Rabhlóga

  1. Bhí dhá Thadhg is a n-aghaidh ar a chéile, Bhuail Tadhg Tadhg,
    Agus bhuail Tadhg é.
    Mara mbeadh gur mharaigh
    Tadhg Tadhg,
    Mharódh Tadhg é.
  2. Abair ‘ab, ab,’ is ná buail do dhá chlab ar a chéile.
  3. An bhfaca tú an bacach, nó an bhfaca tú a mhac?
    Ní fhaca mé an bacach is ní fhaca mé a mhac,
    Ach dá bhfeicfinnse an bacach nó dá bhfeicfinnse a mhac,
    Ní bhacfainn leis an mbacach is ní bhacfainn lena mhac!
  4. Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat.
  5. Bean bhán bhinn ag baint bainne bó bleachtáin.
  6. Bhí cleas críonna cleasach ag cleasaí crua cliste.
  7. Bíonn báisteach uafásach san fhásach.
  8. Chuaigh ceannaí cneasta cliste thar claí crua cloch.
  9. Cearc ag piocadh piobair de phláta Pheadair.
  10. Clog beag bog ag bogadh, a bheag nó a mhór.
  11. D’ith damh dubh ubh amh ar neamh.
  12. Is deacair stoca a stracadh trasna.
  13. Cheannaigh cailín cliste ceanúil císte.
  14. Fear feargach ag faire na farraige fuaire.
  15. Rug Liam Rua ar luch ramhar liath.
  16. Seacht sicín ina seasamh sa sneachta lá seaca.
  17. Cearc uisce san uisce ag slubáil is ag slubáil,
    Cé a déarfadh naoi n-uaire gan anáil a tharrac?
  18. Prátaí boga, beaga fliucha,
    Bruite in uisce is uisce leo.
  19. Maidí righne ramhra rámha.
  20. An té a thabharfadh gal dom nuair a bheadh gal aige le tabhairt dom, agus gan aon ghal agam, thabharfainnse gal dó dá mbeadh gal agam le tabhairt dó agus gan aon ghal a bheith aige, ach, an té nach dtabharfadh gal dom agus gal aige le tabhairt dom agus gan aon ghal agam, ní thabharfainnse gal dó dá mbeadh gal agam le tabhairt dó agus gan aon ghal aige.
  21. Ní péint dhearg a dhein dearg an deargadaol.
  22. Tá neascóid ar ioscóid an easpaig agus tá imní ar an easpag faoin neascóid ar a ioscóid.
  23. Faobhar faobhair a ghearrfaidh féar, fear breá láidir is speal bhreá ghéar.
  24. Cat breac, broc donn, cat bán cameireaballach.
  25. Chuaigh mo mhacsa is do mhacsa
    Lá ag baint móna.
    Bhuail mo mhacsa ‘box’ ar do mhacsa,
    Agus chuir mo mhacsa do mhacsa le ‘box’
    Ar a thóin i bpoll móna.