoras anois, tusa a chím.

Á a dhochtúir, bí trócaireach, ná bí ródhian,

Mar ar maidin inniu dhúisíos arís le pian,

Tinneas mór diamhair im chliathán, is anois tá giorra anála orm,

Sin fáth mo chnáimhseáin.

Druid anseo i leith chugham, go ndéanfad ort mionscrúdú

Mar rud nua is ea an múchadh so, caithfead breis eolais a bhailiú,

Cuirfead an steiteascóp i bhfearas agus éisteod led ucht,

Muna bhfaighim faic mícheart leat, ní ormsa atá an locht.

Ó fan nóimeat a dhochtúir, go mbainfead díom mo bhalcaisí,

Toisc an t-airtríteas a bheith im mhéaranta, bíonn deacracht agam le cnaipí,

Tóg bog anois é a dhochtúir, nílim chomh tapaidh is a bhí,

Tá mo lámh anois ceangailte im mhuirilte, ó ní maith í an tseanaois.

Tairig isteach d’anáil anois, agus comhairigh go dtína trí,

Maith an fear. Scaoil leis anois agus dein amhlaidh aríst,

Ní chloisim aon drochrud, tá na haon ní i gceart,

Níl faic ar do scámhóga, tá an scrúdú anois thart.

Ach a dhochtúir, nílimid críochnaithe agus neosfadsa duitse cen fáth,

Tá tinneas boilg orm ó inné.  Bhuel, bíonn sé orm na haon lá.  

loscaidí orm is brúchtaíl is gan trácht ar na broimeannaí,

Is deabhadh orm on leithreas ar nós capall ráis in Aintree.

Tá sé sin cloiste agam cheana, is dóigh liom go bhfuil sé ar fad id cheann,

Má bhí pian id chois inné, inniu tá sé id dhrom.

Anois caith uait na brainsí breátha seo, tánn tú chomh folláin le breac,

Dún an doras ar do shlí amach, lig do dhuine éigin atá breoite teacht isteach.

Ach a dhochtúir, dhearmadas a rá leat mar gheall ar an bpreabadh seo a bhíonn im chroí,

Bíonn sé ag bualadh i bhfad Éireann róthapaidh i mo chliabhrach de ló is d’oíche.

B’fhéidir go dtógfá mo bhrú fola, nuair a gheibheann tú toradh cuí,

Go dtabharfá oideas dom don bpoitigéir, taoscán taibléidí.

Go dtuga Dia grásta na foighne dom, ach b’fhearra dhom tú a shásamh,

Sín chugham amach do láimh anois, is ná bímís ag cur ama a vásta.

Tá do bhrú fola díreach I gceart, ní call duit leigheas in aon chor.

Bailibh leat an doras amach, go dtiocfad anois chugham féinig.

Dhearmadas a rá leat, a dhochtúir, mar gheall ar an spota atá ar mo cheathrún,

Féachann sé tinn, dearg, is ataithe, is ná piocfadh an diabhal tú é a bhrú.

Uaireanta bíonn mo theocht ana-ard, tá súil agam go dtuigeann tú,

An bhfuil rud éicint agat a thabharfá dom, chun an teocht agus an deirge a laghdú.

Scaoil anuas do threabhsar anois, go gcífeam do cheathrú,

Ní faic é sin in aon chor, ‘pimple’ beag, an ceann is lú,

Cuimil ‘sudocreme’ do láithreach, is beidh sé imithe amárach,

Nach tú atá go náireach, bheith ag tabhairt na ngearán seo chugham.

Neomaitín beag amháin eile, tabhair dom cluais le héisteacht.

An ndúirt leat mar gheall ar na speabhraoidí seo a thagann amanta orm fhéinig.

Scanraíonn siad an t-anam asam agus codladh ní féidir liomsa dh’fháil.

B’fhéidir go mbeadh buidéilín agat, go dtógfainn cúpla sliog as is go bhfaighinn codladh sámh.

Ní dóigh liom go leigheasfadh aon bhuidéal ná taibléidí do thrioblóidí.

Tabharfad mo bhreithiúnas ort anois má éistíonn tú liom tamaillín.

Tánn tú galar-eaglach, scanraithe id bheathaidh is id bhrí,

Go mbeadh aon ghalar fén spéir ort, is gan fiú breoiteacht ort ná frídín.

