Scéalta dosna Meánranganna
Fadó bhí seanbhean ag maireachtaint léi féin. Ní raibh aon cheal uirthi, ach sprionlóir ceart ab ea í. Ní scaradh sí le haon leathphingin anuas ar leathphingin agus pingin anuas ar phingin i gcónaí.

Ach do bhí cnapán óir aici agus n’fheadar sí ó Fhlaitheas Dé anuas cá gcuirfeadh sí an cnapán óir. Theastaigh uaithi a bheith deimhnitheach go mbeadh an cnapán óir sábháilte.

Bhí an t-aos ag breith uirthi ansan agus ar deireadh thiar dhein sí suas a haigne ná raibh aon áit ba shábháilte di an cnapán óir a chur ná é a bhreith léithe ar an saol eile.

‘Sé an rud a dheineadh sí gach aon mhaidin nuair a bhí an óige aici, chíoradh sí a cuid gruaige. Bhí cúl breá gruaige uirthi agus nuair a bhíodh a gruaig cíortha aici chuireadh sí an cnapán óir isteach ina cúl gruaige taobh thiar agus bhíodh sé go sábháilte ansan agus nuair a théadh sí a chodladh chuirfeadh sí fén bpilliúr é. Ach bhraith sí í féin ag dul chun deiridh agus dúirt sí léi féin go mbéarfadh sí an cnapán léi mar lón síoraí.

Ghlaoigh sí ar an gcailín aimsire. Ní chaitheadh sí leathphingin ach amháin go gcoimeádadh sí cailín aimsire i gcónaí agus d’iarr sí ar an gcailín aimsire an cnapán óir a chur i sáspan agus é a leagadh ar an dtine agus a thabhairt do le n-ól.

Dúirt an cailín aimsire “Maith go leor.” Bhí an cailín aimsire glic. Tháinig sí. Fuair sí an sáspan agus chuir sí cnapán breá ime isteach sa tsáspan agus nuair a bhí an t-im leáite, leachta, thug sí chuici le n-ól é. Bhuail sí chuici féin an cnapán óir agus bhí an tseanbhean sásta mar mheas sí go raibh an t-ór á bhreith léi aici ar an saol eile agus ar bhóthar na síoraíochta.

Ach bhí an cailín róghlic di agus d’fhan an cnapán óir aici.





Guth: Emily Nic Gearailt
Bhí fear bocht ina chónaí leis féin i sráidbhaile beag. Bhuel, ní leis féin ar fad mar bhí sean-asal aige, Neidí.

Lá amháin chuardaigh sé a thigh le haghaidh rud éigint le n-ithe. Ní raibh aon rud fágtha, fiú amháin crústa aráin.

“Hup, a Neidí”, ar seisean. Chuadar go dtí an gcoill. Bhailigh an fear bocht adhmad. Chuaigh sé go dtí an mbaile mór ansan chun é a dhíol.

Adhmad breá don dtine. Tháinig fear. D’fhéach sé ar an adhmad go léir a bhí ar dhrom Neidí. Bearbóir a bhí ann.

“Cé méad ar an ualach san?” arsa an bearbóir.

D’fhreagair an fear bocht é.

“I bhfad ródhaor,” arsa an bearbóir.

Bhí ar an bhfear bocht an t-adhmad a dhíol ar phraghas ana-íseal.

“Hup a Neidí,” arsa an fear bocht.

“Hup a Neidí,” arsa an bearbóir.

“Fuaireas praghas uait ar an ualach san ná fuaireas?” arsa an bearbóir.

“Fuairis”, arsa an fear bocht.

“Agus thugas an t-airgead duit nár thugas?” arsa an bearbóir.

“Thugais,” arsa an fear bocht.

“Tabhair dom an diallait mar sin,” arsa an bearbóir.

“Cuid don ualach is ea an diallait.”

Bhí an fear bocht trína chéile. Thug sé an diallait dó. Bhí fearg air. Ní raibh se ábalta codladh ná ithe. D’éirigh sé go luath maidin lá arna mháireach.

“Hup a Neidí,” ar seisean.

Chuadar go dtí an mbaile mór. Chonaic sé siopa an bhearbóra. Isteach leis.

