Cuir do dhá láimh isteach
Is do dhá láimh amach
Do dhá láimh isteach
Is amach, amach, amach.
Dein an Hócaí Pócaí
Agus cas, cas thart
Sin mar a dheintear é.
Curfá
Ó! Hócaí, Pócaí, Pócaí
Ó! Hócaí, Pócaí, Pócaí
Ó! Hócaí, Pócaí, Pócaí
Sin mar a dheintear é.
Cuir do dhá láimh suas
Is do dhá láimh síos
Do dhá láimh suas
Is síos is suas aríst.
Dein an Hócaí Pócaí
Agus cas, cas thart
Sin mar a dheintear é.
Curfá
Ó! Hócaí, Pócaí, Pócaí
Ó! Hócaí, Pócaí, Pócaí
Ó! Hócaí, Pócaí, Pócaí
Sin mar a dheintear é.
Buail do bhosa, buail do bhosa,
Bosa beaga míne,
Buail do bhosa, buail do bhosa,
Is gheobhaidh tú féirín Dé hAoine!
Buail do ghlúine, buail do ghlúine,
Glúine beaga míne,
Buail do ghlúine, buail do ghlúine,
Is gheobhaidh tú féirín Dé hAoine!
Buail do chosa, buail do chosa,
Cosa beaga míne,
Buail do chosa, buail do chosa,
Is gheobhaidh tú féirín Dé hAoine.
Tá Teidí ag siúl,
Tá Teidí ag siúl,
Hé, Hó mo Dhaidí Ó,
Tá Teidí ag siúl.
Tá Teidí ag rith,
Tá Teidí ag rith,
Hé, Hó mo Dhaidí Ó,
Tá Teidí ag rith.
Tá Teidí ag titim,
Tá Teidí ag titim,
Hé, Hó mo Dhaidí Ó,
Tá Teidí ag titim.
Tá Teidí ag gol,
Tá Teidí ag gol,
Hé, Hó mo Dhaidí Ó,
Tá Teidí ag gol.
Tá Teidí ag gáirí,
Tá Teidí ag gáirí,
Hé, Hó mo Dhaidí Ó,
Tá Teidí ag gáirí.
Anuas, aníos,
Suas arís,
Coinnigh do ghreim,
Nó titfidh tú síos,
Is beidh do mhargadh déanta.
Tá do mhargadh,
Níl do mhargadh,
Beidh do mhargadh déanta.
Anonn is anall,
Thiar is thall,
Is agamsa an clár,
Is tusa ar barr.
Is tá do mhargadh déanta.
Hé, Hó mo Dhaidí Ó,
Tá do mhargadh,
Níl do mhargadh,
Tá do mhargadh déanta.
Rith sé amach an teo, teo,
Rith sé isteach an teo, teo,
Tháinig rí na gceithre gcos,
Is sciob sé leis an teo, teo.
Siúd isteach an teo, teo,
Siúd amach an teo, teo,
Tháinig rí na gceithre gcos
Is sciob sé leis an teo, teo.
Seo dhá láimh, is liomsa féin iad,
Buaileann siad is níonn siad.
Seo dhá chois, is liomsa féin iad,
Siúlann siad is ritheann siad.
Seo dhá chluais, is liomsa féin iad,
Éistíonn siad is cloiseann siad.
Seo dhá shúil, is liomsa féin iad,
Féachann siad is cíonn siad.
Seo aghaidh bheag, is liomsa féin í,
Ním is triomaím í,
Seo gruaig dheas, is liomsa féin í,
Scuabaim í is cíoraim í.
Seo dhá pholl im shróinín (= im chaincín) féin,
Bolathaíonn siad is análaíonn siad,
Seo na fiacla im bhéilín féin,
Cognaíonn siad is itheann siad.
(…leis na lámha)
Rólaí, Pólaí, Rólaí, Pólaí, suas, suas, suas.
Rólaí, Pólaí, Rólaí, Pólaí, síos, síos, síos,
Rólaí, Pólaí, Rólaí, Pólaí, amach, amach, amach,
Rólaí, Pólaí, Rólaí, Pólaí, isteach, isteach, isteach.
© 2023 · An Cuntoir - Oidhreacht Chorca Dhuibhne · Website design by Buchanan Solutions