Scéalta an tSeabhaic (Ardranganna)

Jimín agus an Máistir

Bhí garsún óg ag maireachtaint i gCorca Dhuibhne fadó, i bhfad Éireann sular saolaíodh mise in aon chor.  Jimín Mháire Thaidhg a thugtaí air.  Garsún óg fuinniúil ab ea é ach pé diabhal mallacht a bhí air, ach go mbíodh sé i dtrioblóid éigin na haon tarna nóimeat.  Bhíodh babhtaí cearta idir é féin agus a Mham agus cheapadh Jimín go mbíodh sí anuas sa mhullach air i gcónaí.

Ach ní ba mheasa Mam chuige ná an Máisir ar scoil.  An dtuigeann tú, ní bhíodh na múinteoirí chomh deas le leanaí an uair úd.  Ar aon tslí bhí Jimín den dtuairim ná bíodh aon stad ar an Máistir ach ag cur ceisteanna crua sa rang na haon lá, ceisteanna ná raibh aon ghá ná cúis leo mar ná bhídís i gceist in aon chor.

Cheapadh Jimín go mbíodh an Máistir scoite chun ceisteanna a chur chun iad a chur i bponc.  Mar shampla dá mbeadh sé cinn de mhuca ar aonach ag duine agus dá bhfaigheadh sé cúig phunt seascad orthu, an mór an ceann é sin.  Má fuair an duine £65 punt ar cheithre mhuca ná fágfadh sé mar sin é is gan a bheith ag crá éinne eile mar gheall ar an scéal.  “Ach ní fhágfadh” a deireadh Jimín mar níorbh é an saghas é.

Aon lá amháin ach go háirithe is Jimín ar scoil thosnaigh an Máistir ag léamh amach as leabhar.  “Capall ar sodar” ar sé, “raghadh sé deich míle in uair a chloig.  An mó míle ó bhaile a bheadh sé i gceithre huaire fichead?”  Bhuel ní raibh a fhios ag Jimín agus d’éirigh sé as.  Bhí cuid acu a dhein é agus nuair a tháinig an Máistir chomh fada le Jimín, d’fhéach sé air.  “An amhlaidh ná fuil a fhios agat é?” ar seisean.  “Níl a fhios, a Mháistir” arsa Jimín.  Ansan chuir sé na figiúirí ar an gclár dubh.

“A ceathair fé dheich?” ar seisean.

“Sin a daichead” arsa Jimín.

“A dó fé dheich?” ar seisean.

“Sin a fiche” arsa Jimín.

“Agus a ceathair?” ar seisean.

“Sin a ceathair fichead” arsa Jimín.

Chuir sé 240 síos ansan.

“Anois an mó míle ó bhaile a bheadh sé?”

“N’fheadar” arsa Jimín.

“Bhuel léan ort is do cheann cipín” arsa an Máistir.  “Ná tuigeann tú dá raghadh capall 10 míle in uair a chloig, raghadh sé 240 míle in aon lá amháin.”  “Ní raghadh” arsa Jimín. “Chaithfeadh sé stad nó thitfeadh sé leis an ocras nó d’imeodh crú uaidh nó raghadh cloch ina chrúb nó, nó ……

Éist do bhéal” arsa an Máistir agus olc air chuige.  “Sín amach do láimh.”  Thairig sé dhá stiall de shlait ar laipín Jimín, a chuaigh trína chroí agus cuireadh go bun na scoile é.  Ná thosnaigh sé ag gol.  Bhí sé i bhfad thíos ann agus é cráite go leor is a chroí lán d’olc.  Ansan thosnaigh sé ag cuimhneamh ar an saghas báis ar mhaith leis a thabhairt don mháistir.  Ba mhór an sásamh do Jimín rith chuige agus é a bhualadh deas agus clé is é a thachtadh, agus a chorp a chaitheamh isteach i bpoll portaigh agus cloch mhór ceangailte dá mhuineál.  Nuair a chuimhníodh Jimín ar an gcapall úd a chuaigh 240 míle i gceithre huaire fichead mheas sé se go gceanglódh sé an Máistir do agus go scaoilfeadh sé leis, gan srian gan adhastar, ag imeacht 240 míle na haon cúig nóimeataí riamh is choíche, go dtiocfadh sé go bruach na faille agus go dtitfidís araon síos, síos, síos, go ndéanfaí iad a smiotadh ina smidiríní thíos ar na clocha i slí ná beadh a fhios ag aoinne cé acu smut de chapall nó smut den Mháistir a bheadh ann.  Ba mhór an sásamh do Jimín an socrú sin a bheith déanta aige ar an Máistir.  Ansan thosnaigh sé ag scríobh ceisteanna chun é a chur i bponc. 