“Cad a chosnódh sé mise agus mo chara a bhearradh?” arsa an fear bocht.

D’fhreagair an bearbóir é.

“Tá go maith” arsa an fear bocht.

Shuigh sé síos agus bhearr an bearbóir é.

“Anois cá bhfuil do chara?” arsa an bearbóir.

“Tá sé amuigh áit éigin, tabharfad isteach chugat e,” arsa an fear bocht.

“Maith an fear,” arsa an bearbóir, “ná bí ró fhada.”

Tháinig an fear bocht thar n-ais agus Neidí ina theannta.

“Nílimse chun an t-ainmhí sin a bhearradh,” arsa an bearbóir agus a aghaidh ag lasadh suas.

“Tá an margadh déanta againn,” arsa an fear bocht. “Cabhródsa leat an gallúnach a chur air. Suigh síos ansan a Neidí,” arsa an fear bocht agus an scuaibín ina láimh aige.

“Gallúnach más é do thoil é.”

“Nílimse chun asal a bhearradh, a deirim leat,” arsa an bearbóir ag sciobadh an scuaibín ón bhfear bocht.

“Bearrfaidh tú,” arsa an fear bocht. Thuig an bearbóir ansan.

“D’imríos cleas ortsa?”

Ní hamháin gur thug sé an diallait thar n-ais do, thug sé rásúr breá nua do chomh maith. Cheannaigh an fear bocht cairéad mór don asal.

“Hup a Neidí”, ar seisean agus abhaile leo go sásta.





Guth: Aoife Ní Chonchúir
Rugadh Piaras Feiritéar sa bhliain 1600 agus mhair sé go dtí go raibh sé 53 bliain d’aois nuair a chroch na Sasanaigh é i gCnocán na gCaorach i gCill Áirne. Ceannaire mór pobail ab ea é, saighdiúir, gaiscíoch airm, scríbhneoir, file, fear spóirt, fiaigh agus ráiseanna capall. Fear uasal íseal agus laoch ab ea é i measc a mhuintire féin. Bhí talamh aige istigh sa Bhlascaod agus bhí caisleán beag aige ann. Bhí pluais leis ann ar an gcliathán thuaidh don oileán go nglaodar Scairt Phiarais air. Ó am go ham théadh Piaras isteach san oileán agus bhíodh sé ag iascach ar a shuaimhneas agus ag scríobh agus ag machnamh istigh ann ach uaireanta théadh sé ann ag éalú ó fhórsaí Shasana.

Maidin amháin ar bhreacadh an lae tháinig bád lán de shaighdiúirí i dtír ar an dTráigh Bhán. Thriomaíodar an bád agus léimeadar i dtír agus gan mhoill chiorclaíodar an caisleán agus nuair a bhí na gunnaí dírithe ar an ndoras acu bhéic an Sáirsint:

“Piaras Feiritéar,” a dúirt sé, “tánn tú teanntaithe. Níl aon éalú anois agat. Tar amach, in ainm na Banríona,” a dúirt sé, “agus do dhá láimh in airde.”

Tar éis tamaill osclaíodh an doras agus tháinig Piaras amach. Bhí an dá láimh in airde aige.

“Táim ag féile.” a dúirt sé, “táim ag féile, níl aon ghá le gunnaí. Ní bheidh aon fhadhb agaibh liomsa” a dúirt sé. “Ach tá corcán breá do mhin choirce ag beiriú istigh” a dúirt sé “agus ‘sé an diabhal imeacht agus é a fhágaint,” a dúirt sé “agus gan é a ithe.”

D’fhéach na saighdiúirí go hocrach ar an sáirsint.

“Tá go maith” a dúirt sé, “beidh an bia againn ach má dheineann tú cor amháin” a dúirt sé “nó iarracht éalú” a dúirt sé, “lámhachfar tú,” a dúirt sé le Piaras.

“Ó tá go maith, tá go maith,” arsa Piaras.

