Is cnuasach lámhscríbhinne é Bailiúchán na Scol a cuireadh le chéile sna blianta 1937-39.

 

Bhailigh leanaí scoile sinsearacha 750,000 leathanach de stair áitiúil agus traidisiún béil ó 26 contae an tSaorstáit, gníomh nár cuireadh a leithéid i gcrích riamh roimhe. De bhreis air sin, caomhnaíodh 18,000 de bhunchóipleabhair na leanaí. Tá cuid mhaith den ábhar seo ar fáil anois ar an suíomh idirlín, www.duchas.ie

Cuirtear ar fáil anso thíos roinnt samplaí de scéalta ón mBailiúchán a bailíodh ó Ghaeltachtaí na Mumhan. Tá siad tugtha anso díreach mar atá siad ar fáil ar suíomh idirlin an Bhailiúcháin.

Ciarraí Theas

Cathair Saidhbhín

Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín; (uimhir rolla 13542)

Tá an lámhscríbhinn ar fáil anso.

 

I nDún Úrlan i bParóiste ‘n Fhirtéuraig tá roilg agus is mó Ghaedhilgeóir breagh, groidhe a luigheann go fann féd ‘n bhfód innti. Níl aon eaglais ‘na h-aice, ach í i bhfad ón mbóthar mór i n-áit uaignigh, sa tslighe sin ná bíonn siúbhal aoinne uirthi ó luan go Satharn, ach amháin nuair a bítear a’ cur duine éigin.

Mórán blianta ó shion – ní mhaireann aoinne anois gur cuimhin leis é – do thuit a leithéid seo amach. Gach socraid d’á dtéighead go dtí an reilg seo, do chuireadh sean-duine beag, críonna, casta, caithte, a ceann aníos as uaig, agus deireadh i nglór chaol, árd –

 

“Píopa is tobac do Bhacach an Teampaill,
Cuir féin rann as san.”

 

Ní thugadh aoinne aon fhreagra air ach na daoine go léir a’ teiceadh uaidh agus scannradh ‘na gcroídhe. Do b’é do b’fhada leo go mbíodh clúduighthe ar an gcorpán bhocht chun bheith imitighthe as a radharc. Is beag duine a théigheadh chomh fada leis an dteampall i n-aon chor.

 

Do chualaidh an file – Piaras Feirtéar – an scéal. An chéad tsochraid eile a bhí a’ dul go dtí an reilg, do chuaidh sé innti. Má chuaidh do chuir an sean-duine beag (-) aníos mar ba ghnáthach leis agus do chas a phort–


“Píopa is tobac do Bhacach an Teampaill
Cuir féin rann as san.”
“A” arsa Piaras ‘ghá fhreagairt go misneamhail agus go neamh-eaglach–
“Da ndéantá t’aithrighe i n-am
Ní bheidhfeá id’shamhailt annsan.”

 

Ní feactas riamh ó shion “Bacach an Teampaill.” Deireadh na sean-daoine gurabh é sin an phurgadóireacht a bhí air, agus ná raibh uaidh ach go dtabharfadh duin’ éigin freagra.

Scoil:An Clochar, Cathair Saidhbhín(uimhir rolla 13542)

Tá an lámhscríbhinn ar fáil anso.

Fionn Trágha, an áit ‘n-ar bhualdh an chath mór idir Dáire Domhain agus laochra na h-Éireann. Do bhí ar Dháire Domhain teicheadh. Do réir bhéil-oides na ndaoine deirtear gur na Fínníní a bhí ann ach síltear anois nách h-eadh mar tímcheall ceirre céad bliain in’ dhiadh sin a mhair na Fíníní. Bhí Diarmuid Ó Duibhne ag teacht chun an chogaidh san agus do chur bean éigin moill air, ach sa deire do chuala sé sgréicadh agus na béamaí móra agus glór na sceimh agus do chonnaich sé an loingeas go léir amach sa bhágh. Do rith sé treasna Bealach Oisín agus tá rian a chosa le feiscint ann fós. Táinigh sé ar faill árd agus léim sé isteach sa farraige agus cé go bhfuil an fharraige seacat feadhna ar dhoimhneacht do shiubhal sé isteach agus do rith sé treasna. Do tharraing sé amach na loingeas ionnus nách mbeadh sé ar chumas na teicheadh.

Uair eile nuair a bhí Diarmuid ag teicheadh ó Fhionn thóg sé cómhgar agus do chaith sé tamall thus i gCill Seanna agus chun dul amú a chur ar Fhionn do bhuail sé tímcheall an tuair. Táinigh an oidhche ortha thuas ar an gcnoc. Do chaitheadar an oidhche fén lic mór agus Fionn go dian ar a dró[?]. Ó shoin amach glaodhtar leaba Dhiarmada air. Is mór siúbhlaí bocht do fuair fothain san ló agus loísdín san oidhche ann.

Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín; (uimhir rolla 13542)

Tá an lámhscríbhinn ar fáil anso.

Tháinig Meadhbh go Cealla chun cabhair d’fhághail insan Táin Bó Cuailinge ó Donnchadh Cleiteach Ó Seaghdha. Bhí sé ina mháighistir ar an áit seo go léir an uair sin. Do tháinig an bhanríoghan ar bhruach loca agus nuair oscail sí a súile do chonaic sé long glégeal amuich sa bhfarraige agus do bhí bád beag ag teacht fé dhéin na talmhan.

“Ó, mo léan!” ar seisean “Cé tá ag teacht ach Méadhbh agus gan cathaoir againn annso.” Ghlaoigh sé ar a dhraoidheachtóir chun suidheacháin a dhéanamh dó go tapaidh. Do dhéin sé suidheachán do’n charraig a bhí taobh leis. Tháinig Meadhbh, agus taréis na bhfáiltí dubhairt Dómhnall léi suidhe ar an gcathaoir. Do dhéin, agus dubhairt sí nár leig sí a súile riamh ar radharc chómh bréagh agus ar shuidheachán chómh bog agus nuair eirigh sí bhí a deilbh ar an gcarraig. Tá sé ann fós le feiscint ag Béarlóir nó Gaedhealgeáir. Ghlaoghann siad Gob na Binne air.