Ardaigh an Laiste

Amhráin agus Rannta don Aos Óg atá anso agus iad a rá ag Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh agus ag Páidí Mhárthain Mac Gearailt ó Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí. Leanann seo Sicín Mise go Sona Sásta a d’eisigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar leis na hamhránaithe céanna sa bhliain 2014. Áis í seo do Chuairteoirí Baile de chuid Tús Maith, Scéim Tacaíochta Teanga do thuismitheoirí Gaeltachta ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí agus do Chúntóirí Teanga i mbunscoileanna Chorca Dhuibhne. Deineadh an t-ábhar a thaifead le maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. 

 

Buíochas le Donogh Hennessy a bhí i mbun taifid agus tionlacain ar an ndlúthdhiosca. Ba é Dómhnal Ó Bric, Dún Chaoin, Co. Chiarraí a bhí i mbun ealaíne agus Feargal Mac Amhlaoibh, Inné Teo., Dún Chaoin, Co. Chiarraí an dearthóir. Allmedia a chuir i gcló. Orlaith Ruiséal (Tús Maith & Oidhreacht Chorca Dhuibhne) a chomhordaigh an togra.

Tá an dlúthdhiosca ar fáil anso thíos ina iomlán, nó is féidir na hamhráin aonracha a chur ar siúl níos faide síos ar an leathanach so. Tá na focail ar fáil do gach ceann acu thíos ach cliceáil orthu.

 

Tá an coileach a’ fógairt an lae
Tá an coileach a’ fógairt an lae
Tá an mhuc ag a’ doras
A d’iarraidh é oscailt
Is tá ‘n coileach a’ fógairt an lae.

Tá ‘n coileach a’ fógairt an lae
Tá ‘n coileach a’ fógairt an lae
Tá ‘n chearc is a hál
Ina gcodladh go sámh
Agus tá ‘n coileach a’ fógairt an lae.

Tá ‘n coileach a’ fógairt an lae
Tá ‘n coileach a’ fógairt an lae
Tá bó na leathadhairce
A’ tál bainne don dteaghlach
Is tá ‘n coileach a’ fógairt an lae.

Tá ‘n coileach a’ fógairt an lae
Tá ‘n coileach a’ fógairt an lae
Tá ‘n chearc is a hál
Ina gcodladh go sámh
Agus tá ‘n coileach a’ fógairt an lae.

Tá ‘n coileach a’ fógairt an lae
Tá ‘n coileach a’ fógairt an lae
Tá an ré ‘na luí
Is an ghrian ag éirí
Agus tá ‘n coileach a’ fógairt an lae.

Tá ‘n coileach a’ fógairt an lae
Tá ‘n coileach a’ fógairt an lae
Tá ‘n chearc is a hál
Ina gcodladh go sámh
Agus tá ‘n coileach a’ fógairt an lae.

Ó is a tiuc, tiuc, tiuc,

Táim cráite agaibh

Is a tiuc, tiuc, tiuc,

Bíg’ sásta anois.

Gan bróig ar mo chosa

Ná cóta ar mo chorp,

Is a gug, gug, gug,

Bíg’ ag glágarnaigh x 3.

 

Cnag ar an ndoras

Féach isteach

Ardaigh an laiste

Is siúil isteach.

Suigh ar an stól

Is bí ag ól

Is Dé do bheathasa ar maidin x 2.

 

Tá Conall Beag istigh sa tigh,

Istigh sa tigh, istigh sa tigh,

Tá Conall Beag istigh sa tigh

Is tá sé crosta a dhóthain.

 

Curfá

Ó mo mhíle gile thú

Grá mo chroí is fiche thú

Ó mo mhíle gile thú

Is tú peata geal do mháthar.

 

Ní éistíonn sé le aon chomhairle,

Le aon chomhairle, le aon chomhairle,

Ní éistíonn sé le aon chomhairle

Ní chuirfidh éinne treoir air. 

Curfá

 

Bíonn a dhreatháir Tadhg a’ tabhairt aire dho

A’ tabhairt aire do, a’ tabhairt aire dho,

Bíonn a dhreatháir Tadhg a’ tabhairt aire dho

Nuair a bhíonn a Mhamaí gnóthach.

