Bhí fear ar an mbaile seo againne. Liam na Giúise a tugtaí air mar go mbíodh ráil mhóna agus ualach giúise á ndíol sa Daingean go minic aige.
Tharlaigh, trí sin, áfach gur chuir Liam aithne ar an ól agus ba mhinic, slán mar a n-instear é, go mbíodh Liam ar a mhíthreoir ag teacht abhaile tráthnóna agus ba mhinic a thiteadh a chodladh air sa trucail istigh.
Bhí seanamhiúil bhuí ag Liam. Ní raibh a fhios ag éinne cén t-aos a bhí aici, ach ní foláir liom nó bhí sí cnagaosta go maith mar ní fhaca-sa riamh aon mhiúil ba mhó ciall agus meabhair ná í. Aon uair dá dtiteadh a chodladh ar Liam sa trucail istigh ghluaisíodh sí léi go socair suaimhneasach. Ní raghadh sí sall ná anall ná isteach sa díog ná in airde ar an gclaí. Stadadh sí ag an ndoras agus ní chuireadh sí cor ná casadh aisti go ndúisíodh Liam.
Lá dá raibh Liam sa Daingean luigh sé chun na dí. Bhí braon maith fen bhfiacail aige agus ar an mbóthar abhaile thit a chodladh air. Tháinig an mhiúil abhaile leis, stad sí ag an ndoras mar ba ghnáthach léi, agus bhí sí ag feitheamh go foighneach go dtiocfadh a chiall do Liam.
Bhí dhá chladhaire bhreátha eile ar an mbaile, Seán Catach agus Tadhg Rua agus bhí an diabhal ina mbolg acu. Ní bhíodh aon toirmeasc ann ná go mbíodh an bheirt acu sáite ann. Chaithidís a bheith i mbun na himeartha i gcónaí. Bhí sé de mhí-ádh ar Liam go bhfacadar siúd an seanamhiúil ag béal an dorais an oíche sin. Chonaiceadar Liam féin ina chnag codlata istigh sa trucail. Thosnaigh an diabhal á bpriocadh agus bheartaíodar cleas a imirt ar Liam.
Bhain Tadhg na cipíní as geata na rálach agus thóg anuas é. Bheireadar go haireach ar Liam agus chuireadar uathu ar an dtalamh é. Fuaireadar eochair an dorais i bpóca Liam agus d’oscail an doras léi. Scoradar an mhiúil. Bhaineadar an ráille agus an dá roth den dtrucail agus rugadar leo isteach sa tigh iad. Chuireadar an trucail thar n-ais le chéile istigh. Thugadar isteach an mhiúil agus ghabhadar fén dtrucail aríst í. D’ardaíodar Liam go ciúin cáiréiseach agus chuireadar thar n-ais sa trucail é. Dhúnadar an ráille aríst. Chuir Seán an glas ar an ndoras agus chuir an eochair thar n-ais i bpóca Liam agus chuaigh amach tríd an bhfuinneoig go dtí Tadhg.
“Sea” ar seisean, “tá an méid sin déanta go maith againn agus beidh cuileachta ar an mbaile seo ar maidin.”
Lá arna mhárach ghabh Seán na gliúcaíle thar tigh Liam na Giúise. Bhí na haon rud istigh díreach mar a d’fhág sé iad. Siúd leis síos an bóthar is gach aon bhéic agus liú aige. Tháinig duine desna comharsana amach nuair a chualaigh sé an fothram is an liú is an liútar léatar amuigh.
“Ochón go deo,” arsa Seán agus an t-anam ag titim as le scanradh, mar dhea.
“Brostaigh soir go tigh Liam na Giúise. Tháinig na púcaí ag triail air nó d’imir duine éigin draíocht air. Tá an mhiúil bhuí istigh sa tigh agus í gafa fén gcairt agus Liam féin sínte siar inti gan gíogs ná míogs as.”
D’fhág sé ansan iad. Siúd leis ar fuaid an bhaile á fhógairt. Músclaíodh an baile ar fad agus seo leothu soir go tigh Liam. Ní ligeadh an eagla isteach iad ach d’fhéachadar an fhuinneoig isteach.
“Dia linn,” arsa Tadhg, “conas ar thalamh an domhain a chuaigh an mhiúil agus an trucail isteach?”
Mheasadar siúrálta go raibh baint ag na púcaí leis an scéal.
Dhúisigh an gleo ar fad Liam. D’éirigh sé aniar sa trucail is d’fhéach mórthimpeall air féin.
“Ab amhlaidh atáim ar meisce fós?” ar seisean.