Thángadar isteach agus chuireadar na gunnaí chun seasaimh taobh thiar don ndoras agus shuíodar chun boird, le Piaras ón dtaobh istigh teanntaithe acu chun ná beadh sé ábalta corraí. Chuir bean an tí plátaí breátha do mhin choirce te le mil na mbeach agus uachtar an bhainne ós a gcomhair agus d’ith na saighdiúirí go hamplach ocrach. Labhair Piaras le bean an tí as Gaelainn:

“A bhean an tí,” a dúirt sé, “cuir uisce isteach sna bairillí agus fliuch an púdar sna gunnaí. Dein anois é,” a dúirt sé, “agus dein i ngan fhios é.”

Dhein sí é go glic, seiftithe. Agus nuair a bhí gach aon rud ite agus a bholg lán ag gach éinne labhair an Sáirsint le Piaras:

“Faigh do chasóig,” a dúirt sé, “fág slán ag an mbean san” a dúirt sé, “agus bain amach an bád go tapaidh.”

Chuir Piaras air a chasóig agus amach an doras leis agus chomh luath agus a fuair sé é féin glan rith sé chomh tapaidh agus a d’fhéadadh sé cliathán an chnoic amach i dtreo na scairte. Bhí fuadar fé shaighdiúirí ag lorg gunnaí chun dul ina dhiaidh.

“Dein líne,” arsa an Sáirsint. “Téigí ar leathghlúin,” a dúirt sé, “aimsígh agus caith air.”

Dheineadar é ach níor thárla faic mar bhí an púdar fliuch sna gunnaí. Bhí jab maith déanta ag bean an tí.

‘Leanaíg é,’ arsa an Sáirsint.

Thógadar amach na clocha a bhí acu agus seo leo suas cliathán a’ chnoic ina dhiaidh. Bhí an cosán caol, dainséarach síos go dtí an scairt. Ní fhéadadh ach duine amháin sa turas dul síos ann. Bhí taithí mhaith ag Piaras air gan dabht agus chuaigh sé síos agus istigh sa scairt bhí claoímh curtha i bpoll aige. Fuair sé an chlaoímh agus bhí sé ullamh dosna saighdiúirí nuair a thángadar.

Bhí an cosán sleamhain, bhí sé cúng. Ní raibh faic taobh thíos dóibh ach an fhaill ghéar, borraí tréana agus faoileáin ag scréachaigh. Nuair a thángadar go dtí an scairt sháigh Piaras duine ar dhuine acu le faill. Is mó oíche fhuar fhliuch a chaith Piaras bocht sa scairt san i bhfolach ósna Sasanaigh. Bhí sé ana-mhíshásta mar bhí an áit ana-mhíchompórdach agus bhí sé tais, fliuch. Léiríonn an véarsa seo a scríobh sé chomh míshásta agus a bhí sé:

‘A Dhia atá thuas, an trua leat mise mar atáim? Im chaonaí uaigneach nach mór go bhfeicim an lá. An bhraon atá thuas in uachtar leice go hard, Ag titim im chluais agus fuaim na toinne lem’ sháil’.





Guth: Aoife Ní Chonchúir
Bhí naomh in Éirinn fadó agus sé an áit go raibh cónaí air ná i Sáipéilín Ghallarais. Thugadh sé an lá is an oíche ag paidreoireacht agus ag tabhairt moladh agus buíochas do Dhia na Glóire de shíor. Gach aon mhaidin théadh sé amach go dtí doras an tsáipéilín, “Moladh le Dia “a deireadh sé, shíneadh sé amach a dhá láimh, agus thiteadh bulóg aráin isteach i láimh amháin agus púnt ime isteach sa láimh eile. Bhíodh a bheatha ag teacht ó neamh chuige gan teip. D’fhéachadh sé suas ar neamh agus deireadh sé “Buíochas le Dia.”

Isteach sa tsáipéilín arís leis agus ar aghaidh leis ag paidreoireacht arís gan stad.

Mar sin a chaith sé cuid mhaith dá shaol go dtí aon mhaidin amháin. Ní raibh aon chodladh maith déanta aige agus níor bhraith sé rómhaith. Nuair a chuaigh sé chomh fada leis an ndoras d’fhéach sé amach. Bhí sé ina thuilleadh báistí, agus gaoth fhuar ag teacht isteach ón bhfarraige, lá gránna ceart.