“Dá mbeadh capall ann a raghadh 240 míle i gceithre huaire fichead, an mó míle a raghadh an capall i dtrí chéad bliain?”

“Má fuair Tadhg Mór £59.16 ar thrí cinn de chaoire ar aonach an Daingin, cad a gheobhadh an Máistir ar an gcapall úd a chuaigh 240 míle i gceithre huaire fichead?”

“An mó cruach mhóna a dhéanfadh mála súiche?”

Bhí Jimín ag gáirí leis féin agus é ag baint ana-shásamh as an scéal agus níor bhraith sé faic nó go raibh an Máistir laistiar dó agus scairteadh mór gáire curtha aige as.  Rug sé ar an bpáipéar ó Jimín agus léigh sé don scoil ar fad é.  Bhí an scoil go léir ag gáirí agus mheas Jimín bocht go raghadh sé síos tríd an dtalamh le náire.  Bhí béal mór ar a pháirtí Micilín Eoin ag magadh fé agus dúirt Jimín leis fanacht go mbéarfadh sé air tar éis na scoile.  

Chroch an Máistir a pháipéar bocht ar an bhfalla mar ábhar spóirt agus deirimse leat go raibh Jimín sásta nár scríobh sé síos an bás a bhí beartaithe  aige don mháistir.  Is mó scéal atá ann fé Jimín agus is mó greann a bheir air sna scéalta san.  Ní mise a chum ná a cheap iad ach an Seabhac agus ba mhaith é i mbun pinn. 

Guth:  Éimhín Dalby

Jimín agus an Gandal

Maidin Lae Nollag chuaigh Cáit is mo mháthair go dtí an chéad Aifreann.  Bhíos féin agus Daid i mbun an tí. Faid a bhí Daid ag crú na mbó dheineas-sa foghail ar an gcurpad.  Ghoideas úll agus líonas póca liom le rísíní agus bhí smut den bháirín breac ann gearrtha – chuireas chugam é sin, leis.  Nuair a bhíos ag dúnadh an churpaid arís, do bhuail smaoineamh mé, rugas ar an mbuidéal buí agus do leathlíonas cupa as. Bhlaiseas é, ach ar mh’anam, dá olcas é an stuif dubh ba sheacht measa an rud buí.  Dhófadh sé thú, a dhuine! Ansan ní fheadar cad a dhéanfainn leis. Ghlaos ar an madra agus chuireas féna phus an cupa, ach ní fhéachfadh sé air, a mhic ó. Níor dhein sé ach sraoth a chur as.  

Ansan chuimhníos ar sheift eile.  Fuaireas dorn mine buí agus do fhliuchas leis an stuif as an mbuideal é agus chuireas sa bhuaile amuigh é ar phláta.  Siúd chuige an gandal mór agus d’alp sé a raibh ann. Ní bhraitheas faic air go ceann tamaill. Ansan chrom sé ar ghogalaigh.  I gcionn tamaill d’éirigh sé as san agus chrom sé ar shiúl timpeall agus leathcheann air. Fáinne a bhí sé a dhéanamh agus é ag siúl.  Ansan stad sé agus leath sé a dhá chois amach ó chéile agus bhí sé á shuathadh féin anonn is anall. Chuirfeadh sé na cait ag gáirí. Ansan do luigh sé agus dhún sé na súile agus ní fheaca aon oighre riamh ach é ar sheana-Dhiarmaid críonna anso amuigh nuair a bhíonn sé ag titim dá chodladh sa chathaoir mhór os comhair na tine agus é ag míogarnaigh.  Ansan luigh sé ar fad anuas ar an dtalamh, do shín sé a phíobán uaidh amach agus do leath sé a dhá sciathán agus níor fhan anam ná brí ann ach chomh beag agus dá mbeadh sé marbh. Ambaiste bhíos ag breith chugham ar eagla go gcaillfí é agus ní fheadar cad a dhéanfainn. Chuala Daid ag teacht ó chró na mbó agus chuireas díom isteach. Nuair a chonaic Daid an gandal do stad sé agus bhí sé ag caint leis féin.