Go saora Dia sinn, n’fheadar cad a dhéanfad in aon chor, mara bhfaigheadsa uait aon chabhair

Deir Google go bhféadfadh an ebola a bheith agam nó fiú galar na lobhar,

Uaireanta bíonn mo scórnach tinn agus tagann as braon ramhar buí,

Tonsilíteas, b’fhéidir, nó go mba cheart dom suí síos.

Deinimse amach gurb é atá ag teacht leatsa ná go bhfuileann tú bog díomhaoin,

Tá an iomarca ama le sparáil agat, mar ná fuil ort aon dualgaisí,

Caith uait do chuid Googleála, is téir amach ag siúl.

Labhair le daoine eile, is ná bí am chiapadh is am chrá.

Cheapas go dtógann dochtúirí mionn cabhrú leis na haoinne, ach ní mór an chabhair tusa domsa,

Mar tánn tú míthuisceanach, maslach, céanna.

Ambaiste fhéin, a dhoochtúir, is dóigh liom go ndéanfad tú a ghearán.

Cén sórt dochtúir a cheapfadh nach bhfuilimse ach ag clamhsán.

Imeacht gan teacht ort, a chnáimhseáinín, tá m’fhoighne briste ar deireadh,

Mise ag fóirithint ort lá i ndiaidh lae, is gan aon ní agam dá bharra.

Dein do ghearán go mbeidh ort piachán, is crampaí ar do mhéaranta,

Is caochán id shúil.  Is cuma liomsa.  Slán.

Údar:  Eibhlín Uí Iarlaithe

Guthanna:  Róisín Dalby & Antaine Ó Sé

Na Milseáin

Tá misleáin agatsa, a chara mo chroí,

Tabhair ceann amháin domsa, nó dhá cheann nó trí.

Toffee, ‘gus Fudge agus Chocolate Eclairs,

Beidh tú breoite má itheann tú an mála go léir.

 

Bhí misleáin agatsa tráthnóna inné,

Nuair a lorg mé ceann uait ní thugais dom é.

Choimeád tú an mála iomlán díobh chugat féin,

Is gan aon rud agamsa ach ocras, mo léan.

 

Ní ceart duit bheith ag ithe misleán is barraí,

Mar deineann siad d’fhiacla dubh agus buí.

Beidh tú go luath ag tabhairt cuairt ar fhiaclóir,

Le tinneas is pian beidh tú brónach go leor.

 

Bíonn tusa ag cogaint milseán i gcónaí,

Ag ól líomanáide is ag ithe brioscaí.

Ní itheann tú lón ceart, iógart ná cáis,

Úlll ná oráiste ná píosa liamháis.

 

Ó, ná bí ag caint is ná bí ag gearán,

Ach oscail an mála is tabhair dom misleán.

Amárach beidh milseáin agam agus brioscaí,

Agus tabharfaidh mé ceann duit, nó dhá cheann, nó trí.

 

Bíodh ina mhargadh – seo dhuit milseán,

Is leor ceann amháin anois; ná tóg dornán.

Amárach bíodh milseáin agat agus brioscaí….

Agus ná dein dearmad ar d’fhiacla a ní.

 

 Buíochas;  Seán Ó Muimhneachán, An tAgallamh Muimhneach, 2018.

An Geimhreadh is an tEarrach

Is mise an geimhreadh, táim garbh is gaofar,

Tá sioc im ghrua, is tá sneachta ar m’éadan,

Tá stoirm im ghuaig de shíor ag séideadh,

Is níl taise ná trua im chroí d’éinne.

Ó nach tusa atá maíteach, bagarthach, glórach,

Ach lá éigin go luath, beidh tú sínte brónach.

Cuirfear an ruaig ort go dtísna críocha reoite,

Is beadsa i réim id dhiaidh go glórmhar.

Cé hí sin a labhraíonn go faobhrach?

Is dána an mhaise duit labhairt lem leithéidse,

Mar táim fuarchroích, crúálach, craosach,

Is sínfead mo chumhacht ó thalamh go spéartha.

An amhlaidh nach n-aithníonn tú do chomharsa,

Is mise an tEarrach, an séasúr ceolmhar,

Séasúr na beatha ‘gus seasúr na hóige,

Gealann an ghrian an tslí romhamsa.

