Chuaigh Micilín Muc ar an aonach lá,
Ar an aonach lá, ar an aonach lá.
Chuaigh Micilín Muc ar an aonach lá,
Hé hó, Micilín Muc.
Cheannaigh sé hata le cur ar a cheann,
Le cur ar a cheann, le cur ar a cheann.
Cheannaigh sé hata le cur ar a cheann,
Hé hó, Micilín Muc.
Tháinig sé abhaile le port na habhann,
Le port na habhann, le port na habhann.
Tháinig sé abhaile le port na habhann,
Hé hó, Micilín Muc.
Sciorr a chos is thit sé isteach,
Thit sé isteach, thit sé isteach.
Sciorr a chos is thit sé isteach,
Hé hó, Micilín Muc.
Beir ar a chluais is tarraing é amach,
Tarraing é amach, tarraing é amach.
Beir ar a chluais is tarraing é amach,
Hé hó, Micilín Muc.
Tá an londubh ag canadh
Le haiteas ar ghéag,
Tá an londubh ag canadh
I ndeireadh an lae.
“Moladh is glóire
Do Dhia,” a deir sé,
“Chuir féar ar an talamh
Is an ghrian ins an spéir.
“Scaip Sé na bláthanna
Ar bhánta máguaird,
Chuir éide ar fhál
Agus áthas ar uan.
“Glóire don Athair,
Don Mhac, don Spiorad Naomh,”
Tá an londubh ag canadh
I ndeireadh an lae.
Séamus Ó Céilleachair
A Chuaichín amuigh ar an gcraobh
Is milis, bog, caoin do cheol,
Is tú ag canadh sa Bhealtaine mhín
Is aiteas is síth id ghlór.
Dé bheatha ar ais thar an toinn
Dé bheatha ón tír i gcéin,
Is geal linn tú tagtha arís
Ag gairm sa choill le gréin.
Bíonn blátha á leathadh led linn,
Bíonn soineann de shíor id raon,
Tú muirnín beag canta an tsaoil
Ag spreagadh ar mhaoilinn géag.
Séamas Ó Céilleachair
Tá capall againne
Chomh dubh leis na sméara,
A cheannaigh mo Dhaidí
I Mala lá aonaigh,
Bíonn sé ag falaireacht
Timpeall na páirce,
Snas ar a chraiceann
Is lúth ina chnámha.
Bíonn sé ina sheasamh
In aice na bearnan,
Itheann sé coerce
Amach as mo láimhín.
Ceannóimid trap dó,
Is ceannóimid gléas dó;
Raghaimid ag taisteal
Ar bhóithre na hÉireann.
Séamas Ó Céilleachair
Seanasal mé ag dul ar strae,
Ag siúl na ród gach lá;
Mo chosa lag, mo dhrom gan neart.
Is ní fada uaim an bás.
Is cuimhin liom nuair a bhí mé óg
Ag iníor insan bpáirc
Ach díoladh mé le feirmeoir
A cheangail mé fén gcarr.
Thiomáin sé mé don mbaile mór;
Is bhuail sé mé go dian;
Chuir sé ualach mór sa charr;
Thiomáin abhaile arís.
Le fada bhíos ag obair dó,
Is dócha fiche bliain,
Níor chuir sé mé isteach sa chró,
Níor thug sé féar dom riamh.
Ach táim ag imeacht uaidh anois,
Ag imeacht uaidh ar fad,
Is raghaidh mé ag siúl liom féin,
Is ní thiocfaidh mé arís.
Seán Mac Fheorais
Peidhleacán álainn
Ag imeacht san aer,
Peidhleacán áthais
Fuair anam is scéimh.
Féach air ag seoladh
Go gleoite le gréin,
Fé sciatháin bhánórga
I mbrothall an lae.
Éiríonn sé in airde
Thar falla is thar fál,
Is stadann sé tamall i mbailte na mbláth
Caitheann sé lá geal
Ar bhánta gan cheo,
Um thráthnóna fágann
Céad slán linn go deo.
Séamas Ó Céilleachair
Is maith liom mo chircín,
Mo chircín beag bán;
Béarfaidh sí uibhe dom
Le hithe gach lá.
Is maith liom mo ghéanna,
Ar an bhféar ins an mbán
Is béarfaidh siad uibhe dom
Le hithe gach lá.
Is maith liom mo lachain
Ar an abhainn ag snámh;
Is béarfaidh siad uibhe dom
Le hithe gach lá.
Garsúinín deas é Seán,
Mac le Tadhg an Tóchair;
Chímid é gach lá
Agus caitín bán ‘na chóngar.
Ag súgradh bíd go sámh,
An cat is Seán le chéile;
Tá clis ar fheabhas ag Seán,
Ach buann an cat go coach air.
Is peata an caitín bán,
Is peata Seán gan amhras,
Acu tá an saol go breá,
Ach ní bheidh róbhreá ar ball beag.
Seán, nuair a rachaidh ar scoil,
Is baol nach mbeidh sé sásta;
Ní áit do pheata an scoil,
Ach áit do cheachta gránna.
Is rachaidh an cat ar fán
Nuair nach mbeidh Seán ‘na chóngar,
Is ní bhfaighidh sé cóir ná ceart
I measc seana-chat na gcomharsan.
Peadar Ó hAnnracháin
© 2023 · An Cuntoir - Oidhreacht Chorca Dhuibhne · Website design by Buchanan Solutions