Curfá

 

Tá Conall Beag ina pheata ag Mam

Ina pheata ag Mam, ina pheata ag Mam,

Tá Conall Beag ina pheata ag Mam

Ag déanamh leithscéil dó i gcónaí.

Curfá

 

Íní míní maidhní mó

Dhein Séan bróig nua

An mó tairne

A chuir sé ann?

Íní míní maidhní mó x 2.

  

Isteach ‘s amach le Jeaicí Bluebell,

Isteach ‘s amach le Jeaicí Bluebell,

Isteach ‘s amach le Jeaicí Bluebell, 

An lá go léir x 3.

 

Rat-a-tat-tat ar do ghuala,

Rat-a-tat-tat ar do ghuala,

Rat-a-tat-tat ar do ghuala,

An lá go léir x 3.

 

Dhá éinín bheaga

Suite ar an gcrann,

Seo é Peadar

Seo é Pól.

Imigh leat, a Pheadair

Imigh leat, a Phóil,

Tar thar n-ais, a Pheadair,

Tar thar n-ais, a Phóil x 2.

  

“Ceol” arsa an t-asal

Is é amuigh sa ghort

“Éist le mo cheolsa

‘Sé is binne port

Hí há, hí há, hí há há há há há”

 

“Ceol” arsa an chaora

Is í amuigh sa ghort

“Éist le mo cheolsa

‘Sé is binne port

Meá, meá, méa, meá, meá”

 

“Ceol” arsa an madra

Is é amuigh sa ghort

“Éist le mo cheolsa

‘Sé is binne port

Bhuf bhuf, bhuf bhuf, bhuf bhuf, bhuf bhuf, bhuf bhuf”

 

“Ceol” arsa an cat

Is é amuigh sa ghort

“Éist le mo cheolsa

‘Sé is binne port

Míabh, míabh, míabh, míabh, míabh”

 

A shlimide, a shlimide,
Cuir amach t’adhairce
Tá na ba ag búirthigh (búireach)
Is cimil (cuimil) do leadhb dóibh

Cé a chuirfidh tú liom ag casadh na mbó

Ag casadh na mbó, ag casadh na mbó?

Cé a chuirfidh tú liom ag casadh na mbó?

Le diolsaí, dolsaí, dé-ró.

 

Cad a thabharfaidh tú dhom ar ainm a rá

Ar ainm a rá, ar ainm a rá?

Cad a thabharfaidh tú dhom ar ainm a rá?

Le diolsaí, dolsaí, dé-ró.

 

Gheobhair hata páipéir ar ainm a rá

Ar ainm a rá, ar ainm a rá

Gheobhair hata páipéir ar ainm a rá

Le diolsaí, dolsaí, dé-ró.

 

Ní leor dom é sin ar ainm a rá

Ar ainm a rá, ar ainm a rá

Ní leor dom é sin ar ainm a rá

Le diolsaí, dolsaí, dé-ró.

 

‘Sé Diarmuid a’ Tobair an buachaillín breá

Buachaillín breá, buachaillín breá

‘Sé Diarmuid a’ Tobair an buachaillín breá

Le diolsaí, dolsaí, dé-ró.

 

Cuirfeadsa leat é ag casadh na mbó

Ag casadh na mbó, ag casadh na mbó

Cuirfeadsa leat é ag casadh na mbó

Le diolsaí, dolsaí, dé-ró.

 

An ghaoth aduaidh, bíonn sí fuar

Is cuireann sí fuacht ar dhaoine.

An ghaoth aneas, bíonn sí tais

Is cuireann sí rath ar shíolta.

An ghaoth aniar, bíonn sí fial 

Is cuireann sí iasc sna líonta.

An ghaoth anoir, bíonn sí tirim

Is cuireann sí sioc istoíche x 2.

 

An bóthar ó thuaidh, an bóthar ó thuaidh,

An bóthar ó thuaidh go Corr Áille,

An bóthar ó thuaidh ‘s an cóngar aduaidh,

‘S an bóthar ó thuaidh go Corr Áille.