‘An diabhal mé ach go bhfuil sé ina chocstí!’ ar seisean.  ‘A Jimín,’ ar seisean ag glaoch. Bhíos-sa ag scuabadh an urláir ar séirse.

‘Cad atá ort?’ arsa mise.  

‘Maróidh do mháthair sinn’ arsa Daid.’  ‘Tá an gandal mór ar na croití deiridh.’

‘Cad do dheinis leis?’ arsa mise.

‘Cad do dheinis-se leis?’ arsa Daid.

Bhíos ag iarraidh é a chur ar Dhaid agus bhí Daid ag iarraidh é a chur ormsa.

‘Gearánfad led’ mháthair thú, a bhligeaird!’ arsa Daid.

‘B’fhearra dhuit éisteacht,’ arsa mise, ‘nó neosfadsa dhi mar gheall ar an seacht is réal a bhainis as fiacha na mbeithíoch.’

‘Is ea! agus neosfadsa dhi cé a mhairbh an cat,’ ar seisean.

Ar mh’anam gur bhain Daid staid asam.  Mheasas ná raibh a fhios ag aoinne beirthe é.  Ach níorbh é sin an chuid ba mheasa den scéal ach go raibh Mam ag éisteacht leis an gcaint go léir mar tháinig sí isteach i ngan fhios dúinn.  Chrom sí ar an mbeirt againn, a mhic ó, agus níorbh fhiú trí leathphinginí sinn nuair a bhí deireadh ráite aici. Mise agus Daid bocht! Is cruaidh an saol atá againn!  Níor fhan focal im’ Dhaid ach dh’éalaigh sé leis go dtí an tAifreann agus bhíos-sa trí fichid slat ina dhiaidh aniar an bóthar síos agus gan focal as aoinne againn.

Nuair a thána abhaile ón Aifreann bhí an gandal in aice na tine aige Mam agus an t-anam ag teacht arís ann.  Ní bhfuair Mam amach riamh cad d’imigh air mar nuair a tháinig Daid abhaile bhí sí ag baint sásaimh de i dtaobh gur ól sé dhá ghloine fuiscí as an mbuidéal a bhí sa churpad.  Dúirt Daid, ‘ambaiste,’ nár ól agus go raibh sí ag cur éithigh air; ach d’áitimh sí air gurbh é a dh’ól é. Ní rabhadar buíoch dá chéile an chuid eile den tráthnóna. Bhí trua agamsa do Dhaid; ach, dar fia, ba mheasa liom mé féin agus ní dúrt aon fhocal.

Mar do Chuaigh Jimín ar Seachrán Farraige

Mar seo do thit an scéal amach, tá a fhios agat.  Ní raibh ‘caid’ ná liathróid choise agam féin ná ag Micilín Eoin.  An seanacheann a bhí againn d’imigh sé ina stráicí. Ní raibh ceann nua le fáil gan a deich scillinge agus tar éis bheith ag goid ubh ar feadh coicíse ní raibh againn ach a ceathair agus toistiún.  Ghoideas féin na huibhe (na huibheacha) ón gcirc a bhí deich lá ar gor aige Beit Mhór. Fuair Micilín dhá scilling orthu i siopa an Tobair. Mheallas réal a bhí aige Cáit uaithi. Bhí Cáit ag gol, ach bhagraíos uirthi go neosfainn do Mham cé a dhoirt an beiste bainne go raibh an murdal ina thaobh cúpla lá roimhe sin.  D’éist Cáit ambaiste.