Leathaim sneachta go tiubh ar na sléibhte,

Is an oíche, le sioc, maisím na géaga,

Le fuacht im chroí cuirim tost ar éanlaith,

Is an ghaoth aduaidh ag cabhrú go tréan liom.

Dúisíonn domsa an dúlra go deonach.

Canann éanlaith sa choill go ceolmhar,

An spideog, an lon, an druid is an smólach,

Is bíonn ainmhithe óga ag damhsa ar bhánta.

Ní thaitníonn aon ní liom ná an óige ag léimnigh,

Mar dá bhfaighinn mo thoil, dhéanfainn ruaig agus réabadh,

Le teacht gach lá agus éalú gach oíche,

Is mise an máistir go lá le Bríde.

Ráithe den mbliain, ó Shamhain go Bríde,

Dheinis do dhícheall le duairc an gheimhridh,

Gan rath ar do shaothar níor riamh ná choíche,

Ná tuigeann tú fós conas a bheith buailte is cloíte?

Tugaim an fuacht is an bás in éineacht,

An ghaoth aduaidh a chabhraíonn le héifeacht.

Cuirim deireadh le fás, le borradh agus péacadh,

Go scaipim chun fáin míoltóga is éanlaith.

Lem bhoganáil ‘sea a thugaimse an comhartha,

Scaipeann an ghrian na néalta reoite.

Tagann Naomh Bríd is leathann a clóca,

Is fásann féar is bláthanna gleoite.

Is gráin liom Bríd is a clóca gréine,

Tá gráin im chroí nach féidir a shéanadh.

Gráin is fuath i dteannta a chéile,

Don té a chuireann deireadh lem réimeas.

Fuath agus gráin a mhilleann do shórtsa,

Is fearr liomsa an grá mar mhothú fónta.

Buann an grá ar an ngráin i gcónaí,

Díbrím thú láithreach go dtísna críocha reoite.

Gráin gan filleadh, mo ghreidhin go deo thú,

Ar chríocha fuara is tailte reoite,

An é ná tuigeann tú, níl agam trua ná trócaire,

Fáisceadh an gheimhridh, dea-shláinte níl rompu.

Beatha is sláinte ón earrach go dtí an mhárthain,

Bia is beatha, beidh ann dóibh a ndóthain.

Don té atá lag, cráite nó leochaileach,

Grian agus teas, tugaimse dóibhsean.

Cloisim an ghaoth aneas ag séideadh,

Braithim an teas, is caithfidh mé géilleadh,

Bainigí taitneamh as taitneamh na gréine,

Mar beadsa ar ais arís lá éicint.

Buíochas;  Seán Ó Muimhneachán, An tAgallamh Muimhneach, 2018.

Guthanna:  Sinéad Ní Mhuircheartaigh & Jeaic Mac Gearailt

Gúna nó Bríste

An bhfaca tú an gúna a fuaireas inné?

Do cheannaigh mo Mham é i siopa Uí Néill.

Tá cnaipí beaga geala air is dathanna glé.

Nach mise atá sásta ó fuair sí dom é!

 

Tá sé ceart go leor, ach ní maith liom gúnaí.

Níl siad oiriúnach do spórt agus spraoi,

Ag dreapadh ar chrainn is ag imirt cluichí,

Bíonn bríste breá denim níos fearr i gcónaí.

 

Tá na brístí sin garbh, tá gúna deas mín.

Bríste do bhuachaill is gúna do chailín.

Ní maith liomsa cluichí ná dreapadh ar chrainn, 

Ach rince ‘gus damhsa ‘gus ceol meidhreach binn.

 

Rince ‘gus damhsa ‘gus preabadh gan bhrí,

Táid san in oiriúint do chailíní simplí,

Ach b’fhearr liom go mór bheith ag imirt cluichí,

Caid is iomáint do bhuachaillí groí.

 

Téimse le Mamaí go dtí na siopaí.

Ceannaíonn sí bróga, gúnaí is sciortaí.

Is maith léi an faisean is an stíl is déanaí,

Agus téimid go bialann i gcomhair tae is brioscaí.

 

Is cur amú ama é bheith ag dul go siopaí,

Is is cur amú airgid é bheith ag ceannach gúnaí,

Ach bríste ‘gus léine le dathanna cuí,

Glas agus órga, i gcomhair Chontae Chiarraí.

 

Buíochas;  Seán Ó Muimhneachán, An tAgallamh Muimhneach, 2018.