Tréanna
- Cad iad na trí rud is luaithe/is tapúla sa bhfarraige? Roc, rón is ronnach.
- Cad iad na trí rith is tapúla? Rith uisce, rith tine agus rith éithigh.
éitheach = bréag
- Cad iad na trí bhall beatha is leochailí? Súil, glúin agus uilleann.
- Cad iad na trí ní ná féidir a mhúineadh do dhaoine? Guth, féile agus filíocht.
féile = flaithiúlacht
- Cad iad na trí ní ná feictear: Faobhar, gaoth agus grá.
faobhar = fé mar a bheadh ar scian nó ar speal nó ar thua
- Cad iad na trí ainmhí is deacra a mhúineadh? Asal, muc agus miú
- Cad iad trí ghníomh Fungi? Rith géar, léim ard agus filleadh grod.
filleadh grod = casadh nó iompó timpeall tapaidh
- Cad iad na trí thréith is mó a mhilleann an duine? Formad, éad agus saint.
- Cad iad na trí chomhartha ar leisceoir? Radaireacht, duanaireacht agus codladh go headra.
codladh go headra: codladh go dtí lár na maidine
- Cad iad na trí ghlór is binne? Meilt na bró, géimneach bó agus béic linbh.
- Cad iad na trí thrá ná fanann? Trá mara, trá sparáin agus trá
- Cad iad na trí shúil is géire? Súil na circe i ndiaidh an ghabha, súil an ghabha i ndiaidh an tairne agus súil an chailín i ndiaidh a grá
nó
..súil cait ar luch, súil saoir ar chloch agus súil caillí ar bhean a mic.
- Cad iad na trí shúil is fearr radharc? Súil an fhiolair i gceo, súil con i ngleann agus súil mná óige ar aonach.
- Cad iad na trí ní a shásaíonn cat? Tóin le gríosaigh, aghaidh na gréine agus luch fé lapa.
gríosach: mar a bhíonn sa tine lasta, agus an tine fós dearg
- Cad iad na bearta ná tuilleann cáil? Bearta sainte, bearta crua agus bearta táir
bearta táir = bearta suaracha.
- Cad iad na trí fhocal is lú brí? Sílim, b’fhearr liom, b’fhé
- Cad iad trí thréith an mhada rua? Iompáil pras, rith mear, glinn ghliocas.
- Cad iad na trí ní is deacra a thuiscint sa domhan agus a chuaigh d’Arastatail? Intinn na mban, obair na mbeach agus teacht agus imeacht na taoide.
Arastatail: fealsúnaí de chuid na Gréige
- Cad iad na trí anam atá sa duine? An t-anam anála, an t-anam mothála agus an t-anam spioradá
- Cad iad na trí ní go mbeadh muinín agat astu? Fírinne, fáilte agus fá
fáltas = maoin an tsaoil, tigh nó talamh
- Cad iad na trí shaghas bréag? Bréag bhréagach, bréag na mioscaise agus bréag na mailí
- Cad iad na trí chluas is mó éifeacht? Cluas cheoil, cluas bhodhar agus cluas le hé
- Trí cheart: Ceart an chirt, ceart chun sonais agus ceart na có
- Na trí shaibhreas is mó a shantaíonn duine: saibhreas an tsóláis, saibhreas an tsuaimhnis agus saibhreas na macá
- Cad iad na trí ní ná féidir a cheilt? Tart, tochas agus grá.
- Cad iad na trí ní nár cheart a chailliúint: Foighne, féile agus ná
- Cad iad na trí mhórán is áil le duine? Mórán áidh, mórán grá agus mórán á
mórán áil = mórán leanaí
- Cad iad na trí shaol is sia? Saol an iúir, saol an iolair agus saol na Caillí Béara.
An Chailleach Bhéara: bean ón miotaseolaíocht a luaitear le Béara in iarthar Chorcaí.
- Cad iad na trí radharc is áille amuigh? Bean ag iompar, bád fé lán tseoil agus capall ina lá
- Cad iad na trí rud is measa do tháilliúir? Siosúr gan faobhar, bréidín gann, is fear gan cheird i mbun a bhfuil ann.
- Cad iad na trí rud a chothaíonn suaimhneas i dtigh? Min, móin agus moch-éirí.
- Cad iad na trí rud a bhaineann leis an ngiorria? Cor géar, léim ard agus rith teann in aghaidh cnoic.
- Cad iad na trí chara is fearr nó na trí namhaid is measa? Tine, gaoth agus bá
- Cad iad na trí rud a mbíonn lorg orthu nó na trí rud a thagann gan iarraidh? Eagla, éad, agus grá.
- Trí bliana fál, trí fál each, trí each marcach, trí mharcach iolar, trí iolar iúr, trí iúr crích, trí crích deireadh an domhain.