Nuair nárbh fhéidir linn dul thar an gceathair is toistiún b’éigean dúinn slí éigin eile a tharrac chughainn.  Bhíomair i bhfad ag cuimhneamh agus ag smaoineamh agus is é an rud a bheartaíomair sa deireadh a dhéanamh ná gliomaigh a ghoid agus a dhíol; agus cheapamair maidin Domhnaigh chuige sin.  Bhí a lán cogarnaí ar siúl aige beirt againn. Bhí sé socair againn ná tógfaimís ach ceithre cinn de ghliomaigh nó b’fhéidir cúig cinn. Ní raghaimís thar cúig cinn. Chuirfimís i gcliabh iad agus feamnach timpeall orthu agus bhéarfaimís ‘on Daingean ar shlí éigin iad.  Bheadh ‘an chaid’ ag teacht abhaile againn. Ní ligfimís d’aon duine eile barra bróige a bhualadh uirthi sin – ach Cáit, b’fhéidir. Bheinnse is Micilín inár máistrí ar an gcaid. Bheadh sí oíche agamsa agus an tarna hoíche aige Micilín. Ní bheadh cead ag aoinne againn an lamhnán a bhaint amach aisti chun a bheith á sheideadh.

Istoíche Dé Sathairn thógamair an dá mhaide rámha ó bhinn tí Thaidhg Neilí agus chuireamair i bhfolach i ndíg sceach iad,  Bhí an bád ag snámh i gCuas na Báistí agus bhí a fhios againn go mbeadh sí ann ar maidin. Nuair a bhí gach éinne ag dul chun an Aifrinn lá arna mháireach do ghluaiseamairne leo chomh fada le Páirc an Leasa.  D’éalaíomair isteach sa lios ansan agus scaoileamair na daoine go léir tharainn. Nuair a bhíodar gafa tharainn, chuamair ón lios go dtí an bád ag éalú cois clathach. Rugamair na maidí linn agus chuamair sa bhád.  Seanaphota salach is ea í a bhíonn againn ag baint iascán, agus bíonn boladh lofa istigh inti.  

Bhí an ghaoth ón dtalamh agus bhogamair linn soir le hais na gcloch sa bhfothain.  Bhuail corc linn agus rugamair air agus bhíomair ag tarrac agus ár dteanga amuigh againn go dtáinig an pota gliomach aníos go dtí taobh an bháid.  Ní raibh faic ann. Ní haon mhisneach a chuir san orainn, dar fia! Thánamair go dtí pota eile. Portán dearg a bhí ansan agus a dhá chrúb ar leathadh d’iarraidh beirthe orainn.  Scaoileamair uainn an pota. Níor fhan aon mhisneach mór ansan againn agus dúirt Micilín ná faighimís gliomach an lá san i dtaobh ná rabhamair ar aon Aifreann. Dúrtsa leis paidir a rá agus bhí leath ‘Ár nAthair atá ar neamh’ ráite aige nuair a chuimhnigh sé gur ag goid gliomach a bhíomair agus tháinig stad ann.  Níor mhaith leis, an dtuigeann tú, a iarraidh ar Dhia cabhrú leis chuige sin.

Thánamair go dtí an tríú pota ach, ambaiste, bhí fámaire de ghliomach ann.  Nuair a chuireamair ar thóin an bháid é, bhí gach aon chnag aige lena eireaball.  Chuardaíomair cúig phota eile agus bhí trí ghliomach againn. Ach, más ea, bhíomair i bhfad soir agus sinn ag druidim amach go dtí Gob an Ghéaráin.  Ní rómhaith, is cuimhin liom cad a thit amach nuair a thánamair go dtí an Gob. Bhí an fharraige ana-shuaite ann díreach taobh amuigh de agus nuair a tháinig an scanradh orainn agus chasamair chun teacht isteach, rug an ghaoth ón dtalamh, agus an taoide, ar an mbád agus beireadh amach fén bhfarraige mhór sinn.  De réir mar a bhíomair ag dul amach is ea ba threise a bhí an ghaoth agus is ea ba mhó a bhí an scanradh ag teacht inár gcroí. Do chrom Micilín ar bhéicigh agus ar ghlaoch ar a mháthair agus ansan tháinig dath glasliath air agus chrom sé ar urlacan. Chaitheas féin, is cuimhin liom, na trí ghliomach i bhfarraige féachaint an gcuirfeadh san fearg Dé dínn.  Ach níor chuir.

