Is í An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a mhaoiníonn Scéim na gCúntóirí Teanga. Scéim í seo atá ar an bhfód ó 1992 chun cabhrú le leanaí atá ag freastal ar scoileanna i gceantair Ghaeltachta, an Ghaeilge a shealbhú is a shaibhriú. Deineadh forbairt ar an scéim le blianta beaga anuas mar go bhfacthas go raibh gá ag leanaí a bhí á dtógaint le Gaelainn le tacaíocht bhreise maidir le saibhriú teangan. Is í an scoil ionad oibre an chúntóra teangan, agus oibrítear faoi réir phlean aontaithe an phríomhoide / múinteoir ranga.Obair pháirtaimseartha a bhíonn i gceist ó Mheán Fómhair go Meitheamh.

 

Is í Oidhreacht Chorca Dhuibhne a riarann Scéim na gCúntóirí Teanga i gCo. Chiarraí, Chorcaigh agus Phort Láirge, agus Muintearas a riarann an scéim sa Ghaillimh, i dTír Chonaill, i gCo. Mhaigh Eo agus i gCo. na Mí.