Amhráin agus Rannta dosna Naíonáin An Dúlra
Solas na Gealaí
Amach i lár na hoíche,
Nuair a bhíonn an saol ina luí,
Bíonn coirm cheoil is rince
Is damhsa ag na Sí.
Bíonn ithe agus ól acu,
Fíonta is brioscaí,
Is mórán eile spóirt acu,
Le solas na gealaí.
Bíonn na hísle is na huaisle,
An bhanríon is an rí,
Is píobaire ag seinm dóibh
Na ceolta gleoite sí.
Ní bhíonn brón ná buairt ar éinne acu,
Ach meidhir agus gáirí.
Ba bhreá liom bheith ag súgradh leo,
Le solas na gealaí.
Ansin ar theacht na maidine,
Roimh bhreacadh an lae imíd.
Do chloisfeá iad ag greadadh leo
Mar dhuillí leis an ngaoth.
Bíonn siad ina gcodladh
Nuair a bhíonn an saol ina shuí,
Ach tagann siad amach arís
Le solas na gealaí.
Micheál Ó Donnchú
An Geimhreadh
Is geal lem chroí-se
An geimhreadh gleoite
An sneachta im thimpeall
Is na críocha reoite.
An ród mar charraig,
An loch mar bhóthar,
An sruthán balbh
Fia-ghéanna glórach.
Gaoth na tíre,
Anoir ag séideadh
Is na scamaill chróna
Ag seoladh spéire.
Ceol mear aoibhinn,
Trí chrainn na coille
Meidhir sa tsíon
Is i gcroí an duine.
Séamas Ó Céilleachair.
An Geimhreadh
Tá an geimhreadh ann, an geimhreadh,
An geimhreadh brónach garbh;
Tá na héin i bhfad thar sáile,
Is na duillí glasa marbh.
Tá an fuacht ann, an fuacht,
An fuacht nimhneach géar;
Is d’anáil go geal le feiceáil
Ag gluaiseacht tríd an aer.
Tá an oíche ann, an oíche,
An oíche fhada fhuar;
Ní bhíonn againn de shúgradh
Ach uair nó dhó, monuar!
Beidh an Nollaig ann, an Nollaig,
An Nollaig aoibhinn ó;
Is beidh ceol againn is aoibhneas
Is spórt is scléip, is gleo.
Tá an geimhreadh ann, an geimhreadh,
An geimhreadh duairc-cheo;
‘Gus is fada uainn an samhradh
Is na leatha geala teo.
Lionárd Ó hAnnaidh
An Samhradh
Tugann teas an tsamhraidh
Sláinte, neart is brí;
Scaipeann solas gréine,
Aoibhneas fan na slí.
Anois an tráth is fearr linn,
Laetha geala breátha;
‘S is aoibhinn linn-ne bheith
Ag imirt insna páircibh.
Raghaimid amárach
Síos chun na trá;
Beidh ana-spórt ar fad ann,
Má bhíonn sé go breá.
Snámhfaimid san uisce,
Tógfaimid caisleán,
Is gluaisfimid arb harr na dtonn
Sa bhád, beag, bán.