Amach a bhíomair ag imeacht i gcónaí agus ón bhfuadar a bhí fúinn mheasas féin nach fada na laethanta a bhainfeadh sé dínn dul go Meiriceá.  Uaireanta d’éiríodh buile orm agus bhínn go cráite agus bhuailinn tochta an bháid lem’ dhorn agus bhuailinn Micilín agus deirinn leis breith ar an maide.  Ach théadh an rámhaíocht inár gcinnibh mar bhí an fharraige rógharbh agus leagadh an maide ar ár gcúl anuas den tochta sinn.  Ansan thugainn tamall ag gol, agus b’shin é an gol croíbhriste.  Chuimhnínn ar Mham agus ar Dhaid agus ar Cháit, agus ghlaoinn ar Mham chun teacht agus a buachaillín féin a shaoradh.  Agus deirinn léi go bhféadfadh sí mé a bhualadh go mbeadh sí sásta agus go mbeinn im’ bhuachaill maith gach aon uair eile, go deo agus go brách.

Bhí a fhios againn ná raibh Dia rómhór linn toisc a raibh de shladaíocht déanta againn.  Gheallamair ná goidfimís uibhe goir ná gliomach faid a mhairfimís beo.  Thuigeamair go mbogfadh san aon Dia a chífeadh an uair sin sinn ar ár nglúinibh agus greim ar thochta báid againn agus an bád againn agus an bád a chaitheamh síos, suas, soir, siar, ag an riach farraige ná fanfadh socair.  Ní róchruinn atá na rudaí sin im’ aigne in aon chor.  Is geall im’ chuimhne iad leis an dtromluí a bhí orm bliain ó shin nuair a cheapas go raibh tarbh mór Mhicí Thomáis im’ dhiaidh an cnoc anuas.  

Tháinig codladh na mairbhití éigin orm fé dheireadh, agus is é an chéad rud eile is cuimhin liom i dtaobh an bháid ná Tadhg Óg a bheith am’ chroitheadh.  Nuair a dhúisíos, thugas fé ndeara go raibh cúig cinn de naomhóga timpeall orainn agus greim ag naomhóig acu ar an mbád. Bhí Mam sa naomhóig sin.  Do gheal mo chroí nuair a chuir Tadhg isteach sa naomhóig mé agus chonac í. Ní fhéadfainn focal a rá léi ach cromadh ag gol. Ní raibh aon fhocal as Mam, ach thóg sí ina hucht mé agus d’fháisc sí isteach léi mé agus chuir sí a brat im’ thimpeall.  Bhraitheas uirthi go raibh tocht uirthi, ach ní tocht é a chuir aon eagla roimpi. Thit mo chodladh orm agus ní dhúisíos go rabhas istigh aige baile.  

Scéal na gCnaipí

Nach ait iad na rudaí gearrchailí.  Ní bhíonn aon mhaith iontu chun aon ní ach chun screadaí nuair a dheanfá aon ní leo, nó chun tú a scríobadh leis na hingne nuair a bhíonn an t-olc ceart orthu.  Tá ceann sa tigh againne: Cáit. Driofúr dom is ea í agus is óige í ná mise. Tá sí ina peata aige Mam agus ní bhíonn sí á bualadh mar a bhíonn sí am’ bhualadhsa agus ní ceart é sin.  Is fear mise ná Cáit ar gach aon tsórt slí ach cad é an mhaith sin – ní fhaighimse aon ní ó Mham ach an tslat agus gheibheann Cáit peataireacht. Má dheineann Cáit aon rud as an tslí ní thugann mo mháthair di ach scríob dá teangain.  Cuireann sé sin an óinsín ag gol. Más mar sin a dhéanfadh Mam liomsa nach agam a bheadh an saol breá! Ní ghoilfinn dá mbeadh sí ag caint go dtitfeadh an teanga aisti. Chuirfinn mo cheann fúm agus d’imeoinn amach ‘on stábla fé mar a dheineann Daid.