Labhair duine éigin ón dtaobh amuigh.
“An tú Liam?”
“Ambaiste ná feadar,” arsa Liam. “Dá mba mise Liam is ar an dtaobh amuigh de dhoras a bheinn fhéin is mo mhiúil. Ach is dócha gur mé Liam pé miorúilt a thug isteach mé. Dá bhféadfadh an mhiúil teacht isteach an doras féin, rud ná féadfadh, ná raibh an glas ar an ndoras agus eochair im phóca agus í fós ann. An bhfacaigh éinne riamh a leithéid?”
“Ach ní hí seo an chuid is measa den scéal,” arsa Liam, “ach conas a chuirfear amach arís iad?”
Níor chuimhnigh éinne ar réiteach na faidhbe go tráthnóna. Is ansan a ceapadh seift chun an mhiúil bhuí a fhuascailt.
An dá rógaire, Seán Catach agus Tadhg Rua a cheap an tseift, gan dabht!
Níor ól Liam na Giúise aon bhraon dí ón lá san i leith. Is olc an ghaoth ná fóireann ar dhuine éigin.
Sin é mo scéal. Má tá bréag ann bíodh, mar ní mise a chum ná a cheap.
Guth: Páidí Mc Gearailt
Chuaigh Cú Chulainn agus an Chraobh Rua go hOileán Mhanainn ag iarraidh caisleán mór ar an gcósta a ghabháil, caisleán a bhí lán d’ór agus de sheoda luachmhara.
Ní raibh ag éirí leo mar bhíodh roth ag casadh mar bhró mhuilinn ag geata na cathrach agus ní raibh aon dul thairis ag éinne.
Aon duine amháin a d’fhéadfadh an roth a stopadh agus b’é sin Cú Raoi Mac Dáire.
Mhair sé sin ar Shliabh Mis i gCiarraí.
Bhí cathair mhór aige, Cathair Chon Raoi agus bhí ar a chumas a dhún féin a chur ag casadh timpeall chomh maith.
Bhí seanaithne ag Cú Chulainn agus Cú Raoi ar a chéile agus iad ana-mhór le chéile.
Chuir Cú Chulainn fios ar Chú Raoi, ag rá leis teacht chun cabhrú leis.
Chuir Cú Raoi a chlóca draíochta air agus chuaigh sé chomh fada le hOileán Mhanainn, agus bhuail sé le Cú Chulainn lasmuigh den gcathair.
“Trí ionsaí a dheineamair air’ arsa Cú Chulainn, ach níorbh aon mhaith dúinn é.”
“Lig domsa triail a bhaint as,” arsa Cú Raoi.
“Dein” arsa Cú Chulainn, “agus má éiríonn leat is féidir leat do rogha rud a bheith agat as an slad.”
Chuaigh Cú Raoi chomh fada leis an roth agus ní fada gur éirigh leis stop a chur leis. Siúd leis an gCraobh Rua fén gcathair agus ba ghearr go raibh an chathair gafa acu, agus an chreach tugtha leo ar ais go Cúige Uladh.
Bhí féasta ansan acu agus roinneadh an chreach, gach éinne agus a chuid féin aige.
“Anois” arsa Cú Chulainn le Cú Raoi “bíodh do rogha den gcreach agatsa?”
“Nil uaim” arsa Cú Raoi, “ach Bláthnaid, iníon an Taoisigh.”
Ní mó ná sásta a bhí Cú Chulainn leis an rogha úd, mar theastaigh Bláthnaid uaidh féin.
Ní dúirt Cú Raoi faic. Ach d’éirigh sé go luath an mhaidin dar gcionn, chuir air a chlóca draíochta, chuir Bláthnaid féna ascaill, chuir sé coire de sheoda luachmhara ar a dhroim, bhagair na trí bhó bhainne roimhe, cheangail na héiníní ar a chrios, agus d’éalaigh sé i ngan fhios do Chú Chulainn.
Bhí tamall ann sarar thug Cú Chulainn fé ndeara go raibh Cú Raoi imithe. Lean sé é agus tháinig air ag Sulchóid, atá i gContae Luimnigh anois. Ansan a bhí an comhrac aonair cruaidh cealgánta eatarthu. Bhí Cú Raoi rómhaith do Chú Chulainn. Sháigh sé síos sa talamh é, bhearr a chuid gruaige de, agus chuimil otrach bó isteach ina aghaidh. D’fhill Cú Raoi ar Chathair Chon Raoi ansan agus mhair ann le Bláthnaid. B’é a ghiolla a thug Cú Chulainn saor as an sáinn ina raibh sé. D’fhill sé siúd abhaile go dtí na Beanna Boirche go maolchluasach, agus d’fhan i bhfolach ar feadh bliana gur fhás a chuid gruaige thar n-ais. Náire shaolta do laoch an uair úd a bheith gan ghruaig.
