An Cúntóir Teanga
An Cúntóir Teanga
An Cúntóir Teanga
Previous slide
Next slide

Is í An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a mhaoiníonn Scéim na gCúntóirí Teanga mar chuid den gClár Tacaíochta Teaghlaigh.  Scéim í seo atá ar an bhfód ó 1992 chun cabhrú le leanaí atá ag freastal ar scoileanna i gceantair Ghaeltachta, an Ghaeilge a shealbhú is a shaibhriú.  Deineadh forbairt ar an scéim le blianta beaga anuas mar go bhfacthas go raibh gá ag leanaí a bhí á dtógaint le Gaelainn le tacaíocht bhreise maidir le saibhriú teangan.  Oibríonn na Cúntóirí Teanga fé stiúir phríomhoidí agus foireann teagaisc na scoileanna. Obair pháirtaimseartha a bhíonn i gceist ó Mheán Fómhair go Bealtaine.

 

Foireann Oidhreacht Chorca Dhuibhne a riarann Scéim na gCúntóirí Teangan i gCúige Mumhan (Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthach, Múscraí, An Rinn & Oileán Chléire) agus Muintearas a riarann an scéim i gConamara, i dTír Chonaill, i gCo. Mhaigh Eo agus i gCo. na Mí.