“Nach ainnis an lá é,” ar seisean, gan aon “moladh le Dia” a rá. Shín sé amach a dhá láimh, ach b’shin a raibh de mhaith ann. Níor thit aon arán ná ím isteach iontu. Thuig sé ar an bpointe go raibh rud mícheart déanta aige, gan buíochas a thabhairt do Dhia as an drochrud chomh maith leis an rud maith.

Chuaigh sé thar n-ais sa tsáipéilín. Ansan labhair guth aingil leis agus dúirt go raibh Dia ana-mhíshásta leis toisc nár ghabh sé buíochas leis.

“An bhfuil aon tslí go maithfidh Dia dhom é?” a d’fhiafraigh an naomh.

“Tá” arsa an t-aingeal, “tabhair do mhaide, téir ar do dhá ghlúin sa tsruthán san thall agus bí ag paidreoireacht leat ag iarraidh maithiúnas air. Lean ort go bhfásfaidh féar ar bharr do mhaide. Nuair a bheidh an féar fásta air beidh maithiúnas fachta ó Dhia agat.”

  Ní raibh aon rud eile le déanamh ag an naomh. Mar sin rug sé ar a mhaide agus chuaigh go dtí an abhainn ná raibh ach tamaillín ón áit agus chuaigh síos ar a dhá ghlúin ina lár. Bhí sé ana-fhuar agus ana-mhíchompordach, ach thosnaigh sé ag paidreoireacht.

N’fheadar éinne cé chomh fada is a bhí sé ansan, ach ní raibh aon fhéar ag fás ar an maide ná aon chuimhneamh air.

Aon oíche amháin ghabh beirt bhithiúnach trasna na habhann, dhá mhála ar a ndroim acu, agus iad ar a slí abhaile tar éis an oíche a chaitheamh ag scriosadh agus ag slad. Nuair a bhíodar ag dul trasna chonaiceadar mo bhuachaill ar a dhá ghlúin agus é ag paidreoireacht leis. B’ait leo é, agus chuireadar ceist air cad a bhí ar siúl aige mar sin i lár na habhann.

Mhínigh sé dóibh cad a bhí déanta aige agus conas go raibh súil aige le maithiúnas ó Dhia.

Thosnaíodar ag gáire agus ag magadh fé nuair a chualadar an scéal. D’fhágadar slán aige agus d’imíodar leo. Ach ansan thosnaíodar ag smaoineamh agus dúirt duine acu leis an nduine eile:

‘Más mar sin atá sé ag an bhfear bocht sin as rud chomh simplí a dhéanamh, conas a bheidh againne go bhfuil an méid sin slad agus díobhála déanta againne le blianta?’

Dob é críoch agus deireadh na mbeart ná gur fhilleadar ar an abhainn agus chuadar ar a dhá nglúin taobh leis an Naomh. Thugadar triúr an oíche ag paidreoireacht. Nuair a d’éirigh an ghrian ar maidin d’fhéach an naomh ar an maide. Bhí féar ag fás ar bharr an mhaide. D’éirigh sé amach as an uisce, d’fhág slán acu agus d’fhill abhaile ar an sáipéilín.

Agus maidir leis na bithiúnaigh, tá sé ráite go bhfuilid fós i lár na habhann agus iad ar a ndícheall ag paidreoireacht.





Guth: Aoife Ní Chonchúir
Bhí rí fadó ann agus bhí saibhreas agus ollmhaitheas an tsaoil aige. Ach, cén chabhair é, ní raibh an tsláinte go maith aige, agus tá sé ráite riamh, is fearr an tsláinte ná na táinte. Ní raibh luibh ná lia ag déanamh aon leigheas do.

Ar deireadh tháinig dochtúirí na tíre go léir le chéile agus chuadar i gcomhairle le chéile. Dheineadar amach dá mbainfí ae amach as garsúinín deas cliste agus é a chur isteach in ionad an ae a bhí sa rí go dtagadh an tsláinte thar n-ais chuige.

