Amhráin & Rannta dosna hArdranganna
Beir mo Dhúthracht
Ó Beir mo Dhúthracht go dúthaigh Duibhneach,
Is í tír mo rúin í, atá dlúth lem’ chroíse,
Dúthaigh m’óige ‘gus fód mo shinsear,
Mo ghrá go deo í is a glóire draíochtúil.
Mo ghrá dá sléibhte sna néalta in airde,
Barra Chnoc Bréanainn gur naofa a cháilsean,
Binn ós Gaoith is na síonta á tnáitheadh,
Is Dún Con Raoi thoir do cloíodh le Bláthnaid.
Tabhair mo ghrá-sa do Shráid an Daingin,
Do Chuan Fionntrá is Cuan Ard na Caithne,
Do Chom an Áir is Gleann álainn Gealt thoir,
Mo chumha go brách gan mé ar fán ‘na measc san.
B’aoibhinn domhsa go hóg nuair bhíos ann,
I mBaile an Ghóilín ar bord na taoid’ ann,
Ag éisteacht ceol um neoin ‘sna coillte,
Aige lon is smólaigh, a gcór dob aoibhinn.
Dá mbeinnse ansúd thiar is subhach a mhairfinn,
Ar fhaichí drúchta ag siubhal gach maidin,
Ag caint ‘s ag comhrá le comharsain chneasta,
Is luí fén bhfód ann fé dheoidh ‘na bhfarradh.
Pádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac)
Dánscoil
Bhlaiseas
D’itheas
Dheineas
D’ólas cócó
D’alpas builín
Im gharsún óg am lóin
Ag cogarnaíl le daltaí eile.
Cuimhním gur trísna doirse céanna
A tháinig agus a d’imigh,
Tomás Ar Seachrán
Seán na nAmhrán
Páid na Síochána
Peats na Naomhóige
Peaidí an Bhainne
Thomas na Caide
Daniel na Cainte
Jerry na gCaorach
Liam na mBóithre
Maidhcín an Éisc
Micheál na gCluasán
Maraisín an Phóist
Páidí na bPaidreacha
Joe na Steipeadaíola
Doncha na Seandálaíochta
Cíobhánach na Cogarnaíola
Sítheach na Seanchaíochta
Gearlatach na Polaitíochta
Seáinín na hEolaíochta
Spailpín na Filíochta
Lóndrach na Saoirseachta
Mainníneach na Táilliúrachta
Cinnéideach na Fíodóireachta
Bodhlars na Bothántaíochta
Muircheartach na Feirmeoireachta
Huiginneach na Cúipéireachta
Grainbhil na Gaibhneachta
Strapairí na Gráige
Balcairí an Fhearainn
Peileadóirí Thíorabháin
Tábhairneoirí an Bhuailtín
Fonnadóirí Chloichir
Fealsaimh Chathair Chuinn
Is na céadta saoithe
Le siollaí lasta
Ar fuaid a dteangan.
Cuimhnigh air!
Dúntar scoil
Caomhnaítear iarsmaí
Aithnítear músaem
Osclaítear bialann
Suím chun boird
Ólaim caife
Ithim scón
Osclaím leabhar
Léim dán
Filleann imirceach
Beannaíonn lá breá
Deinimid comhrá
San áit chéanna
Inar ólas cócó fadó.
Is ait an saol é.
Cloisim scéal
Éistim le dán
Deirtear amhrán
Eachtraím cuntas
Deintear gáire
Abraítear sean-rá
Mínítear focail
Caint is caibidil
Deisbhéal is cabaireacht
Seanchaíocht is seáimsireacht
Filíocht is fáidhiúlacht
Ina dhánscoil léannta.
Banfhile
Léannta
Cabanta
Cruthanta
Ábalta
Ag stiúradh
Ag treorú
Ag spreagadh
Ag cothú na samhlaíochta
Ag oscailt an alltair
Ag cumadh dánta
Ag gríosadh scríbhneoirí
Ag breacadh scríbhinní
Go saolófar leabhra
San ionad céanna
Inar chacas cócó.
Is diail an saol é.
Domhnall Mac Síthigh
19 Eanair 2006
Corca Dhuibhne
Domhnach gréine ar Thráigh Chloichir
Taoide tráite, báite ag fuaim
Na leanaí mbeag ag rince san uisce.
Borraí ag glioscarnach
Gaineamh órga Chloichir
Á fhaire ag goirtíní glasa
A shileann síos le fána cois faille.
Siúd suas an Clasach
Maisithe le méaranta púcaí
Corcra ar thaobh an bhóthair.
Stad is tóg radharc led anáil:
Paróiste Mórdhach sínta ar chlé
Márthain thíos, Fionntrá romhat
Dún Chaoin led dhroim
Spéir gan scamall thuas
Gan Críostaí ag labhairt
Ach fuaim na gaoithe boige
Ag cogarnaíl faoin dtor.
Nach álainn í!
Nach socair a bhíonn mo chroí ag taisteal inti
‘Gorta Glas Chorca Dhuibhne’.
Tá m’athair i ngach casadh
Arb harr gach sléibhe
I mbéal gach cuain.
Ar gach cor den mbóthar
Cloisim a glór binn.
Nach aoibhinn do chuimhne
A shíneadh go smior Duibhneach
Is go ndéanfainn teagmháil leis an dtost.
Dairena Ní Chinnéide
Bó na Leatharadhairce
Thíos cois na toinne is ea a beathaíodh mo chaora,
Ag Diarmaid Ó Duilleáin ó Bharra na hAoine;
Mac dearthár athar dom a chuir le haill í.
Easpa tobac a bhí ar an gcladhaire.
Curfá
Bó, bó, bóna leathadhairce,
Bó, bó, an tseanchaora adharcach,
Bó, bó, bó na leathadhairce,
Bó dhroimeann dhearg is n’fheadar cá bhfaighinn í.
B’fhearr liom ná scilling go bhfeicfinn mo chaora,
‘Teacht chunn an dorais ar maidin nó istoíche;
Thálfadh sí bainne dhom, bheathódh sí uan dom,
Chuirfeadh sí seaicéidín deas arm o ghualainn.
Curfá
Chonacsa beirthe í, chonac á roinnt í,
Chuireas-sa dúil inti, ach blaiseadh ní bhfaighinn di;
Ó, nár dheas í, ó nár mheidhreach!
Ó, nár dheas í an tseanachaora adharcach!
Curfá
D’íosfainn lán píce di, d’íosfainn lán oighinn di,
D’íosfainnse liobar den tseanachaora adharcach,
Ó, nár dheas í, ó nár mheidhreach!
Ó, nár dheas í an tseanachaora adharcach!
Curfá