Rann don Aimsir Fháistineach
An Euro
Ó a Dhaidí, thit sé glan,
Ó mo láimh, is Daidí fan,
Go ndéarfaidh mé leat,
Níl fiú is euro fágtha.
Cad a dhéanfaimid anois?
A dhéanfaidh tú, a dhéanfaidh mé?
Cad a dhéanfaimid anois?
Cad a dhéanfaimid in aon chor?
Gheobhaidh mé post sa bhanc,
Beidh airgead go flúirseach,
Ceannóimid bollóg aráin,
Ach a Dhaidí, ní feidir leat comhaireamh!
Cad a dhéanfaimid anois?
A dhéanfaidh tú, a dhéanfaidh mé?
Cad a dhéanfaimid anois?
Cad a dhéanfaimid in aon chor?
Raghaidh mé go dtí siopa Fhrainc,
Chun ticéad lotto a cheannach,
Buafaimid milliún Euro,
Ach a Dhaidí, níl aon airgead agat chun ticéad a cheannach!
Cad a dhéanfaimid anois?
A dhéanfaidh tú, a dhéanfaidh mé?
Cad a dhéanfaimid anois?
Cad a dhéanfaimid in aon chor?
Canfaidh mé ar thaobh na sráide,
Amhráinín deas agus seinnfidh mé polca,
Cuirfear cúpla Euro sa channa,
Ach a Dhaidí, ní feidir leat canadh.
Cad a dhéanfaimid anois?
A dhéanfaidh tú, a dhéanfaidh mé?
Cad a dhéanfaimid anois?
Cad a dhéanfaimid in aon chor?
Díolfaimid ár ngiúirléidí,
Ag an aonach i mBeanntraí,
Siúlfaimid ann ar an Aoine,
Ach a Dhaidí, cad atá againn, faic na fríde.
Cad a dhéanfaimid anois?
A dhéanfaidh tú, a dhéanfaidh mé?
Cad a dhéanfaimid anois?
Cad a dhéanfaimid in aon chor?
- An feidir leat pictiúirí a chur le gach véarsa?
- An feidir leat véarsa nó dhó a chur leis?
- Cad a tharla ag an deireadh, an dóigh leat?