‘Sea, cuireadh gairm scoile amach féachaint an bhfaighfí garsúinín cliste a bheadh oiriúnach don gcúram a bhí idir lámha acu. Ar deireadh thiar aimsíodh an garsúinín, garsúinín gleoite agus chuathas go dtína mhuintir. Agus bhíodar á mhealladh, gan dabht. Bhíodar beo bocht. Ní raibh lí na lé ag na créatúirí.

Ar deireadh thiar bhíodar toilteanach an garsúinín a thabhairt dóibh ar airgead maith.

Sea. Díoladh an garsúinín leo agus tháinig an lá go raibh an garsúinín le cur chun báis chun an t-ae a thógaint as le cur sa rí. Bhí gach éinne ullamh.

Fiú amháin bhí an crochaire gaid ullamh chun an bheart a chur i gcrích. Agus bhí an garsúinín ina sheasamh lena dtaobh. Bhí an rí ag faire orthu agus nuair a tháinig an t-am go raibh sé le crochadh d’fhéach an garsúinín in airde ar an spéir agus dhein sé scairteadh mór gháire.

“Fóill ar bhur láimh anois,” arsa an Rí, “caithfear ceist a chur ar an ngarsún cad é a scéalsa.”

Sea, cuireadh ceist ar an ngarsúinín agus fiafraíodh de:

“Conas gur ag gáirí atá tusa agus tú le cur chun báis ar an spota? Ná ba dhóigh le duine gur ag gol a bheifeá?”

“Ó, ní hea,” ar seisean, “níl aon chúrsaí goil agamsa. Táimse díolta ar shaibhreas saolta agem’athair agus agem mháthair chun go mbeadh saol breá acu as so amach. Tá an rí toilteanach mise a chuir chun báis, nach fiú aon ní mé chun go gcasfadh a shláinte air féin.”

“Tá an crochaire gaid anso ina sheasamh agus é sásta chun an bheart a chur i ngníomh, agus cad is dóigh libh? Ní díon domsa éinne ach Dia na Glóire agus is leis sin a bhíos ag gáirí mar is gearr go raghaidh mé ina láthair.” Leis sin stop an Rí iad, agus dúirt, “Tugaigí chugam an garsúinín sin’ ar seisean.

Tháinig an garsúinín i láthair an Rí.

“Bhuel, anois” ar seisean, “is fearr liomsa mo bhás féin ná do bhás-sa agus táimse sásta bás d’fháil agus tá ana-áthas orm labhairt le do leithéid do gharsúinín cliste dea-mheabhrach, grástúil.”

Agus mar sin a bhí. Thug sé ualach airgid don ngarsúinín. Tháinig an Rí abhaile agus chas a shláinte air agus bhí sé chomh maith is a bhí sé riamh as san amach.





Guth: Sinéad Ní Mhuircheartaigh
Bhí feirmeoir ina chónaí in Imleach Slat in Iarthar Dhuibhneach uair amháin. Seán Ó hAiniféin ab ainm dó.

Bhí lios i gceann desna páirceanna ag Seán agus dhein sé deimhin de gan aon díobháil a dhéanamh dó.

Gach lá nuair a chrúdh Seán na ba thagadh bó nó gamhain nó muc nó rud éigin an treo a doirteadh an bainne.

Lá amháin agus é ag seoladh na mbó chuala Seán leanbh ag gol istigh sa lios.  “Ó éist,” arsa pé duine a bhí ag tabhairt aire dó, “tá na ba ag dul abhaile anois agus beidh flúirse bainne agat láithreach”.

Thiomáin Seán leis abhaile agus nuair a bhí na ba crúite aige doirteadh an bainne arís.

Lá arna mháireach chuaigh Seán go béal an leasa san áit a raibh an leanbh ag gol agus labhair sé.  “Féach,” ar seisean, “is féidir libh ceann de na buaibh a thabhairt libh agus í a chrú maidin agus tráthnóna ach ná cuirigí isteach ar an gcuid eile den bhainne.”

Bhí go maith is ní raibh go holc.

Bhíodh an bhó crúite maidin is tráthnóna agus ní chuirtí isteach beag ná mór ar an gcuid eile den mbainne.

An tseachtain dár gcionn bhí an cíos ag glaoch ar Sheán ach ní fhéadfadh sé é a dhíol. Bhí na báillí ag teacht lá arna mháireach.

