Sicín Mise go Sona Sásta

Tá cuid desna hamhráin is na rannta ceolmhara atá ar an CD & sa leabhrán seo, á roinnt cheana féin le leanaí óga Chorca Dhuibhne, ag Cuairteoirí Baile na Scéime Tacaíochta Teaghlaigh Tús Maith (www. tusmaithocd.com). Táid á rá anso ag Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh & Páidí Mhárthain Mac Gearailt, beirt de mhóramhránaithe Chorca Dhuibhne. 

 

 

Donogh Hennessy a bhí i mbun taifid agus tionlacain, Dómhnal Ó Bric a mhaisigh agus Feargal Mac Amhlaoibh a dhear. Cuireadh an CD le chéile le cabhair mhaoinithe ón gClár Tacaíochta Teaghlaigh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Orlaith Ruiséal, Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chomhordaigh an togra. Ealaín na Gaeltachta agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta a mhaoinigh.

Tá an dlúthdhiosca ar fáil anso thíos ina iomlán, nó is féidir na hamhráin aonracha a chur ar siúl níos faide síos ar an leathanach so. Tá na focail ar fáil do gach ceann acu thíos ach cliceáil orthu.

 

 

Mise an traein

Puf, puf, puf.

Mise an madra

Bhuf, bhuf, bhuf.

Mise an bus

Bíp, bíp, bíp.

Mise an sicín

Tsíp, tsíp, tsíp.

 

Súil, súil eile

a haon, a dó

Cluais, cluais eile

a haon, a dó

Láimh, láimh eile

a haon, a dó

Cois, cois eile

a haon, a dó.

Ceann, coincín, béal, smig

agus fiacla bána i mo bhéal istigh.

Sin é mise!

 

(A) haon, dó, trí, ceathair,

Fuaireas féirín deas óm’ athair.

Cúig, sé, seacht, hocht,

Codlódsa go sámh anocht.

Naoi, deich,

Dhá cheann eile.

Haon dhéag, dó dhéag, 

Sin é an deireadh!

Síos, suas,

Sall ‘s anall,

Ag dul anon

Is ag teacht anall.

 

Sicín mise go sona sásta,

Táimse anseo insa tuí im luí.

Féach anois ar mo dhá sciatháinín,

Eireabaillín álainn

Is goibín buí.

 

Chuaigh Micilín Muc ar an aonach lá,

Ar an aonach lá, ar an aonach lá.

Chuaigh Micilín Muc ar an aonach lá,

Hé hó, Micilín Muc.

 

Cheannaigh sé hata le cur ar a cheann,

Le cur ar a cheann, le cur ar a cheann.

Cheannaigh sé hata le cur ar a cheann,

Hé hó, Micilín Muc.

 

Tháinig sé abhaile le bruach na habhann,

Le bruach na habhann, le bruach na habhann.

Tháinig sé abhaile le bruach na habhann,

Hé hó, Micilín Muc.

 

Sciorr ar a chois agus thit sé isteach,

Thit sé isteach, thit sé isteach.

Sciorr ar a chois agus thit sé isteach,

Hé hó, Micilín Muc.

 

Beir ar a chluais is tairig (tarraing) amach é,

Tairig amach é, tairig amach.

Beir ar a chluais agus tairig amach é, 

Hé hó, Micilín Muc.

 

Chuaigh Micilín Muc ar an aonach lá,

Ar an aonach lá, ar an aonach lá.

Chuaigh Micilín Muc ar an aonach lá,

Hé hó, Micilín Muc.

  

A Mhamaí, a chuid, a Mhamaí, a ghrá,

Tóg mé in airde id’ bhachlainn.

Lig mo cheann go fíor led’ chroí

Is cuir mé im luí sa leaba bheag.

 

A Mhamaí, a chuid, a Mhamaí, a ghrá,

Táimse traochta caite amach.

Bainse bróg ‘gus stocaí díom

Is cuir mé im luí sa leaba bheag.

 

A Mhamaí, a chuid, a Mhamaí, a ghrá,

Tabhair dom fáisc go geanúil.

Tabhair dom póg nó dhó nó trí

Agus cuir mé im luí sa leaba bheag.

 

A Mhamaí, a chuid, a Mhamaí, a ghrá,

Ó tá an lá seo caite againn.

Do Dhia na Naomh táimse buíoch

Agus cuir mé im luí sa leaba bheag.

 

Seanfhear grinn

Sheinn sé haon

Chuir sé scanradh ar gach naon.

Nic nac Paddy Wac

Canaigí go binn

Saol fada slán don Seanfhear Grinn.

 

Seanfhear grinn

Sheinn sé dó

Léim na cearca as an gcró.

Nic nac Paddy Wac

Canaigí go binn

Saol fada slán don Seanfhear Grinn.

 

Seanfhear grinn

Sheinn sé trí

Ruaig sé an cat a bhí ina luí.

Nic nac Paddy Wac

Canaigí go binn

Saol fada slán don Seanfhear Grinn.

 

Seanfhear grinn

Sheinn sé ceathair

Leag sé crann i ndúthaigh m’athar.

Nic nac Paddy Wac

Canaigí go binn

Saol fada slán don Seanfhear Grinn.

 

Seanfhear grinn

Sheinn sé cúig

Ar na préacháin chuir sé an ruaig.

Nic nac Paddy Wac

Canaigí go binn

Saol fada slán don Seanfhear Grinn.

 

Seanfhear grinn

Sheinn sé sé

Chuir gach bó is muc ar strae.

Nic nac Paddy Wac

Canaigí go binn

Saol fada slán don Seanfhear Grinn.