Tamall ina dhiaidh sin, bhí Cú Chulainn amuigh ag seilg ar na Beanna Boirche. Cad a chífeadh sé chuige thar an bhfarraige anall ach iall mhór d’éin dhubha. Mharaigh sé an chéad cheann acu a thúisce a tháinig sé i dtír agus lean sé ar aghaidh á marú gur mharaigh sé an ceann deireannach díobh ag Srón Bhroin in iarthar Chiarraí.
Bhí sé ag filleadh abhaile nuair a casadh Bláthnaid air in aice na Fionnghlaise agus í go huaigneach. Bhí ana-áthas ar Chú Chulainn bualadh lena ghrá arís.
Bheartaíodar láithreach Cú Raoi a chur dá chois. Ní gan dua a dhéanfaí a leithéid, áfach, mar go gcaithfí Cú Raoi a mharú lena chlaíomh féin.
Bhí a anam istigh in úll, agus bhí an t-úll istigh i mbradán ná raibh le feiscint ach uair sa seachtú bliain i dtobar a bhí ar Shliabh Mis.
Dheineadar an plean, ach go háirithe, agus dúirt Bláthnaid le Cú Chulainn fanacht thíos ag bun an chnoic go dtí go n-iompódh an t-uisce fionn. ‘Sé an comhartha a shocraíodar eatarthu ná bainne na dtrí mbó úd a ligint leis an abhainn i dtreo is go mbeadh an t-uisce fionn ón mbainne. B’shin an comhartha go mbeadh sé in am dó teacht.
Nuair a bhí an lá go raibh an bradán le bheith sa tobar ag druidim leo, dúirt Bláthnaid le Cú Raoi gur theastaigh dún nua uaithi, an dún ab fhearr a bhí riamh ann.
Chuir Cú Raoi a chuid laoch mórthimpeall na hÉireann ag bailiú cloch chun an dún a dhéanamh. Ach ní raibh ann ach plean ag Bláthnaid chun ná beadh aon chabhair ag Cú Raoi in am an ghátair.
Nuair a tháinig an lá chrúigh Bláthnaid na ba dubha isteach sa choire mór. Chuaigh sí isteach go Cú Raoi ansan. Bhí Cú Raoi sínte sa leaba roimpi. Thosnaigh sí ar a chuid gruaige a chíoradh mar a dheineadh sí go minic. Agus chuir sí Cú Raoi chomh mór sin ar a shuaimhneas gur éirigh léi a ghruaig a cheangailt le colpa na leapan.
Amach léi ansan agus dhoirt sí an bainne isteach sa ghlaise. D’aithin Cú Chulainn an comhartha agus tháinig sé féin agus a lucht leanúna suas an cnoc gan aon mhoill. Isteach sa chathair le Cú Chulainn, sciob sé claíomh Chú Raoi agus rith go dtí an dtobar. Sin é an uair díreach a bhí an bradán ann. Rug sé ar an mbradán, d’oscail é agus tháinig ar an úll a bhí istigh ann. Ghearr sé an t-úll trasna ar a leithead le claíomh agus thit an t-anam as Cú Raoi.
Lig Cú Raoi béic dhiamhair as. Chuala a laochra an bhéic úd agus bhí a fhios acu láithreach go raibh sé ag fáil bháis ar Shliabh Mis. Chaitheadar uathu na clocha agus ritheadar abhaile, gan dabht, bhíodar ródhéanach, mar bhí Cú Chulainn agus Bláthnaid éalaithe leo i dtreo Chúige Uladh fén am seo.
Bhí cruitire ag Cú Raoi darbh ainm Feircire agus bhí ana-fhearg air nuair a d’airigh sé an feall. Lean sé an bheirt ar a chapall fhéin agus tháinig sé suas leo agus iad ag marcaíocht le faobhar faille cois Loch Léin.
Sciob sé Bláthnaid a bhí ar chúlóg Chú Chulainn agus léim le faill léi. Maraíodh iad araon ar an toirt.
Tá glaise bheag ag sníomh trí lár an Chama i gCorca Dhuibhne go dtugtar abhainn na Fionnghlaise air go dtí an lá atá inniu ann.
(Guth: Aoife Ní Chonchúir)
© 2023 · An Cúntóir · Oidhreacht Chorca Dhuibhne