Ceisteanna comónta

comonta

Labhraímid Gaeilge ag baile. Tá Gaelainn mo linbh ábhar lom braithim! An bhfuil aon chabhair sa bhreis ar fáil tríd an gcóras oideachais?

Tá! Déan teagmháil le Príomhoide na Scoile ina bhfuil do leanbh agus socraigh bualadh leis an gCuntóir Teanga.

Beimid ag bogadh go Corca Dhuibhne san Earrach. Beidh mo leanbh ag dul ar scoil (sa Ghaeltacht). Ní labhraímid Gaeilge sa bhaile.An mbeidh aon chabhair ar fáil do mo pháiste sa scoil?

Beidh. Déan teagmháil leis an bPíomhoide agus buail leis an gCuntóir Teanga sa scoil. Eadraibh is féidir libh socrú a dhéanmh ar an gcur chuige is fearr a oirfidh gach éinne.

Cén sórt oibre a dhéanann an Cuntóir Teanga?

(i) Cabhraíonn an Cuntóir Teanga le leanaí nach bhfuil Gaeilge á labhairt ag baile acu chun an teanga a shealbhú
(ii) Cabhraíonn an cuntóir Teanga le leanaí go bhfuil Gaeilge ag baile acu trí shaibhriú teangan

Cad iad na hacmhainní a bhíonn ag na Cúntóirí Teanga?

(i) Cuirtear ábhar ar fáil dóibh ó am go chéile – leabhair/póistéir/dlúthdhíoscaí & cluichí.
(ii) Eagraítear ceardlanna oiliúna do na cuntóirí i rith na scoilbhliana.

Conas is féidir liom cabhrú lem’leanbh?

(i) Déan socrú leis an scoil bualadh leis an gCuntóir Teanga sa scoil agus i dteannta a chéile beidh sibh ábalta plean beag a chur le chéile a oirfidh tusa, do leanbh, an Cuntóir & an múinteoir ranga.
(ii) Mura bhfuil aon Ghaeilge agat, b’fhiú duit freastal ar chúrsaí Gaeilge. Reáchtálann Oidhreacht Chorca Dhuibhne Cúrsaí do Dhaoine Fásta: www.oidhreacht.ie

An bhfuil leabhar sa bheis le ceannach agam?

Níl. Bíonn ábhar ag an gCuntóir Teanga féin agus oibríonn siad in éineacht leis an Múinteoir Ranga agus le Príomhoide na scoile

An bhfuil costas sa bhreis air obair an Chuntóra?

Níl. Cuireann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil don Scéim seo.

An mbíonn an Cuntóir ag obair sa scoil an bhliain go léir?

Ní bhíonn. Tosnaíonn an Cuntóir i mí Mheán Fhómhair agus críochnaíonn siad sa Bhealtaine

An mbíonn an Cuntóir céanna sa scoil don mbliain?

Bíonn. Cuir aithne ar Chuntóir do linbh! Glaoigh ar an scoil agus buail léi/leis

An bhfuil aon áiseanna a chabhródh liomsa?