An oíche roimh ré chuaigh Seán bocht go béal an leasa arís agus labhair go truamhéileach.

“Tá na báillí chun teacht amáireach agus imeoidh bó an linbh agus ní bheidh aon bhraon bainne ansan aige.”

Ní bhfuair sé aon fhreagra.

An lá dár gcionn tháinig na baillí ach dá mbeidís ann fós ní fhéadfaidís na ba a thiomáint amach as gort an leasa. Nuair a thagaidís go dtí an mbearna rithidís go barra an ghoirt arís, agus bhíodar ag imeacht mar sin gurbh éigean do na báillí iad a fhágaint ina ndiaidh.

Níor tháinig aon bháille i ngiorracht scread asail do Sheán Ó hAiniféin as san amach.

Go raibh maith agaibh.





Guth: Aoife Ní Chonchúir
Bhí luch ag maireachtaint go breá di fhéin fé stumpa do chrann. An lá seo [so] ach go háirithe, ghlan sí suas a tigh go gasta néata mar go raibh a cara luch na cathrach ag teacht ar a tuairisc.

D’ullmhaigh sí béile breá deas comónta, cúpla cnó, cúpla caor agus gráinne deas coirce.  Shuigh sí síos di fhéin ag cogaint agus ag baint sásamh as an gciúnas agus súp go cluasa uirthi.

Ní fada ná go dtáinig a cara agus í gléasta i síodaí agus róbaí, hata aoibhinn dearg, scairf fhada buí agus cad é práisléidí agus fáinní, an faisean is déanaí a dhalta, an dtuigeann tú.

Cé go raibh ana-chion aici ar a cara luch na cathrach, cheap sí go raibh sí ábhairín ardnósach inti féin [fhéin] ach beatha dhuine a thoil.

Siúd leo isteach sa pholl agus dúirt luch na tuaithe gur thúisce deoch ná scéal agus thug braon beag uachtair dá cara. Ach mo léan chuir luch na cathrach smuilc uirthi féin agus dúirt sí go raibh uachtar olc don gcroí.  A leithéid do ráiméis!

Shuíodar chun boird ach go háirithe agus mar a raibh seanabhlas ag luch na cathrach ar an mbéile a bhí roimpi, ní lá fós é. Chuir sí a caincín san aer agus dúirt sí nach raibh aon ocras uirthi agus go mbeadh chomh maith ag luch na tuaithe an ciúnas a dh’fhágaint ar feadh tamaill agus teacht ina tenant chun na cathrach.  Bhí leisce agus doicheall ar an luch bhocht ach bhuail sí bos agus away leo.

lontas na n-iontas, an glór, an fuirse agus na héinne (gach éinne) ag dul trasna ar a chéile.

Bhí sceimhle i gcroí luch na tuaithe. Bhí sí ag feiscint a scáth ins na haon (gach aon) chúinne a chas sí, agus bhí sé déanta amach aici ná raibh meas dá laghad ar a cara sa tigh seo, go mór mhór nuair a chonaic sí go raibh cat mór dubh á shearradh fhéin sa chistin agus é ann d’aonghnó glan.  I lár na hoíche thugadar cuairt ar sheomra an bhídh.  Bhí na haon saghas císte ansúd ós a gcomhair amach. Thosnaíodar ag ithe agus ó, an blas breá! Ach más ea cé a rith isteach ach an cat mór dubh agus thug fúthu.

Ritheadar lena n-anam agus is ar éigean a bhaineadar an poll amach.  Bhí pian ina mbolg acu ag na cístí milse go léir.  Bhí luch na tuaithe ag fáilt saghas eaglach agus dúirt sí lena cara ná raibh aon chuimhneamh fén spéir aici féin oíche eile a thabhairt fé dhíon amháin lena namhaid, agus chomh maith leis sin ná raibh an bia folláin, go raibh tinneas boilg uirthi.

Leis sin d’fháisc sí a cara lena croí agus as go brách léi go dtí a tigín fhéin fén dtuath agus mar a chaith sí an chuid eile dá saol go breá di féin.





Guth: Aoife Ní Chonchúir