 

Seanfhear grinn

Sheinn sé seacht

Ach rith nuair a chonaic sé na Gardaí ag teacht.

Nic nac Paddy Wac

Canaigí go binn

Saol fada slán don Seanfhear Grinn.

 

Seanfhear grinn

Sheinn sé hocht

Bhain sé preab as seanabhean bhocht.

Nic nac Paddy Wac

Canaigí go binn

Saol fada slán don Seanfhear Grinn.

 

Seanfhear grinn

Sheinn sé naoi

Lean sé air go Fáinne an Lae.

Nic nac Paddy Wac

Canaigí go binn

Saol fada slán don Seanfhear Grinn.

 

Seanfhear grinn

Sheinn sé deich

Is nílim ag cur aon bhréag ina leith.

Nic nac Paddy Wac

Canaigí go binn

Saol fada slán don Seanfhear Grinn.

 

Beidh ríl againn, beidh ríl againn,
Beidh ríl againn Dé Domhnaigh,
Beidh ríl againn ar thaobh an chnoic
Is an cailín deas á foghlaim.

 

Táimse i ngrá le cailín deas,
Táimse i ngrá gan dabht léi
Táimse i ngrá le cailín deas,
Is pósfad í Dé Domhnaigh.

 

Tá mo mhadra níl mo mhadra

Tá mo mhadra scoilte,

Tá mo mhadra níl mo mhadra

Lán go barra de mhíola!

 

Chuas-sa siar go Com a’ Liaigh

Is chuas-sa siar im’ aonair

Chuas-sa siar go Com a’ Liaigh

Is níor thána aniar in aon chor.

 

Beidh ríl againn, beidh ríl againn,
Beidh ríl againn Dé Domhnaigh,
Beidh ríl againn ar thaobh an chnoic
Is an cailín deas á foghlaim.

 

Damhsa na gCoiníní

I nGairdín na hEornan

An coinín is óige, briseadh a chois,

An coinín is mó, bhí sé ag gleo

Is thit sé ar a thóin

I nGairdín na Sop.

 

“Óíóí,” arsa an bhó

Is í ag gabháilt síos trí Ghleann an Cheoigh,

“Óíóí,” arsa an bhó

Is í ag gabháilt síos trí Ghleann an Cheoigh x 2.

 

“Soipín féir,” a deir an bhó

Is í ag gabháilt síos trí Ghleann an Cheoigh,

“Soipín féir,” a deir an bhó

Is í ag gabháilt síos trí Ghleann an Cheoigh x 2.

  

“Óíóí,” arsa an bhó

“Cá bhfuil mo ghamhainín, mo ghamhainín ó?”

“Óíóí,” arsa an bhó

“Cá bhfuil mo ghamhainín, mo ghamhainín ó?”

 

“Bhí sé agam go dtí aréir

Taobh istigh den gclaí is é ag ithe an fhéir

Ach insan oíche d’imigh sé

Agus n’fheadar anois cad a dhéanfaidh mé.”

 

“Óíóí,” arsa an bhó

“Fuaireas mo ghamhainín, mo ghamhainín ó”

“Óíóí,” arsa an bhó

“Anois beam sásta anso go deo.”

 

Aon lá amháin ní raibh mo chaitín agam le fáil.

Chuardaíos insna haon áit

Istigh sa churpad

Ar a bhun is ar a bharr.

 

Ansan do shuíos síos ag cuimhneamh.

“N’fheadar an in airde staighre a bheadh sé?” 

Arsa mise liom féin.

 

Siúd liom in airde staighre

Is cá mbeadh mo chladhaire

Ach istigh sa leaba agus a eirebaillín casta timpeall aige ar féin.

 

“Gabh amach as san a chladhaire,” arsa mise,

“Agus seo leat síos an staighre

Ar thóir na luchaigh agus na bhfranncach!”

 

A d’iarraidh dul a chodladh,

A d’iarraidh dul a chodladh,

A d’iarraidh dul a chodladh ‘táimse.

A d’iarraidhdul a chodladh,

In airde ar an lochta,

I neaidín socair sásta.

 

Dá mbeinnse fhéin im’ éinín circe

Is aghaidh mo ghoib ar an stáca

Do tharraingeoinn liom mo léisín coirce

Is raghainn ar an lochta in airde.

 

A d’iarraidh dul a chodladh,

A d’iarraidh dul a chodladh,

A d’iarraidh dul a chodladh ‘táimse.

A d’iarraidh dul a chodladh

In airde ar an lochta

I neaidín socair sásta. 

 

Éiníní, éiníní,
Codalaígí, codalaígí
Éiníní, éiníní,
Codalaígí, codalaígí.
 
Codalaígí, codalaígí
Cois an chlaí amuigh
Cois an chlaí amuigh,
Codalaígí, codalaígí
Cois an chlaí amuigh,
Cois an chlaí amuigh.
 
An lon dubh ‘s an fiach dubh,
Téigí a chodladh, téigí a chodladh,
An chéirseach is an préachán,
Téigí a chodladh, téigí a chodladh.
 
Codalaígí, codalaígí
Cois an chlaí amuigh
Cois an chlaí amuigh,
Codalaígí, codalaígí
Cois an chlaí amuigh,
Cois an chlaí amuigh.
 
An spideog ‘s an fhuiseog
Téigí a chodladh, téigí a chodladh,
An dreoilín ‘s an smóilín,
Téigí a chodladh, téigí a chodladh.

 

Codalaígí, codalaígí
Cois an chlaí amuigh
Cois an chlaí amuigh,
Codalaígí, codalaígí
Cois an chlaí amuigh,
Cois an chlaí amuigh.