Ach níl aon mhaith i gCáit.  Deir mo mháthair liom bheith ag imirt léi, agus bím ar mo dhícheall.  Ní fhéadfadh sí aon léim a chaitheamh, a dhuine, ná níl aon mhaith chun reatha inti.  Bhí cnaipí deasa aici agus dúrt léi imirt agus do bhuas uaithi na cnaipí go léir do bhí sa bhosca aici.  Chrom sí ar ghol, a mhic ó, agus níor theastaigh uaithi iad a thabhairt dom in aon chor, ach bhaineas di iad.  Ach, a dhuine, thairig sí an tigh orm leis an screadaigh agus nuair a tháinig Mam bhain sí gach aon chnaipe dhíom; agus bhain sí mo chuid féin, leis, díom, a bhí ar chorda agam.  D’fhiafraigh sí cá bhfuaireas iad go léir. D’inseas di gur bhuas ós na buachaillí eile ar scoil iad ach níor shásaimh san í gan feachaint ar mo bhríste. Ní raibh cnaipe ann agam ach trí poill déanta agam agus na guailleáin greamaithe le dhá bhuaircín adhmaid agus tairnge trí n-orlach.

Dhein Mam beart náireach orm ansan: chuir sí iallach orm an dá chipín agus an tairnge a chaitheamh uaim agus an bríste a chinneáil suas lem’ dhá láimh.  Chaithas trí lá mar sin go raibh mo chroí briste. Ach níorbh é sin a chuir an straidhn ar fad orm ach Micilín Eoin ag magadh fúm. Ní fhéadfainn rith ina dhiaidh, tá a fhios agat, agus chráigh sé mé go raibh an gomh orm chuige.  

An tríú lá chuas go dtí Mam.  ‘A Mham,’ arsa mise, ‘cuir isteach na cnaipí dhom, má-má-más é do thoil é.  Ní ghearrfad amach aon cheann go brách arís.’

D’fhéach sí orm.  Bhí sí d’iarraidh a dhéanamh amach cad é an fuadar a bhí fúm.

‘Á! Dein, a Mhaimí,’ arsa mise, ‘agus bead im’ bhuachaillí maith.’

‘Um-m-m,’ ar sise, ‘ní fheadar den tsaol cad é an t-athrú so teacht ort’  Mar sin féin cuirfead isteach iad; ach má bhíonn sé den diabhar ort go gcuirfir scian ar aon cheann eile acu bainfead an croiceann díot;’ agus faid a bhí sí g cur na gcnaipí isteach bhí sí am’chrothadh mar a dhéanfadh madra le francach.  ‘Sea, imigh ort anois,’ ar sise nuair a bhíodar istigh aici agus na guailleáin i bhfearas arís orm.

Do bhuaileas an doras amach go breá bog agus síos an buaile agus mo dhá láimh i bpócaí mo bhríste agam á chinneáil suas, mar dhea.  Ní fada a chuas nuair a chonaic Micilín Eoin arís mé agus seo chugham é agus draid air ag magadh fúm.

‘Bríste ar bhais!’ ar seisean.  ‘Bríste ar bhais! Hí-ú! Hí-ú!’

Theastaigh uaim é a mhealladh in aice liom.  ‘Caith crúistín nó cloch liom agus tairig ort mé,’ arsa mise.  

‘Caithfead, a bhríste ar bhais,’ ar seisean agus chrom sé síos chun cnapán lathaí d’fháil a chaithfeadh sé liom.  Sin é an uair a phreabas chuige. Nuair a chonaic sé ag teacht mé agus gan aon lámh in aon phóca liom chuir sé béic as agus siúd leis agus é ag screadaigh.  Thána suas leis agus thugas cor coise dhó agus shíneas ar an dtalamh é. Shuíos anuas air ansan agus shás a shrón síos sa lathaigh.

‘Abair “bríste ar bhais” anois, a Mhicilín,’ arsa mise, agus chuireas dorn lathaí síos laistigh dá léine.  ‘Hop, a chapaillín,’ arsa mise leis agus mé síos, suas ar a dhrom. Bhaineas sásamh mo chroí as agus bhí ana-spórt agam air go ceann tamaill.