 

Curfá

An bóthar ó thuaidh, ó thuaidh, ó thuaidh,

An bóthar ó thuaidh go Corr Áille

An bóthar ó thuaidh ‘s an cóngar aduaidh,

‘S an bóthar ó thuaidh go Corr Áille.

 

Do ghearrachois deas, do ghearrachois deas, 

Do ghearrachois deas, a Nóra,

Do ghearrachois deas ód ghlúin go dtí t’alt,

‘S na cailíní ar fad go córach.

Curfá

 

Corraigh do chois is corraigh do chois,

Is corraigh do chois, a Sheáinín,

Corraigh do chois, do chroí is do chorp

Is beimid go luath i gCorr Áille.

Curfá

 

Luichín i bpoll

Is a cheann amuigh

Caitín róramhar chun dul isteach

Ceann acu istigh

Is ceann acu amuigh

Nach mór an seó a bhí

Ag an gcat is an luch?

 

Táim gan im gan ór

Táim gan ór, gan airgead

Tá mo ghabhar sa phóna

Is níl aon deoir dá bhainne agam.

 

Curfá

Puisín ó rabhdlam rabh

Puisín ó rabhdlam cailleachaí

Puisín ó rabhdlam rabh

Bainne na ngabhar is é a’theannadh leat.

  

Tá seanabhean thiar sa Chom

Is tá dhá ghabhar agus fiche aici

Dá mbeadh mo ghabhar ina dteannta

Bheadh sé chomh ramhar le muc aici.

Curfá

 

Bhíosa lá ar an bhfaill

Chonacsa radharc ar ghiorraithe

Ligeasa fead ar mo ghadhar

Is tháinig sé chugam is fuinneamh fé.

Curfá

 

Táim gan im gan ór

Táim gan ór, gan airgead

Tá mo ghabhar sa phóna

Is níl aon deoir dá bhainne agam.

Curfá x 2.

 

Tá dhá ghabhar is mionnán agam

Tá dhá ghabhar is mionnán agam

Tá dhá ghabhar is mionnán agam

Is pocán ceannfhionn bhuí.

Curfá

 

Tairse abhaile, a Bháibín ó

Tairse abhaile, a Bháibín ó

Tairse abhaile, a Bháibín ó

Mo bháibín ó, mo chroí.

 

Tá dhá bhó san Oileán agam

Tá dhá bhó san Oileán agam

Tá dhá bhó san Oileán agam

Is tarbh sa pháirc seo thíos.

Curfá

 

Tá dhá chaora is uan agam

Tá dhá chaora is uan agam

Tá dhá chaora is uan agam

Is reatha maorga groí.

Curfá

 

Tá dhá chearc is coileach agam

Tá dhá chearc is coileach agam

Tá dhá chearc is coileach agam

Is cearc ar gor ina luí.

Curfá

 

Tá dhá ghé is góislín agam

Tá dhá ghé is góislín agam

Tá dhá ghé is góislín agam

Is gandal láidir groí.

Curfá

 

Tá dhá mhuc ar salann agam

Tá dhá mhuc ar salann agam

Tá dhá mhuc ar salann agam

Is banbh ar chúl an tí.

Curfá

 

An bhfaca tú mo Shéamuisín?
Mo mhuirnín is mo bhuachaillín.
An bhfaca tú mo Shéamuisín?
Is é ‘gabháil síos an bóthar.

 

Ní raibh bróig ná stoca ar a dhá choisín.
Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín.
Ní raibh bróig ná stoca ar a dhá choisín.
Níl an caipín air ná a chlóca.

 

Ag dul ar scoil tá Séamuisín
Mo mhuirnín is mo bhuachaillín
Ag dul ar scoil tá Séamuisín
‘S a leabharín buí ina phóca.

 

Ar a dhrom tá máilín beag
Tá máilín beag, tá máilín beag
Ar a dhrom tá máilín beag
‘S a lón beag ann is dócha.

 

Rugadh é i Móin a’ Rí
Ar thaobh an chnoic i dtigh beag tuí
Rugadh é i Móin a’ Rí
I dtigh in aice an bhóthair.

 

Grá mo chroí mo Shéamuisín
Mo mhuirnín is mo bhuachaillín.
Grá mo chroí mo Shéamuisín
Ar maidin is tráthnóna