Áiseanna

Fearaimid fáilte romhaibh ar fad, idir Chúntóirí Teanga, Phríomhoidí, thuismitheoirí agus leanaí óga, go dtí an suíomh seo, áit ina bhfuil go leor áiseanna agus acmhainní le fáil. Tá an chuid is fearr de rannta, de dhánta agus de shaibhreas scéalaíochta ann do gach aoisghrúpa, chomh maith le seanchas, ábhar béaloidis agus ábhar teagaisc. Táthar buíoch do Chúntóirí Teanga na Mumhan as a gcuid acmhainní a roinnt linn go fial, dóibhsean a bhfuil a nguthanna le clos sna taifid, agus dóibhsean a raibh baint acu leis na Cluichí Clóis a fhorbairt agus a mhaoiniú. Is í Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chnuasaigh, a chomhordnaigh agus a chuir in eagar a bhfuil le fáil ar an suíomh so le cabhair maoinithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Tréise libh go léir agus bainíg taitneamh as a bhfuil anseo istigh.

Amhráin

Ag teacht go luath:

Rabhlóga
Tréanna
Baill an choirp